An Fhuinseog
Fraxinus excelsior
Tugtar deis do phlandaí a bhíonn solas uathu fás faoin bhfuinseog, mar nach dtagann duilleoga ar an bhfuinseog go dtí tús an tsamhraidh, agus mar nach mbíonn duilliúr dlúth ag an gcrann fiú nuair a bhíonn na duilleoga amuigh. Go deimhin, tá tábhacht ar leith ag an bhfuinseog do bhithéagsúlacht na tíre. Sa mBreatain, aimsíodh 1058 speiceas atá ag brath ar an bhfuinseog nó ar choillte ina bhfuil fuinseoga ag fás iontu. Ina measc, bhí 12 speiceas d'éan, 55 mamach, 78 planda, 68 fungas, 58 caonach agus aelus, 558 léicean, agus 239 speiceas d'inveirteabrach.