An Fhuinseog
Fraxinus excelsior
Is díol spéise é an méid crann fuinseoige sa seanchas a raibh stoc toll acu. Bhí cuid acu chomh mór sin go raibh daoine in ann dul isteach iontu. Dheireadh an sagart Aifreann ó stoc chrann fuinseoige i gCora Droma Rúisc, Contae Liatroma. Bhí ceann eile sa tSeanchill, Contae Thiobraid Árann, a bhí chomh mór sin go bhféadfadh cúigear maireachtáil taobh istigh den chrann. Chodlaíodh Naomh Colm Cille sa bhfuinseog sa Leac Dhearg, Contae na Gaillimhe, de réir seanchais na háite. Dheirtí freisin go ndúnadh an crann ag meán oíche. Bhí scéal eile as Inis, Contae an Chláir, faoi bhuachaill óg a chuaigh ag tóraíocht adhmaid le camán a dhéanamh. Dhún an crann isteach air, agus bhí ar dhaoine an crann a ghearradh chun é a scaoileadh saor.