An tAiteann Gallda
Ulex europaeus
Fásann craobh nua ar an aiteann ón ascaill idir na duilleoga agus na deilgní. Fásann an chraobh ar feadh bliana nó mar sin, agus bíonn sé idir 30 cm agus 40 cm ar fhad, ag brath ar an speiceas aitinn. Ansin cailltear an duilleog agus an dealg a bhíonn ag bun na craoibhe, cé go bhfanann siad ar an sceach ar feadh roinnt blianta. Is mar gheall air sin a bhíonn an t-aiteann chomh tirim agus feoite taobh istigh den sceach, agus ní bhíonn ag fás ach an chuid ghlas ar an taobh amuigh den sceach. Is mar gheall air sin, freisin, a bhíonn sé chomh héasca ar an aiteann loscadh in aimsir thirim.