An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
Is minic go mbláthaíonn sceacha den aiteann gallda faoi dhó sa mbliain. San Earrach, bíonn go leor bláthanna oscailte ar feadh tréimhse ghearr. Is bláthú níos faide a bhíonn i gceist leis an dara tréimhse bhláthaithe sa ngeimhreadh, ach bíonn níos lú bláthanna oscailte ar an sceach. Mar go mbláthaíonn plandaí difriúla ag amanna difriúla sa dara tréimhse seo, bíonn an chosúlacht air go mbíonn bláth ar an aiteann beagnach i gcaitheamh na bliana. Ceaptar gur straitéis iomadaithe é seo. Fanann na bláthanna oscailte ar feadh tréimhse níos faide sa ngeimhreadh chun deis a thabhairt don líon beag pailneoirí a bhíonn thart na bláthanna a phailniú.