Cosúil leis an dair agus an ghiúis phortaigh, faightear iúr portaigh ar phortaigh na tíre — iarsmaí de shean-choillte ársa an oileáin. Tá iúr portaigh in Móin Alúine i gContae Uíbh Fhailí a bhí ag fás na mílte bliain ó shin. Tá sé le fáil i Maigh Eo freisin, ach is beag measa a bhí ag muintir Mhaigh Eo ar iúr portaigh sa gcontae. Ní dhódh sé chomh maith le giúsach agus ní fhéadfaí maidí siúil maithe a dhéanamh as ach an oiread, mar a dhéantaí as an dair phortaigh.