Blúiríní: Iomadú ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna: Iomadú + Fochlibeanna: Default Adhmadóireacht Buaircín Críostaíocht Foraoiseacht Gnáthóg Iomadú Scaipeadh Síolta Toradh Stádas: Dúchasach + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Tréithe Iomadú Ceimiceáin Úsáid Garraíodóireacht An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is furasta do shaileacha iomadú — ní gá ach géag shailí a shá sa talamh agus déanfaidh sí crann nua in achar gearr ama. Is é an ceimiceach aigéad indole-3-butyric (IBA) is cúis leis seo, agus tá go leor de i gcoirt na saileach. Is hormón é seo a dhíoltar in ionaid gharraíodóireachta mar shubstaint spreagtha fréamhacha. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú An tIúr Taxus baccata Tá an t-iúr dé-éiciach — fásann bláthanna (tugtar cóin orthu) fireanna agus baineanna ar chrainn dhifriúla. Tá fianaise ann go bhfuil crainn iúir in ann gnéas a athrú. Tá craobhacha d'iúr Fortingall, crann fireann go dtí le deireanaí, anois ag fás bláthanna baineanna agus torthaí. Blúiríní an phlanda seo → Iomadú An Donnroisc Prunus padus Cosúil le go leor silíní eile, cuireann an donnroisc meatháin aníos go rialta, as a bhfásann crainn nua leis an gcomhdhéanamh géiniteach céanna, agus is minic a fheictear é ag fás i gclampaí móra, clónacha. Blúiríní an phlanda seo →