An Draighean Fearna
Frangula alnus
Tá an draighean fearna ar cheann de na crainn dhúchasacha is annaimhe in Éirinn, cé go bhfuil sé coitianta sna gnáthóga ina bhfásann sé. Is in oirthuaisceart na tíre, i lár na tíre, agus i gContae na Gaillimhe agus Contae an Chláir is mó a fheictear an crann ag fás. Tá laghdú tagtha ar an méid crann a fhásann in Éirinn mar gheall ar dhraenáil, ar bhaint mhóna, agus ar an-iomarca leasú talún a bheith in úsáid ag feirmeoirí.