Blúiríní: Fíoghual ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Úsáid + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna: Fíoghual + Fochlibeanna: Úsáid Adhmadóireacht Ainmhithe Alúm Arm Bád Bádóireacht Barra Bioráin Bithmhais Bláthola Breosla Bróga Bunscoitheadh Camán Caoladóireacht Ceimiceáin Ceol Ceol Cogadh Coire Coirt Críostaíocht Cruit Cumhrán Dathú Dearcán Deatach Dúch Duilleog Ealaíon Éarthach Feithidí Easair Fainic Fearsaidí Feithidicíd Fidil Fíoghual Fítileasúchán Fodar Foraoiseacht Frith-Athlastacha Gaistí Garraíodóireacht Ginmhillteán Glanadh Gréasaíocht Innealra Lignin Mil Naigíní Nimh Ola Páipéar Pianmhúchán Pic Píopaí Poitín Potaí Púdar Roisín Sainaithint Scuab Sníomhadóireacht Spórt Sú Bheithe Súdaireacht Tabac Tarra Truailliú Tuirpintín Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Úsáid Fíoghual Púdar An Feoras Euonymus europaeus Déantar fioghual ar ardchaighdeán —le húsáid ag ealaíontóirí — as adhmad an fheorais. Is ionann an t-ainm Fraincise don fheoras—‘fusain’—agus an t-ainm Fraincise d’fhiogual. Dar leis an luibheolaí aitheanta, Carl Linnaeus, is as adhmad an fheorais a dhéantar an fioghual d’ealaíontóirí is fearr. Dhéantaí púdar gunna as an bhfioghual freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Páipéar Lignin Bithmhais Fíoghual An Crann Creathach Populus tremula Déantar páipéar ar ardchaighdeán as an gcrann creathach mar nach bhfuil mórán lignine ann. Éiríonn páipéar briosc agus tagann dath buí air má bhíonn an iomarca lignine ann. Déantar cipíní solais, fioghual ar ardchaighdeán, agus bithmhais le dó (mar go bhfásann sé go tapa) as an gcrann creathach freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fíoghual Púdar An Draighean Fearna Frangula alnus Déanann adhmad ón draighean fearna fioghual ar ardchaighdeán. Is as an bhfioghual sin a dhéantar púdar dubh a dhónn go tapa agus atá fós in úsáid i dtinte ealaíona agus i bhfiúsanna pléascacha. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Súdaireacht Fíoghual Spórt Leigheas Pianmhúchán An tSaileach Bhán Salix alba D’úsáidtí an tsaileach bhán ar fud na hEorpa chun pian a mhaolú mar gheall ar an salicin atá ann. Bhaintí úsáid as coirt an chrainn i gceird na súdaireachta freisin, agus dhéantaí fioghual as an adhmad an chrainn. Is as an gcineál saileach Salix alba var. caerulea a dhéantar an slacán cruicéid, chomh maith le huirlisí cistine agus canúnna. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fíoghual Súdaireacht An Chaithne Arbutus unedo Tá adhmad na caithne crua agus dlúthshnáitheach, ach briosc agus éasca le scoilteadh. Níl sé feiliúnach mar adhmad tógála, ach bhaintí úsáid as mar fhioghual, agus d’úsáidtí an choirt i gceird na súdaireachta. Blúiríní an phlanda seo →