An Crann Creathach
Populus tremula
Astaíonn an crann creathach leibhéal suntasach de isipréin, comhdhúil orgánach so-ghalaithe (BVOC) a cheaptar go n-imríonn tionchar ar an atmaisféar. Níl tuiscint iomlán ag eolaithe ar an idirchaidreamh idir na ceimicí seo agus an aeráid, ná na himpleachtaí atá acu ar an athrú aeráide de dhéantús an duine, cé go moltar gan crainn a astaíonn leibhéil ard isipréin a chur i gceantair uirbeacha.