An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
Mar go bhfuil duilleoga a aitinn chomh beag sin, níl mórán clóraifille iontu, an substaint a chuireann ar chumas an phlanda, trí phróiseas fótaisintéise, fuinneamh a ghiniúint as carbón an aeir. Mar chúiteamh ar seo, déanann na deilgní cúram den chuid is mó den fhótaisintéis a dhéanann an t-aiteann.