An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
Is mar fhodar do bheostoc—capaill agus beithígh—a d’úsáidtí go leor den aiteann a saothraíodh. Bhí an sceach shíorghlas seo in ann beathú a chur ar fáil i dtréimhse den bhliain nuair nach raibh mórán fáis eile ann. Cé go n-itheann ainmhithe na géaga óga glasa nuair a bhíonn siad bog, cruann na deilgní go tapa ar an bplanda agus seachnaíonn ainmhithe iad ina dhiaidh sin. Chun aiteann a úsáid mar fhodar, bhíodh sé le bualadh agus le brú chun na deilgní a mhaolú agus a bhriseadh. B’obair fhada, leadránach a bhí anseo — ba mhinic iad a bhrú i moirtéal cloiche ar feadh uaireanta fada an chloig.