An tAiteal
Juniperus communis
Mar a thugann ainmneacha eile an chrainn—iúr creige agus biora leacra—le fios, fásann sé ar chréafóg thirim, alcaileach ar phábháil aolchloiche—in Árainn, sa mBoireann, i gContae na Gaillimhe, i dTír Conaill, agus i gContae Chiarraí.Tá sé le fáil freisin in ithir aigéadach ar fhánaí sléibhte i dtuaisceart Chonamara, agus ar charraigeacha eibhir Cheantar na nOileán, i ndeisceart Chonamara.