Blúiríní: Ceimiceáin ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Éiceolaíocht + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna: Ceimiceáin + Fochlibeanna: Éiceolaíocht Ainmhithe Artach-alpach Bagairt Beacha Bithéagsúlacht Bláth Caitíní Ceimiceáin Collchoill Cosaint Dearcán éin Féileacáin Feithidí Flóra Foraois Bháistí Atlantaigh Fosú Nítrigine Frith-Dhóiteáin Fungas Gál Galar Gnáthóg Leamhain Leamhan Lonnaíocht Nimh Pailniú Planda Téisclime Scaipeadh Síolta Scuab Caillí Síolta Toradh Stádas: Dúchasach + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Úsáid Ceimiceáin Leigheas Frithailse Frith-Athlastacha An Bheith Gheal Betula pendula Is í an chomhdhúil betulin a thugann an dath bán do choirt na beithe gile. Tá sé ar cheann de na chéad substaintí nádúrtha a eascraíodh ó phlandaí. Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithailse agus frith-athlastacha ag betulin, agus ceaptar go mbeadh sé éifeachtach chun cóir a chur ar shiada athlastacha. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ceimiceáin BVOC An Crann Creathach Populus tremula Astaíonn an crann creathach leibhéal suntasach de isipréin, comhdhúil orgánach so-ghalaithe (BVOC) a cheaptar go n-imríonn tionchar ar an atmaisféar. Níl tuiscint iomlán ag eolaithe ar an idirchaidreamh idir na ceimicí seo agus an aeráid, ná na himpleachtaí atá acu ar an athrú aeráide de dhéantús an duine, cé go moltar gan crainn a astaíonn leibhéil ard isipréin a chur i gceantair uirbeacha. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Pianmhúchán Frith-Athlastacha An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Ar feadh na mílte bliain, bhí an-tóir mar acmhainn leighis ar chrainn i ngéineas na saileach, agus tá údar maith leis sin. Cé gur san airgead luachra (Filipendula ulmaria) a aimsíodh an t-aigéad salaicileach, frítheadh an ceimiceán céanna i sú agus i gcoirt na saileach, agus is mar gheall air seo a tugadh salicin air. Is ón gceimiceán seo a dhéantar aspairín, pianmhúchán agus druga frith-athlastach neamhstéaróideach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ceimiceáin Cosaint Feithidí An Coll Corylus avellana Bíonn scáil dhearg ar luath-dhuilleoga an choill, sula dtagann dath glas orthu níos deireanaí sa séasúr. Ceaptar gur ceimiceáin ar leith, anthocyanins, is cúis leis seo. Tugann siad cosaint do na duilleoga óga leochaileacha ón damáiste a dhéanann an iomarca de sholas na gréine. Cosnaíonn na ceimiceáin seo an duilleog ó fheithidí a bhíonn ag iarraidh iad a ithe, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Leigheas Bagairt Ceimiteiripe Frithailse Ceimiceáin An tIúr Taxus baccata Is alcalóidígh taicsín—ceimiceáin atá i ngach cuid den chrann seachas in aral an toraidh—iad na comhdhúile is cúis le nimh an iúir. Cé go bhfuil an nimh seo marfach, fritheadh amach go bhfuil na ceimicí seo in ann dochar a dhéanamh do chealla ailse. D’éirigh le heolaithe substaint ar a dtugtar paclitaxel a shintéisiú as an nimh a bhíonn san iúr Ciúin-Aigéanach (Taxus brevifolia) atá anois in úsáid i gceimiteiripe le cóir leighis a chur ar dhaoine atá ag fulaingt le hailse brollaigh, ailse ubhagáin, agus ailse scamhóg. Rinneadh sléacht ar chrainn iúir an domhain, an t-iúr coiteann san áireamh, chun an acmhainn seo a fháil sular éirigh le heolaithe na drugaí seo a shintéisiú. Blúiríní an phlanda seo → Inite Toradh Ceimiceáin An Donnroisc Prunus padus Bíonn blas searbh ar thorthaí an donnroisc mar gheall ar chiainíd hidrigine (HCN) atá iontu, agus ní féidir iad ithe gan iad a phróiseáil roimh ré. In ainneoin sin, déantar subh, glóthach agus licéar astu. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ceimiceáin An tIúr Taxus baccata Tá tréith spéisiúil ag an gcrann iúir le nach mbeidh air dul in iomaíocht le plandaí eile. Is crann ailléileapatach é —scaoileann sé ceimiceáin amach a stopann plandaí ag fás thart timpeall ar an gcrann. Tugtar alcalóidigh ar na ceimicéain. Bíonn siad sna duilleoga a thiteann ón gcrann, agus úscann na fréamhacha iad isteach san ithir freisin. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Ceimiceáin Úsáid Garraíodóireacht An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is furasta do shaileacha iomadú — ní gá ach géag shailí a shá sa talamh agus déanfaidh sí crann nua in achar gearr ama. Is é an ceimiceach aigéad indole-3-butyric (IBA) is cúis leis seo, agus tá go leor de i gcoirt na saileach. Is hormón é seo a dhíoltar in ionaid gharraíodóireachta mar shubstaint spreagtha fréamhacha. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Ainmhithe Ginmhillteán An tAiteal Juniperus communis Tá aigéad isocupressic san aiteal agus i mbuaircíneacha eile, amhail crainn phéine (Pinus spp.). Is cúis cailleadh lao é i mbeithígh, agus d'úsáideadh daoine caora an chrainn mar ghinmhillteán freisin. Blúiríní an phlanda seo → Seanchas Mí-ádh Bolgach Ceimiceáin An Sceach Gheal Crataegus monogyna Ceaptar go raibh baint ag boladh na mbláthanna leis an mí-ádh a bhí leis an sceach gheal. Is trímheitiolaimín sna bláthanna—an ceimiceán a chruthaítear nuair a lobhann éisc agus feoil—is cúis leis an mboladh ar leith atá ag na bláthanna. I Londain, rinne daoine comparáid idir an drochbholadh seo agus an galar marfach, an bholgach. In ainneoin an bholaidh, thabharfadh daoine in Éirinn na bláthanna isteach sa teach ar Lá Bealtaine agus choinnídís ann iad ar feadh míosa. Ar Lá Bealtaine, freisin, shádh siad géaga na sceiche gile i gcréafóg na ngarrantaí chun na barraí a chosaint. Blúiríní an phlanda seo → Leigheas Ceimiceáin An Dair Ghallda Quercus robur Níl aon fhianaise eolaíoch shoiléir fós ann go bhfuil leigheas i gcodanna na darach ar bhreoiteachtaí an duine. Cosúil le go leor plandaí eile, tá poilafeanóil éagsúla le fáil sa gcrann agus, cé go maítear go bhfuil maitheas sna ceimicí seo don chorp, níl aon fhianaise chrua ann fós go bhfuil éifeacht iontu. Blúiríní an phlanda seo →