An tAiteal
Juniperus communis
Cé gur buaircíneach atá san aiteal, breathnaíonn na buaircíní an-chosúil le caora cosúil le hairne an draighin. Ach má bhreathnaítear go grinn orthu, is féidir rian scálaí na mbuaircíní a fheiceáil ar an toradh. Tá na scálaí seo an-fheiceálach sna buaircíneacha atá ag cufróg Monterey nó an chróngiúis (Sequoia sempervirens), atá sa bhfine chéanna leis an aiteal. Bíonn buaircíní na mbuaircíneach eile bog agus feolmhar luath sa timthriall forbartha, ach athraíonn siad adhmadach de réir a chéile. Fanann buaircín an aitil bog.