An Cuileann
Ilex aquifolium
Tá ceangal idir dhath caora an chuilinn agus na duilleoga deilgneacha le fuil agus coróin deilgne Íosa sa gCríostaíocht. Bhaintí úsáid as an gcuileann, freisin, ar lá le Stiofáin, nuair a théadh daoine amach le dreoilín marbh ceangailte le píosa cuilinn ag bailiú airgid chun an dreoilín a chur.