An Péine Albanach
Pinus sylvestris
Tugadh tús áite don Phéine Albanach nuair a bunaíodh seirbhís fhoraoiseachta in Éirinn in 1903, agus cuireadh lear mór den chrann idir sin agus 1950, nuair a laghdaíodh go mór an líon a bhí curtha sa tír. Tharla seo mar facthas go raibh an péine contórtach níos feilúnaí ar thalamh imeallach, agus go raibh an sprús Sitceach réidh le gearradh ag 35 bliain, seachas fanacht 50 bliain leis an bpéine Albanach.