Bíonn an talamh i gcoillte feá faoi scáth ag ceannbhrat dlúth na nduilleog agus clúdaithe freisin ag cairpéad de dhuilleoga agus crotail fheoite na síolta. Ní mhaireann sna coinníollacha sin ach plandaí scáthfhulangacha. Le rudaí níos deacra a dhéanamh do phlandaí eile, súnn fréamhacha éadomhain na feá an t-uisce atá timpeall ar an gcrann. Mar nach bhfuil mórán plandaí eile in ann scáth na feá a sheasamh, ná dul in iomaíocht le fréamhacha éadomhain an chrainn chun uisce talún a fháil, is minic gurb í an fheá an t-aon speiceas de chrann a fhásann sa gcoillearnach.