An Draighean
Prunus spinosa
Bíonn dath liath dorcha, beagnach dubh, ar choirt an draighin, agus is as an cuma dhorcha sin sa ngeimhreadh a d’eascair an t-ainm an draighneán donn, an draighnéan dubh agus, i mBéarla, blackthorn. Bíonn an choirt tanaí freisin, agus bíonn dath oráiste le feiceáil ar an gcoirt istigh nuair a scamhann sé.