An Dair Ghallda
Quercus robur
D’fhiuchtaí coirt thriomaithe na darach agus dhéantaí craosfholcadh leis an leacht chun scornach tinn a leigheas. Bhí leigheas ann freisin don bhuinneach, d’othrais, agus do dhaitheacha i gceantair éagsúla ar fud na tíre. Is leigheas do phian sa mbolg a bhí sa gcoirt a ithe. Thugtaí an sú a bhí fágtha tar éis an choirt a bhruith do chapaill a bhí ag casacht. D’úsáidtí na duilleoga leis an ruaig a chur ar borrphéisteanna in Uíbh Fhailí.