An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
D’úsáidtí adhmad aitinn mar bhreosla. Nuair a bhí an t-aiteann réidh le baint, loisctí an garraí chun an duilliúr agus na géaga beaga a dhó. Ní dhódh adhmad tiubh an aitinn le linn an loiscthe, agus bhaintí é ina dhiaidh le húsáid mar bhreosla. D’úsáideadh báicéirí, go háirithe, an breosla, ach dhóití i dtornóga aoil é agus bhaintí leas as mar bhreosla ginearálta, freisin. Is adhmad aitinn a dhóití chun brící a dhéanamh i Sasana. Tá saibhreas potaise i luaith aitinn, ábhar a úsáideadh i Sasana i ndéantúsaíocht gallúnaí, freisin.