An Fhuinseog
Fraxinus excelsior
Tá scéal ann faoi ghabha a rinne iarracht fuinseog, a bhí ag fás in aice le tobar beannaithe a ghearradh go talamh. Nuair a chuaigh sé suas sa gcrann le craobh a ghearradh, chonaic sé go raibh a theach trí thine. Ach nuair a rith sé abhaile, ní raibh tine le feiceáil. Trí huaire a tharla sé seo, agus ar an tríú huair shocraigh sé coinneáil leis agus an chraobh a ghearradh, ag ceapadh nach mbeadh a theach trí thine. Nuair a chuaigh sé abhaile, bhí a theach dóite go talamh.