An Chaor Chon
Viburnum opulus
Is drúp dearg, atá cosúil le caor, é an toradh a bhíonn ar an gcaor chon. Ní léir go dtaitníonn na torthaí le héin an oiread sin, mar gur minic dóibh a bheith fós ar an gcraobh i lár an gheimhridh. Ach, nuair a thagann an crua ar an tairne agus gan mórán eile ar fáil, itheann síodeiteacha, smólaigh, spideoga, agus corcráin coille iad. Itheann sionnaigh agus lucha iad freisin, agus scaiptear an planda dá thoradh seo.