I lár an 18ú haois d’aimsigh feirmeoir dhá iúr óg ag fás i gContae Fhear Manach. Bhí siad difriúil ó chrainn iúir eile—bhí cruth ceartingearach orthu, i gcomparáid leis an gcruth níos leithne a bhíonn ar an iúr coiteann. Cuireadh ceann de na crainn in eastát an tiarna talún áitiúil, áit ina bhfuil sé fós ag fás. Tosaíodh ag fás gearrthóga tógtha ón gcrann an iúr Éireannach (Taxus baccata ‘fastigiata’), mar a tugadh orthu. Níl na tréithe céanna ag crainn a fhásann ó shíolta an bhunchrainn—tá siad níos cosúla leis an iúr coiteann. Mar sin is ó ghearrthóga ón mbunchrann, nó dá shliocht, a tháinig chuile iúr Éireannach sa domhain, agus is crainn bhaineanna iad gach ceann.