Blúiríní: Neamhdhúchasach ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Stádas: Neamhdhúchasach + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Éiceolaíocht Ionrach Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Is sna 1980idí agus 1990idí a thosaigh tor an fhéileacáin ag scaipeadh in Éirinn. I 1996 ní raibh tor an fhéileacáin an-coitianta ach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach tá sé le feiceáil ag fás ar fud na tíre anois. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí éin Beacha Féileacáin Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tá droch-cháil ar an seiceamóir in Éirinn mar gur crann neamhdhúchasach é ach cuireann an crann bia ar fáil do raon leathan feithidí agus éan. Itheann bratóga na duilleoga, éin na síolta, feithidí an choirt, agus meachain agus pailneoirí eile neachtar na mbláthanna. Déanann éin neadracha sna craobhacha, agus déanann bóíní Dé, féileacáin agus ciaróga baile dóibh féin sa gcrann, freisin. Fásann fungais dhifriúla in adhmad lofa an tseiceamóra, chomh maith. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Leigheas An Fhiúise Fuchsia magellanica Is ainmnithe don dochtúir Gearmánach agus saineolaí ar úsáid plandaí sa leigheas, Leonhart Fuchs (1501-1566), atá an fhiúise (cé nach bhfaca sé fhéin an planda riamh). Is tagairt do Chaolas Magellan, atá in aice le ceantar dúchais an phlanda, é magellanica. Blúiríní an phlanda seo → Stair An Fheá Fagus sylvatica Cé go bhfuil an fheá ag fás i ndeisceart na Breataine le timpeall 5,000 bliain, ní crann í a tháinig go hÉirinn go nádúrtha. Ní fios cén uair ar tugadh an fheá isteach go hÉirinn, ach b’fhéidir gur tháinig sí leis na Normanaigh, dream a bhí eolach go maith faoin gcrann. Bhí an-tóir ar an gcrann anseo, cuireadh go forleathan í, agus tá sí anois nádúraithe in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ionrach Bagairt An Róslabhras Rhododendron ponticum Is obair dhaor, fhada í an ruaig a chur ar an róslabhras ón gceantar ina bhfuil sé imithe as smacht. Is furasta crainn óga a tharraingt as an talamh de láimh, ach déantar crainn níos sine a tharraingt ag úsáid innealra. Fásann sé ar ais arís má ghearrtar é, agus caithfear teacht ar ais chuig an suíomh go minic ina dhiaidh sin chun na crainn óga a phéacann ó shíolta a bhaint. Blúiríní an phlanda seo → ornáideach Stair An Fheá Fagus sylvatica Is saothróg den fheá í an fheá rua (Fagus sylvatica purpurea), ar a bhfásann duilleoga corcra nó deargdonn. Tá sé thar a bheith neamhghnáthach ceann a fheiceáil ag fás go fiáin, agus is ó ghearrthóga de thrí chrann-ceann ó 1680 san Eilvéis, ó 1722 sa nGearmáin, agus ó 1840 san Iodáil-a thagann formhór na bhfeánna rua atá ag fás sa domhain inniu. Cé go bhfuil sceacha le duilleoga corcra coitianta in Éirinn, tá an fheá rua ar an bplanda is mó a bhfuil duilliúr corcra aici. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois An Leamhán Mion Ulmus minor Is crainn arda, dhuillsilteacha iad na leamháin atá in ann idir 30-40 m in airde a bhaint amach i gcoinníollacha fabhracha. Is crainn fhadsaolacha iad freisin. Deirtear gurbh iad na leamháin (ceaptar gur leamháin mhiona a bhí iontu) i gCaisleán Bhinn Éadair, a cuireadh sna 1590idí, na crainn neamhdhúchasacha ba shine in Éirinn, go dtí gur gearradh iad am éigin go luath sa 20ú haois. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Gabhrán Clematis vitalba Ní planda dúchasach é an gabhrán, ach éalaitheach gairdín. Cé gur in oirthear agus i ndeisceart na tíre is mó a fhásann sé faoi láthair, tá an planda seo ag scaipeadh in Éirinn. Tá tréithe ionracha ag an bhféith seo, agus glacann sé seilbh iomlán ar na gnáthóga seo má scaoiltear leis. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol Cruit Fidil An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Glacann adhmad an tseiceamóra go maith le gal-lúbadh, agus chuige sin is adhmad maith é chun veidhlíní a dhéanamh, i measc uirlisí ceoil eile. Cé gur iondúil go n-úsáidtí adhmad na saileach (Salix spp.) chun cruiteanna a dhéanamh, is as an seiceamóir atá cláirseach ársa a chas Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin déanta. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An Mhailp Acer campestre Ní cheaptar go bhfuil an mhailp dúchasach in Éirinn, cé go bhfuil sí ar an oileán le roinnt céadta de bhlianta, mar atá cineál de mhailp eile, an seiceamóir (Acer pseudoplatanus). Ach, murab ionann agus an seiceamóir, níl an mhailp an-fhairsing in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Toradh Samár An Mhailp Acer campestre Bíonn scáil dhearg ar shíolta na mailpe, a bhíonn i bpéirí agus ailínithe ar aghaidh a chéile ag 180° (is i gcruth ‘V’ a bhíonn na síolta ar an seiceamóir). Scaiptear sa ngaoth iad sa bhfómhar agus péacann siad tar éis 18 mí. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Ionrach An Róslabhras Rhododendron ponticum Tá an róslabhras in ann fás faoi sholas na gréine agus faoi scáth chrainn eile, seachas crainn mhóra bhuaircíneacha. Is go mall a fhásann plandaí óga ar dtús, ar stoc amháin. Tar éis 10 mbliana éiríonn an planda ilstocach agus, má bhíonn go leor plandaí ag fás in aice le chéile, leathnaíonn siad amach go dtí go bhfuil an áit clúdaithe leo agus plúchann siad plandaí dúchasacha. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Nádúraithe An Fhiúise Fuchsia magellanica Is iad an tSile agus an Airgintín ceantar dúchais na fiúise agus tháinig sí isteach go hÉirinn go luath san 19ú haois ag am a raibh go leor plandaí ag teacht isteach ó chuile cheard den domhan. Feileann aeráid bhog, mheasartha na tíre don sceach agus tá sí nádúraithe in Éirinn. Tá sí an-choitianta ar chósta an iarthair agus an iardheiscirt ach go háirithe. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois An Castán Castanea sativa Is crainn fhadsaolacha iad na castáin. Is féidir leo maireachtáil ar feadh 700 bliain, agus tá aois cuid acu ársa. Tá castán ar shliabh Etna na Sicile atá idir 2,000 agus 4,000 bliain d’aois, agus tá imlíne an stoic beagnach 59m. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Coirt An Fheá Fagus sylvatica Is dath liath nó dath an airgid a bhíonn ar choirt na feá agus is furasta an speiceas a aithint sa ngeimhreadh ó chrainn mhóra dhuillsilteacha eile amhail an fhuinseog (Fraxinus excelsior) nó na daracha (Quercus spp.) mar go mbíonn coirt na feá an-mhín—ní thagann scoilteanna ann le haois, fiú i gcrainn lánfhásta. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Aircéifít An Saighleánach Salix viminalis Ceaptar go raibh an oiread sin tóir ar an saighleánach mar acmhainn chaoladóireachta gur thug daoine go hiarthar na hEorpa é, óna cheantar dúchais sa Rúis, san aimsir réamhstairiúil. Is aircéifít é in Éirinn - tugadh isteach go hÉirinn é am éigin idir thús na haoise neoilitigh agus 1500 AD. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Fásfaidh an seiceamóir i ngach cineál créafóige. Tá sé ar cheann de na crainnte neamhdhúchasacha is cruaite, agus ní chuireann mórán galar as dó ach an oiread. Tá sé in ann gaoth láidir agus sáile a sheasamh, agus tá sé ar cheann de bheagán crann a fhásann go maith ar chósta feannta an iarthair. Blúiríní an phlanda seo → Leigheas Caoladóireacht Créachtaí Inite Mil An Castán Castanea sativa Bhíodh an-tóir ag na Rómhánaigh ar mhil ó neachtar an chastáin, agus d’úsáidtí é chun cóireáil leighis a chur ar chréachtaí agus ar dhó craicne. Blúiríní an phlanda seo → Spraoi Éiceolaíocht Toradh Samár Scaipeadh Síolta An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Titeann na síolta go talamh sa bhfómhar, ag síorchasadh sa ngaoth agus iad ag titim. Má bheireann an ghaoth orthu i gceart, is féidir leo titim i bhfad ón gcrann. Go hiondúil, is i bhfoisceacht de 200 m den chrann a bhuailfidh siad an talamh, ach i gcásanna áirithe, is féidir leo taisteal go 4 km ón gcrann. Bíonn an-spraoi ag gasúir leis na síolta sciathánacha seo. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis Go stairiúil, dhéantaí cléibh, ciseoga, ciseáin, potaí gliomaigh, agus neart rudaí eile le géaga ó shaighleánaigh. Cé gur mó éilimh a bhí ar an saighleánach i gceird na caoladóireachta, bhaintí úsáid as an gcoll, as fraoch, nó fiú as driseacha mura mbeadh an dara rogha ag an gcaoladóir. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Balla Contoneaster horizontalis Breathnaítear ar an gcainchín balla mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca (bíonn an-tóir ag éin sna torthaí dearga) agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Blúiríní an phlanda seo → Stair Seanchas An Castán Castanea sativa Tá seanchas sa mBreatain agus in Éirinn faoin Armáid Spáinneach agus an castán. Bhíodh na cnónna castáin ag mairnéalaigh Spáinneacha leis an ngalar scorbha a sheachaint. Deirtear gur ó phócaí mairnéalaigh Spáinneacha a tógadh na cnónna as a d’fhás na castáin i Croft Castle, i Herefordshire Shasana, agus gur leagtha amach mar a bhí na báid Spáinneacha agus iad ar an ionsaigh atá na crainn curtha ansin. Deirtear freisin gur ó chnó castáin, a bhí curtha le mairnéalach Spáinneach a bhí san Armáid agus a bádh amach ó chósta na hÉireann, a d’fhás castán aitheanta eile i reilig Charn an Chaistil, Co. Aontroma. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bláth Pailniú Feithidí An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is bláthra pirimidiúla (panacail) a fhásann go ceartingearach ar chraobhacha an chrainn cnó capaill. Bíonn dath bán orthu, seachas gur dath buí a bhíonn ar bhun na bpeiteal. Nuair a phailníonn feithidí iad athraíonn an píosa seo ón dath buí go dath dearg. Is comhartha é seo go bhfuil an bláth pailnithe, agus mar sin bogann na feithidí ar aghaidh go dtí an chéad bhláth eile. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Géaga An tSaileach Bhriosc Salix x fragilis Murab ionann agus saileacha eile, is furasta na géaga a bhriseadh den tsaileach bhriosc — ceaptar gur ón tréith seo a fuair an crann an t-ainm Gaeilge, an t-ainm Béarla, agus an t-ainm eolaíoch (fragilis). Thugtaí sail na mbaintreach ar an tsaileach bhriosc i Sasana, mar go raibh sé de nós ag géaga an chrainn titim anuas ar fhir chéile gan aon fhógra. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bláth Raicéim Samár An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tagann raicéimí de bhláthanna buíghlasa, a chrochann anuas ón ngéag, ar an seiceamóir i mí Aibreán. Pailníonn feithidí iad—bíonn iliomad meachain faoin gcrann ag tús an tsamhraidh. Is samáir (síolta beaga sciathánacha) iad na torthaí agus bíonn go leor ar gach crann - d’fhéadfadh gach go mbeadh 30 toradh ar gach raicéim, agus os cionn 800 raicéim ar gach crann. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Síolta Toradh Meatháin Ionrach An Róslabhras Rhododendron ponticum Iomadaíonn an róslabhras trí shíolta a scaipeadh nó le meatháin, a thagann aníos ó rútaí faoi thalamh. Tá róslabhras amháin in ann os cionn 1,000,000 síol a ghiniúint in aghaidh na bliana. Tá na síolta ar na cinn is lú agus is éadroime atá ag aon phlanda, agus scaipeadh sa ngaoth iad. Is iondúil go scaiptear go 100 m iad ón bplanda, ach is féidir leo scaipeadh 1 km ón bplanda i gcoinníollacha fabhracha. Scaiptear na síolta in uisce freisin, agus is féidir leo greamú go héasca ar fhionnadh ainmhithe agus ar éadaí dhaoine. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Fhearnóg Iodálach Alnus cordata Is sna duilleoga is mó gur féidir na difríochtaí a fheiceáil idir an fhearnóg choiteann agus an fhearnóg Iodálach. Bíonn dromchla uachtarach dhuilleoga na fearnóige Iodálaí lonrach agus bíonn dath glas geal orthu — i gcodarsnacht le dath neamhlonrach, níos dorcha na fearnóige coitinne. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Beacha Robáil An Fhiúise Fuchsia magellanica Is dordéain a phailníonn na fiúise ina ceantar dúchais, ach is meachain agus feithidí eile a bhíonn sa tóir ar neachtar an phlanda in Éirinn. Uaireanta robálann bumbóga an neachtar—déanann siad poll sa mbláth agus diúlann siad an neachtar gan teagmháil ar bith a dhéanamh leis an bpailin. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Bachlóga An Fheá Fagus sylvatica Is géaga tanaí a bhíonn ar an gcrann, agus bíonn bachlóga na nduilleog fada agus biorrach. Is dath deargdhonn a bhíonn orthu sa ngeimhreadh. Blúiríní an phlanda seo → Leigheas Frithdhúlagrán Lus Buí Mhanannáin Hypericum calycinum Maítear, ó thurgnaimh a rinneadh ar lucha, go bhfuil éifeacht frithdhúlagráin ag lus buí Mhanannáin atá chomh láidir le luibheanna Eoin Baiste eile, amhail lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum), agus go bhféadfaí é a úsáid go teiripeach i ndaoine. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An Leamhán Mion Ulmus minor Cé go ndéantar tagairt go minic don leamhán coiteann/gallda (Ulmus procera) mar speiceas ann féin, níl sa gcrann sin ach cineál ar leith den leamhán mion. Go deimhin, is clón é a thug na Rómhánaigh go Sasana, agus d’eascair gach crann den chineál sin ó ghearrthóga, a tógadh sa deireadh thiar ón mbunchrann sin, 2,000 bliain ó shin. Cé go dtáirgeann an leamhán gallda pailin, ní bhíonn na síolta inmharthana agus ní féidir leis iomadú. Is mar gheall ar an éagsúlacht íseal ghéiniteach sna crainn seo a raibh an leamhán leochaileach don ghalar Dúitseach leamhán. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Féileacáin Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Bíonn boladh láidir ó bhláthanna thor an fhéileacáin a mheallann feithidí, go háirithe féileacáin, chun iad a phailniú. Is mar gheall air seo a thugtar tor an fhéileacáin air. Blúiríní an phlanda seo → Stair Dáileadh An Róslabhras Rhododendron ponticum Cé go mbreathnaítear air mar phlanda neamhdhúchasach, bhí an róslabhras dúchasach in Éirinn sa tréimhse idiroighreach Hocsnach, idir 424,000 agus 374,000 bliain ó shin. Is léiriú é seo ar stair chasta luibheolaíochta na hÉireann. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois An Fheá Fagus sylvatica Is minic go mbreathnaíonn an fheá níos sine ná mar atá sí i ndáiríre. Ní crann fadsaolach í, in ainneoin go bhfuil sí sa bhfine chéanna leis an dair, crann atá in ann 1,000 d'aois bliain a bhaint amach. Is iondúil nach maireann an fheá níos faide ná 150-300 bliain, agus go hiondúil timpeall 200 bliain in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth Ainmneacha An Fhiúise Fuchsia magellanica Bláthaíonn an fhiúise ar feadh tréimhse fhada—ó thús an tsamhraidh go tús an gheimhridh—agus bíonn go leor bláthanna ar an bplanda ag aon am amháin. Tugtar milíní ar na bláthanna (ach uaireanta is tagairt í seo don phlanda iomlán). Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Aifidí An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Maireann an aifid bheag ghlas, Drepanosiphum platanoidis ar dhuilleoga an tseiceamóra. Is iad is cúis leis an drúichtín meala greamaitheach a bhíonn ar na duilleoga. Cé gur feithidí beaga iad, d’fheadfadh dhá mhilliún de na míolta beaga a bheith ag maireachtáil ar aon chrann amháin. Blúiríní an phlanda seo → ornáideach An Fhearnóg Iodálach Alnus cordata Cuirtear an fhearnóg Iodálach go minic i ngairdíní, áit a bhfuil níos mó tóir air mar chrann ornáideach ná mar atá ar an bhfearnóg dhúchasach. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth Panacail Éiceolaíocht Toradh éin An Pribhéad Calafoirniach Ligustrum ovalifolium Is iad na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla, an chuid is suntasaí den phribhéad Calafoirniach. Bíonn boladh láidir uathu nuair a thagann siad amach sa samhradh. Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar. Tá siad nimhneach do dhaoine, cé go n-itheann éin iad. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis D’úsáidtí géaga solúbtha na saileach in go leor ceirdeanna difriúla—caoladóireacht, déantúsaíocht troscáin, chun currachaí a dhéanamh, agus go leor eile. Dhéantaí rópaí as coirt na saileach freisin. Thugtaí gad ar an rópa a dhéantaí as an saileach. Ba iad an saighleánach, an tsaileach chorcra, an tsaileach bhriosc, saileach na dtrí bhall, agus an tsaileach bhán is mó a d’úsáidtí don obair seo.[Tá rian na dtraidisiún so fós le feiceáil sna cineálacha saileach seo atá fós ag fás ar thaobh an bhóthair, i ngarrantaí, agus ar bhruacha aibhneacha. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair Tréithe Airde An tSaileach Bhán Salix alba Tá an tsaileach bhán ar an saileach (crann sa ngéineas Salix) is mó agus is airde—fásann sí chomh hard le 25m. Níl sí dúchasach in Éirinn. Ceaptar gur núíosach í—is é sin, gur tháinig an crann ar an oileán tar éis 1550 AD. Blúiríní an phlanda seo → Seanchas Leigheas neascóidí An Fheá Fagus sylvatica Is beag béaloidis a bhaineann leis an bhfeá. Bheifeá ag súil go mbeadh sé seo amhlaidh in Éirinn, mar gur le déanaí a tháinig an crann chuig an oileán seo. Ach tá sé seo fíor freisin sa mBreatain, áit a raibh an crann leis na mílte bliain. Seachas go mbaintí úsáid i Sasana as na bachlóga duilleoige le cóir leighis a chur ar neascóidí nó fíocais, níl aon taifead eile d’úsáid na feá mar leigheas ar na hoileáin seo. Blúiríní an phlanda seo → ornáideach Dáileadh Lus Buí Mhanannáin Hypericum calycinum Saothraítear lus buí Mhanannáin mar phlanda ornáideach, ach fásann sí sa bhfiántas freisin, ar bhruachanna faoi scáth, go hiondúil san oirdheisceart agus san oirthuaisceart. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Thugtaí torthaí an chrainn cnó capaill do chapaill, agus deirtear gur as sin a tháinig ainm an chrainn. Ach má bhreathnaítear go géar ar an lorg duille ar na craobhacha, feicfear go bhfágann an duilleog, a thiteann ón ngéag sa bhfómhar, lorg crú capaill ar an gcraobh, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is é an baictéar Pseudomonas syringae pv aesculi is cúis leis an gcancar sceite atá ag déanamh scrios ar chrainn cnó capaill ar fud na hEorpa, agus Éireann san áireamh. Tagann leacht dorcha amach as stoc na gcrann a bhíonn ag fulaingt leis an ngalar marfach seo. Blúiríní an phlanda seo → Spraoi Neachtar An Fhiúise Fuchsia magellanica Téann gasúir sa tóir ar neachtar an bhlátha (ní gá ach an feadán os cionn na seipil dhearga a bhrú le go dtitfidh an neachtar amach). Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Marcescence An Fheá Fagus sylvatica Coinníonn an fheá a cuid duilleog feoite ar an ngéag sa ngeimhreadh. Tugtar marcescence ar an tréith seo agus tá sé ag na daracha dúchasacha freisin. Is í seo an chúis a chuirtear an fheá go minic mar fhál. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Cnó An Fheá Fagus sylvatica Is i bpéirí a fhásann bláthanna baineanna na feá, agus iad timpeallaithe ag tiomchla. Éiríonn an tiomchla adhmadach tar éis don ghaoth na bláthanna a phailniú, agus clúdaítear na síolta i gcupúl—crotal spíonlach. Bíonn ceann nó péire de chnónna feá—síolta uilleannacha—istigh sna crotail spíonlacha. Tagann na cnónna chun aibíochta idir Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair, agus titeann siad i mí na Samhna. Blúiríní an phlanda seo → Leigheas Duilleog Fiabhras Creathach An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Úsáideadh duilleoga an chrainn cnó capaill chun fiabhras creathach a leigheas in Éirinn, ach seachas sin ní léir go raibh mórán úsáid eile ag muintir an oileáin seo don chrann mar chógas leighis. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol Fidil An Mhailp Lochlannach Acer platanoides Cosúil leis an mhailp (Acer campestre), úsáidtear adhmad na mailpe Lochlannaí chun uirlisí ceoil a dhéanamh. Ceaptar gur as adhmad na mailpe Lochlannaí nó as adhmad na mailpe (Acer campestre) a rinne Antonio Stradivari na hIodáile na veidhlíní cáiliúla sa 17ú agus 18ú haois (d’úsáid sé sprús freisin). Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tugtar Acer pseudoplatanus ar an seiceamóir san ainm eolaíoch mar go bhfuil cosúlachtaí idir dhuilleoga an tseiceamóra agus na duilleoga a bhíonn ar chrainn phlána atá sa ngéineas Platanus, cosúil le plána Londan (Platanus hispanica), crann atá fairsing in Éirinn. Tugann Meiricánaigh ’sycamore’ ar an gcrann, Platanus occidentalis, a fhásann i Meiriceá Thuaidh. Is 'sycamore’, freisin, a thugtar ar an Ficus sycomorus, crann figí a fhásann san Áis agus san Afraic. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Éiceolaíocht éin An Fhiúise Fuchsia magellanica Cé go gceaptar go bhfuil an cineál fiúise is coitianta atá in Éirinn aimrid, scaipeann sé go héasca trí mheatháin a chur aníos ó rútaí faoi thalamh. Mar go n-iomadaíonn an fhiúise go fásúil mar seo, fásann clampaí móra den sceach ar thaobh an bhóthair. Tugann sé seo deis d’éin cosúil le dreoilíní agus spideoga a gcuid neadracha a dhéanamh i dtearmann sábháilte. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ionrach An Róslabhras Rhododendron ponticum Ní mórán sceacha in Éirinn, seachas b’fhéidir an ghlúineach bhiorach, a dhéanann an oiread sin damáiste agus a dhéanann an róslabhras. Éiríonn go maith leis ar thalamh aigéadach in aeráid fhliuch, agus tá paistí móra den tír seo idéalach dá leithéid de phlanda. Fásann sé go tréan agus go tapa ar chréafóg aigéadach na tíre, agus tá sé anois tar éis ionradh a dhéanamh ar phortaigh agus ar mhóinteach. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Hibrid An Leamhán Mion Ulmus minor Ceaptar go bhfuil idir 20 agus 40 speiceas in Ulmus, géineas na leamhán, ach tá sé deacair theacht ar fhigiúr cruinn. Ní bhíonn sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir speicis éagsúla mar go bhfuil difríochtaí moirfeolaíochta idir crainn sa speiceas céanna mar gheall ar chúinsí tíreolaíochta agus timpeallachta. Le rudaí a dhéanamh níos casta, hibridíonn speicis dhifriúla de leamháin lena chéile go héasca. Blúiríní an phlanda seo → Inite Toradh Cnó An Castán Castanea sativa Tá na cnónna an chastáin inite—is foinse mhaith do vitimín B iad, agus tá siad ar cheann de bheagán cnónna ina bhfuil vitimín C iontu freisin. Itear na cnónna rósta go traidisiúnta le linn tréimhse na Nollag agus tá traidisiún láidir ann freisin na cnónna rósta a dhíol ar shráideanna chathracha na hEorpa nuair a bhíonn siad aibí. Blúiríní an phlanda seo → Seanchas Crann Ceirteach An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Cé gur fuinseoga agus sceacha geala a bhí i bhformhór na gcrann ceirteach in Éirinn, is seiceamóir a bhí sa gcrann ceirteach i gCluain Eidhneach, Co. Laoise. Dhearfadh duine paidir nó dhéanaidís mian a chur in iúl, sula gcrochtaí píosa d’éadach ar an gcrann. Ach tháinig athrú ar iompar an phobail agus in áit éadach a chrochadh ar an gcrann, bhíodar ag bualadh boinn inti sna 1990idí, nó gur bhásaigh an crann le nimhiú miotail in 1994. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis Is mar ábhar caoladóireachta is mó a bhaintí úsáid as an saighleánach, cé gur iomaí speiceas, hibrid, agus saothróg a d’úsáidtí, agus a úsáidtear fós, i gceird na caoladóireachta. Sampla de sin is ea an fine basket osier (Salix x forbyana), hibrid den tsaighleánach, an tsaileach rua agus an tsaileach chorcra. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Truailliú Fítileasúchán An Fhearnóg Liath Alnus incana Tá an fhearnóg liath agus an fhearnóg choiteann in ann fás i gcréafóg atá truaillithe ag miotail éagsúla. Tógann an crann na truailleáin isteach sna rútaí, agus ar an gcaoi seo ní éalaíonn siad isteach sa maoschlár. Baintear leas as an tréith seo chun talamh a bhí curtha ó mhaith ar chúiseanna éagsúla a mhíntíriú - tugtar fítileasúchán air. Mar shampla, cuirtear fearnóga ar thalamh a bhí in úsáid mar láithreán dramhaíola dó guail, nó ar thalamh a bhí loiscthe ag tinte foraoise. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis Is minic a dhéantar tagairt don tsaileach dhubh i dtaifid faoin gcaoladóireacht in Éirinn. Ní Salix myrsinifolia, speiceas annamh ar a dtugtar an tsaileach dhubh, atá i gceist anseo. Is tagairt í an tsaileach dhubh do na saileacha dúchasacha sin nach mbaintí úsáid rialta astu i gceird na caoladóireachta. Blúiríní an phlanda seo → Duilleog An tSaileach Bhán Salix alba Bíonn dath liathghlas ar na duilleoga lansacha a bhíonn ar an tsaileach bhán. Bíonn siad clúdaithe le ribí gruaige bána, go háirithe ar an taobh íochtarach den dhuilleog. Tugann na ribí gruaige seo cuma gheal nó bhán do na duilleoga agus don chrann, agus is mar gheall air seo a ghlaoitear an tsaileach bhán uirthi. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí Ceimiceáin An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Ceapadh i Sasana go gcuirfeadh na síolta a bhíonn ag an gcrann cnó capaill an ruaig ar fheithidí (leamhain agus damháin alla go háirithe). Freisin, d’úsáidtí na cnónna chun aicéatón a dhéanamh le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda. Dhéantaí coirdít, ábhar pléascach, as an aicéatón. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt Galar Fungas An Leamhán Mion Ulmus minor Is é an fungas Ophiostroma ulmi is cúis leis an nGalar Dúitseach Leamhán. Mharaigh sé 30% de leamháin na Breataine idir 1920 agus 1940 nuair a tháinig sé isteach ar adhmad a iompórtáladh chuig an oileán. Faoin am sin, bhí scrios déanta cheana fhéin ar leamháin na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Faoi na 1970idí, rinne an fungas éabhlóidiú go Ophiostoma novo-ulmi. Maraíodh os cionn 90% de leamháin ghallda na Breataine nuair a tháinig an fungas sin isteach sa tír. Blúiríní an phlanda seo → Stair ornáideach An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Tugadh an crann cnó capaill go dtí an Bhreatain ón Tuirc sa 16ú haois, agus uaidh sin tháinig sé go hÉirinn sa 17ú haois. Cé nach bhfuil aon luach eacnamaíoch ag adhmad bog an chrainn—loghann sé go tapa agus ní dhónn sé go maith—cuireadh go forleathan anseo é mar chrann ornáide, agus is i bpáirceanna agus in eastáit mhóra na tíre, chomh maith le gairdíní príobháideacha, is mó a fheictear an crann cnó capaill inniu. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Lonnaíocht Coill An Fheá Fagus sylvatica Bíonn an talamh i gcoillte feá faoi scáth ag ceannbhrat dlúth na nduilleog agus clúdaithe freisin ag cairpéad de dhuilleoga agus crotail fheoite na síolta. Ní mhaireann sna coinníollacha sin ach plandaí scáthfhulangacha. Le rudaí níos deacra a dhéanamh do phlandaí eile, súnn fréamhacha éadomhain na feá an t-uisce atá timpeall ar an gcrann. Mar nach bhfuil mórán plandaí eile in ann scáth na feá a sheasamh, ná dul in iomaíocht le fréamhacha éadomhain an chrainn chun uisce talún a fháil, is minic gurb í an fheá an t-aon speiceas de chrann a fhásann sa gcoillearnach. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Toradh Samár An Mhailp Lochlannach Acer platanoides Bíonn dhá shíol greamaithe le chéile ag an mhailp Lochlannach, agus fuadaítear iad sa ngaoth nuair a bhíonn siad aibí. Is i gcruth ‘V’ a bhíonn na síolta greamaithe, ach ní bhíonn an uillinn eatarthu chomh géar leis an gceann idir síolta an tseiceamóra (Acer pseudoplatanus). Mar chomparáid, is i líne dhíreach a bhíonn na síolta thoradh na mailpe (Acer campestre). Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Fhearnóg Liath Alnus incana Bíonn duilleoga ubhchruthacha le bior ar bharr na nduilleog ar an bhfearnóg liath, murab ionann agus an fhearnóg dhúchasach, a mbíonn duilleoga piorracha uirthi, le heang ar a mbarr. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Saothróg Duilleog An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Is dath glas dorcha a bhíonn ar an taobh uachtarach ar dhuilleog an tseiceamóra. Is iondúil go mbíonn siad níos gile ar thaobh íochtarach na duilleoige, ach tá saothróga ann (var. purpureum) a bhfuil dath corcra ar thaobh íochtarach na nduilleog. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog ornáideach An Pribhéad Calafoirniach Ligustrum ovalifolium Tá an pribhéad Calafoirniach curtha go fairsing i ngairdíní ar fud na tíre, agus faightear ag fás go fiáin é mar éalaitheach gairdín freisin. Is i gcruth na nduilleog is mó a fheictear an difríocht idir an pribhéad Calafoirniach (le duilleoga lonracha ubhacha) agus an pribhéad dhúchasach (le duilleoga neamhlonracha lansacha). Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Mion Cotoneaster microphyllus Is planda ionrach é an cainchín mion mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Tá sé ag scaipeadh sa mBoireann agus in áiteanna eile tar éis don phlanda éalú ó ghairdíní. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ball Tarra Truailliú Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Is minic go bhfeictear spotaí dubha ar dhuilleoga an tseiceamóra in Éirinn. Tugtar an tar spot fungus ar an bhfungas is cúis leo, Rhytisma acerinum. Ní dhéanann an t-ionfhabhtú seo dochar don chrann. Tá an fungas seo leochaileach do dhé-ocsaíd sulfair (SO₂), truailleán aeir a bhíonn coitianta i gceantair uirbeacha. Chuige sin, is níos minice a fheictear na spotaí dubh ar dhuilleoga an tseiceamóra i gceantair le haer glan. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Mil Nimh Leigheas Titimeas Craiceann An Róslabhras Rhododendron ponticum Tá nimh i neachtar an róslabhrais, ar a dtugtar grayanotoxin, atá in ann mil a thruailliú má bhailíonn meachain é. Tugtar mad honey ar an mhil, agus éiríonn daoine tinn (meadhrán, fís doiléir, vertigo, tinneas cinn, ag cur allais, lagú) má itheann siad é. Bhí a fhios ag daoine faoi sa gcianaimsir, agus bhí fios acu freisin gur chógas leighis a bhí ann do bhreoiteachtaí éagsúla—thitimeas agus breoiteachtaí craicne. Tá an mhil in ann meisce a chur ar dhaoine freisin agus tógtar sa Tuirc é mar dhruga áineasa, cé go bhfuil sí in ann a bheith marfach. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Pianmhúchán Frith-Athlastacha An tSaileach Bhán Salix alba Is í an tsaileach bhán is mó a sholáthar an ceimiceán salicin, pianmhúchan agus frith-athlastach, ach tá sé le fáil i ngach planda den ngéineas seo. Blúiríní an phlanda seo → Stair Uirlisí An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Aimsíodh lámh oirnéise déanta as adhmad an tseiceamóra i gContae na Mí, atá idir 1,400 agus 1,000 bliain d’aois. Ní fianaise é sin go raibh an seiceamóir ag fás in Éirinn, ach tá an seiceamóir in Éirinn le os cionn 400 bliain, mar go bhfuil fianaise ann go raibh siad ag fás i nDoire in 1610. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol Fidil An Mhailp Acer campestre Déantar uirlisí ceoil, cláirseacha agus veidhlíní ina measc (go háirithe cúil veidhlín), as adhmad na mailpe freisin. Ní fios go baileach cén speiceas de chrann a d’úsáid Antonio Stradivari chun a chuid veidhlíní clúiteacha, na stradivarii, a dhéanamh, ach is adhmad ó mhailp de chineál éigin a bhí ann—an mhailp nó an mhailp Lochlannach, ceaptar (chomh maith le hadhmad ó speicis eile crainn). Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Súdaireacht Fíoghual Spórt Leigheas Pianmhúchán An tSaileach Bhán Salix alba D’úsáidtí an tsaileach bhán ar fud na hEorpa chun pian a mhaolú mar gheall ar an salicin atá ann. Bhaintí úsáid as coirt an chrainn i gceird na súdaireachta freisin, agus dhéantaí fioghual as an adhmad an chrainn. Is as an gcineál saileach Salix alba var. caerulea a dhéantar an slacán cruicéid, chomh maith le huirlisí cistine agus canúnna. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Fréamhacha Stoirm An Fheá Fagus sylvatica Tá an fheá leochaileach do thriomach agus do ghálaí mar nach mbíonn fréamhacha domhain ag an gcrann. Bhí sí ar cheann de na líon beag speiceas de chrainn dhuillsilteacha a d’fhulaing le linn stoirm Éowyn in Eanáir 2025. Blúiríní an phlanda seo → Stair Seanchas An Castán Castanea sativa Tá dhá chrann castáin ag fás in áit ar a dtugtar Cranmore, ar Bhóthar Uí Mhaoileoin i ndeisceart Bhéal Feirste. Thugtaí Orange Grove ar an áit roimhe sin mar go ndeirtí go raibh na castáin atá ann chomh mór sin, in 1690, go raibh Liam Oráiste in ann foscadh a thabhairt dá chapaill fúthu. Ba leis an luibheolaí aitheanta, John Templeton (1766-1825), an suíomh ina dhiaidh sin. Bhí sé báúil do na hÉireannaigh Aontaithe agus d’athraigh sé ainm na háite ó Orange Grove go Cranmore (Crann Mór). Blúiríní an phlanda seo →