An tAiteal
Juniperus communis
Tá cuma dhifriúil ar an aiteal ag brath ar na coinníollacha ina mbíonn sé ag fás. Is féidir leis crann 8m ar airde a dhéanamh, nó, níos minicí sna háiteanna feannta ina bhfásann sé in Éirinn, crann íseal sínte ar an talamh. Is mar seo a fhásann an t-aiteal in Árainn agus i gConamara.