An Fionncholl Coiteann
Sorbus aria
Tá speicis Sorbus éagsúla in ann atáirgeadh trí phróiseas ar a dtugtar apaimiscis. Ar an gcaoi seo, fásann crann síolta inmharthana gan toirchiú (pailniú) a bheith déanta ar na bláthanna roimh ré. Dá thoradh sin, is clóin den mháthairchrann iad na crainn a fhásann ó na síolta seo. Hibridíonn crainn Sorbus freisin, agus nuair a ghintear hibrid nua, is féidir leis iomadú trí apaimiscis agus pobal de chrainn nua a chruthú sa gceantar beag inar fhás an chéad hibrid. Maítear gur chóir micrispeicis, seachas speicis astu féin, a thabhairt orthu seo mar gheall nach bhfuil comhdhéanamh leathan géiniteach acu.