An Fhuinseog
Fraxinus excelsior
Cé go bhfuil fuinseoga faoi léigir ag an ngalar fungais, fanfaidh rian na gcrann linn i logainmneacha na tíre. Tá lorg an chrainn le feiceáil sna focail 'fuinse', 'fuinseann', agus 'fuinseog'. Tá Doire na Fuinse i gContae Chiarraí, Abhainn na Fuinseann i gContae Chorcaí, na Fuinseoga i gContae na Mí, agus Fuinseogach i gContae Chábháin. Fágtar an ‘f’ ar lár sa tuaisceart uaireanta, mar shampla Loch Uinsinne i gContae Dhún na nGall agus Uinseannach i gContae Liatroma.