Blúiríní: Géaga ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Sainaithint + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna: Géaga + Fochlibeanna: Sainaithint Aral Bachlóga Bláth Buaircín Capsúl Coirt Deilgní Duilleog Géaga Stípeoga Toradh Stádas: Dúchasach + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Sainaithint Géaga An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Nuair a bhaintear an choirt de ghéag ar an tsaileach rua (nó an tsaileach liath) feictear stríoca ar dhromchla nochtaithe na ngéag. Ní bhíonn na stríoca seo le feiceáil sa tsailchearnach, crann atá an-chosúil leis an tsaileach rua agus an tsaileach liath. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Coirt Géaga An tSailchearnach Salix caprea Cé go bhfuil an tsailearnach agus an tsaileach rua (Salix cinerea) an-chosúil lena chéile, tá bealach ann chun iad a aithint ón chéile sa ngeimhreadh. Ní bhíonn stríoca ag rith síos fad na ngéag nuair a bhaintear an choirt den tsailchearnach—bíonn stríoca le feiceáil ar adhmad na sailí rua. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Géaga An Fhuinseog Fraxinus excelsior Is minic go mbíonn deireadh na ngéag cuartha suas ar an bhfuinseog, tréith atá uathúil don chrann seo, agus bealach eile éasca chun an fhuinseog a aithint sa ngeimhreadh. Blúiríní an phlanda seo →