An Dair Ghallda
Quercus robur
Bhí na daracha tábhachtach i dtionscadal na súdaireachta. Déanann an súdaire cóireáil ar chraiceann ainmhithe ag úsáid ábhair plandaí ar leith—coirt, duilleoga, nó torthaí—chun an craiceann a athrú go leathar, ábhar atá marthanach agus atá in ann teas agus taise a sheasamh. Tarlaíonn an t-athrú seo mar gheall ar imoibriú ceimiceach a tharlaíonn idir collaigin (próitéin a bhíonn sa gcraiceann) agus tainnin, a bhíonn i gcodanna an chrainn.