An Péine Albanach
Pinus sylvestris
Is iomaí caidreamh míciríosach le fungais san ithir a bhíonn ag an bpéine Albanach a phéacann go nádúrtha i ngnáthóg fheiliúnach. Cabhraíonn an cónascadh seo leis na crainn flúirsiú má shocraítear na caidrimh sin luath i saolré an chrainn. Ní amhlaidh a bhíonn sé seo le crainn a cheannaítear i bplandlann, agus is minic nach mbíonn rath orthu dá bharr.