An Cuileann
Ilex aquifolium
Ceaptar gur tosaíodh ag úsáid craobhacha an chuilinn le linn féile Saturnalia na Rómhánaigh, seachtain de dhamhsa agus ceol a bhí ar siúil le linn ghrianstad an gheimhridh. Nuair a tháinig féile na Nollag i gcomharba ar Saturnalia, coinníodh leis an gcleachtas, agus chuirtí cuileann agus eibheann ar fhuinneoga agus ar leac an dorais le linn na féile. Is chun ádh a thabhairt don teaghlach a dhéantaí é, ach níor mhór a bheith cúramach mar, de réir taifead i mBailiúchán na Scol ó Mhaigh Eo, “má thuiteann an eidhneán agus an cuileann beidh droch-rath ar an teach go ceann bliana.”