An Dair Ghaelach
Quercus petraea
Bíonn ráta fáis tapa ag daracha don chéad 100 nó 200 bliain, ach laghdaíonn an ráta fáis ina dhiaidh sin. Tá an dá chineál darach in ann 40m in airde a bhaint amach, ach sroicheann formhór na ndarach móra 30m in airde. Faightear daracha gaelacha beaga, íseal agus sínte, in áiteanna feannta, go háirithe ar phortaigh an iarthair, ar thalamh bhocht, agus ar chnoic.