Blúiríní: Iomadú ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Tréithe + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna: Iomadú + Fochlibeanna: Tréithe Airde Aois Apaimiscis Aral Atáirgeadh Bachlóga Bláth Boladh Bratóga Buaircín BVOC Caitíní Ceimiceáin Clórafil Coirt Cuma Dearcán Deilgní Duilleog éin Fosú Nítrigine Fréamhacha Hibrid Iomadu Iomadú Loscadh Meas Meatháin Nimh Pailniú Ráta Fáis Riosóim Scaipeadh Síolta Síorghlas Stoc Toradh Tréithe Uasfhásmhar Stádas: Dúchasach + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Tréithe Iomadú Ceimiceáin Úsáid Garraíodóireacht An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is furasta do shaileacha iomadú — ní gá ach géag shailí a shá sa talamh agus déanfaidh sí crann nua in achar gearr ama. Is é an ceimiceach aigéad indole-3-butyric (IBA) is cúis leis seo, agus tá go leor de i gcoirt na saileach. Is hormón é seo a dhíoltar in ionaid gharraíodóireachta mar shubstaint spreagtha fréamhacha. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú An tIúr Taxus baccata Tá an t-iúr dé-éiciach — fásann bláthanna (tugtar cóin orthu) fireanna agus baineanna ar chrainn dhifriúla. Tá fianaise ann go bhfuil crainn iúir in ann gnéas a athrú. Tá craobhacha d'iúr Fortingall, crann fireann go dtí le deireanaí, anois ag fás bláthanna baineanna agus torthaí. Blúiríní an phlanda seo → Iomadú An Donnroisc Prunus padus Cosúil le go leor silíní eile, cuireann an donnroisc meatháin aníos go rialta, as a bhfásann crainn nua leis an gcomhdhéanamh géiniteach céanna, agus is minic a fheictear é ag fás i gclampaí móra, clónacha. Blúiríní an phlanda seo →