An Fhuinseog
Fraxinus excelsior
Is fuinseoga a bhí i gcuid de na crainn cheirteacha in Éirinn (ba sceacha geala a bhformhór acu). Is minic gur timpeall ar thoibreacha beannaithe a bhíodh siad seo ag fás. Dhearfadh duine paidir nó dhéanaidís mian a chur in iúl, sula gcrochtaí píosa éadaigh ar an gcrann. Maítear nach ofrálacha a bhí sna héadaí seo, ach gur bealach siombalach a bhí ann chun fáil réidh le pé imní, tinneas, nó olc a bhí ag cur as don té a chroch iad.