An tSaileach Reatha
Salix repens
Scaipeann an tsaileach reatha ag úsáid riosóm, fréamhacha faoi thalamh as a bhfásann planda nua. Bíonn sé seo amhlaidh le go leor plandaí le 'reatha' san ainm Gaeilge, nó repens san ainm eolaíoch. Mar gheall ar an tréith seo, feictear an tsaileach reatha ag fás i dtomacha móra de go leor plandaí ag fás in éineacht le chéile.