Is beag béaloidis a bhaineann leis an bhfeá. Bheifeá ag súil go mbeadh sé seo amhlaidh in Éirinn, mar gur le déanaí a tháinig an crann chuig an oileán seo. Ach tá sé seo fíor freisin sa mBreatain, áit a raibh an crann leis na mílte bliain. Seachas go mbaintí úsáid i Sasana as na bachlóga duilleoige le cóir leighis a chur ar neascóidí nó fíocais, níl aon taifead eile d’úsáid na feá mar leigheas ar na hoileáin seo.