An Fhuinseog
Fraxinus excelsior
Is iomaí úsáid a bhaintear agus a bhaintí as adhmad na fuinseoige. Tá adhmad láidir, crua ach éadrom, solúbtha, agus turraingfhriotaíoch ag an gcrann. Go stairiúil, ní raibh ach adhmad darach níos daoire ná adhmad na fuinseoige. Sula raibh cruach agus cóimhiotail eile fairsing, is as an bhfuinseog a dhéantaí frámaí carranna, báid, agus eitleáin. D’úsáidtí é le sleánna agus sciatha a dhéanamh, chomh maith le maidí rámha, cosa casúir, oird, agus oirnéisí eile. Tá snáithe díreach ag an adhmad, agus dath geal air, tréithe luachmhara chun veinír agus cláir urláir a dhéanamh.