An tSaileach Reatha
Salix repens
Cosúil leis na saileacha go léir, is crann dé-éiciach í an tsaileach reatha. Bíonn caitíní baineanna ar sceacha baineanna, agus caitíní fireanna ar sceacha fireanna. Bíonn toradh an chrainn, a fhásann ar na crainn bhaineanna, clúdaithe le ribí gruaige bána.