An Dair Ghaelach
Quercus petraea
Bíonn socfhréamh ag an dair a dhaingníonn an crann sa talamh le cosaint a thabhairt ón ngaoth agus le gur féidir leo tarraingt ar uisce atá níos doimhne nuair a bhuaileann triomach í. Leathann na craobhacha amach i gcrainn dharacha lánfhásta agus bíonn ceannbhrat leathan acu freisin.