Blúiríní: Iomadú ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna: Iomadú + Fochlibeanna: Default Adhmadóireacht Buaircín Críostaíocht Foraoiseacht Gnáthóg Iomadú Scaipeadh Síolta Toradh Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Tréithe Iomadú An tIúr Taxus baccata Tá an t-iúr dé-éiciach — fásann bláthanna (tugtar cóin orthu) fireanna agus baineanna ar chrainn dhifriúla. Tá fianaise ann go bhfuil crainn iúir in ann gnéas a athrú. Tá craobhacha d'iúr Fortingall, crann fireann go dtí le deireanaí, anois ag fás bláthanna baineanna agus torthaí. Blúiríní an phlanda seo → Iomadú An Donnroisc Prunus padus Cosúil le go leor silíní eile, cuireann an donnroisc meatháin aníos go rialta, as a bhfásann crainn nua leis an gcomhdhéanamh géiniteach céanna, agus is minic a fheictear é ag fás i gclampaí móra, clónacha. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Éiceolaíocht éin An Fhiúise Fuchsia magellanica Cé go gceaptar go bhfuil an cineál fiúise is coitianta atá in Éirinn aimrid, scaipeann sé go héasca trí mheatháin a chur aníos ó rútaí faoi thalamh. Mar go n-iomadaíonn an fhiúise go fásúil mar seo, fásann clampaí móra den sceach ar thaobh an bhóthair. Tugann sé seo deis d’éin cosúil le dreoilíní agus spideoga a gcuid neadracha a dhéanamh i dtearmann sábháilte. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Ionrach An Róslabhras Rhododendron ponticum Tá an róslabhras in ann fás faoi sholas na gréine agus faoi scáth chrainn eile, seachas crainn mhóra bhuaircíneacha. Is go mall a fhásann plandaí óga ar dtús, ar stoc amháin. Tar éis 10 mbliana éiríonn an planda ilstocach agus, má bhíonn go leor plandaí ag fás in aice le chéile, leathnaíonn siad amach go dtí go bhfuil an áit clúdaithe leo agus plúchann siad plandaí dúchasacha. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Ceimiceáin Úsáid Garraíodóireacht An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is furasta do shaileacha iomadú — ní gá ach géag shailí a shá sa talamh agus déanfaidh sí crann nua in achar gearr ama. Is é an ceimiceach aigéad indole-3-butyric (IBA) is cúis leis seo, agus tá go leor de i gcoirt na saileach. Is hormón é seo a dhíoltar in ionaid gharraíodóireachta mar shubstaint spreagtha fréamhacha. Blúiríní an phlanda seo →