Blúiríní: Bagairt ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Éiceolaíocht + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna: Bagairt + Fochlibeanna: Éiceolaíocht Aifidí Ainmhithe Artach-alpach Bagairt Ball Tarra Beacha Bithéagsúlacht Bláth Caitíní Ceimiceáin Cnó Coill Collchoill Cosaint Dearcán éin Féileacáin Feithidí Flóra Foraois Bháistí Atlantaigh Fosú Nítrigine Frith-Dhóiteáin Fungas Gál Galar Gnáthóg Ionrach Leamhain Leamhan Lonnaíocht Marcescence Nimh Pailniú Planda Téisclime Raicéim Robáil Samár Scaipeadh Síolta Scuab Caillí Síolta Toradh Truailliú Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Éiceolaíocht Bagairt Galar Fungas An Leamhán Mion Ulmus minor Is é an fungas Ophiostroma ulmi is cúis leis an nGalar Dúitseach Leamhán. Mharaigh sé 30% de leamháin na Breataine idir 1920 agus 1940 nuair a tháinig sé isteach ar adhmad a iompórtáladh chuig an oileán. Faoin am sin, bhí scrios déanta cheana fhéin ar leamháin na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Faoi na 1970idí, rinne an fungas éabhlóidiú go Ophiostoma novo-ulmi. Maraíodh os cionn 90% de leamháin ghallda na Breataine nuair a tháinig an fungas sin isteach sa tír. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is é an baictéar Pseudomonas syringae pv aesculi is cúis leis an gcancar sceite atá ag déanamh scrios ar chrainn cnó capaill ar fud na hEorpa, agus Éireann san áireamh. Tagann leacht dorcha amach as stoc na gcrann a bhíonn ag fulaingt leis an ngalar marfach seo. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Deatach Poitín Éiceolaíocht Bagairt An tAiteal Juniperus communis Dónn an adhmad an aitil go maith, agus bíonn deatach cumhraithe agus beagnach dofheicthe uaidh. Mar gheall air seo, dhóití an t-adhmad in stiléireacht aindleathacha in Albain—ceann de na cúiseanna go bhfuil an crann neamhchoitianta anois i nGarbhchríocha na tíre sin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt An Péine Albanach Pinus sylvestris Táthar ag maíomh go mbeidh drochthionchar ag an athrú aeráide ar an bpéine Albanach. Ceapfar go mbeidh fás laghdaithe, agus ráta marthanais níos ísle, ag crainn phéine atá ó dheas den líne dhomhanleithid 62N, fiú má bhíonn ardú measartha i dteocht na haeráide. Beidh tionchar thar na bearta aige seo ar an timpeallacht agus ar an gcine daonna, i bhfianaise an méid crann den speiceas seo atá ag fás ar fud an Leathsféir Thuaidh. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Bagairt An tIúr Taxus baccata Tá an t-iúr faoi bhagairt ar fud na hEorpa agus líon na n-iúr tite ansin níos mó ná aon chrann eile. Bhí cúiseanna stairiúla ann leis an iúr a bhaint—contúirt an chrainn d’ainmhithe agus úsáid an adhmaid go príomha—ach is dianfheirmeoireacht is mó is cúis le meath an iúir anois. Anuas air seo, bíonn sé deacair ag an iúr iomadú mar go ndéanann fianna agus ainmhithe eile damáiste do chrainn óga. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Éiceolaíocht Bagairt An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Tá an phoibleog dhubh Atlantaigh dúchasach sa Breatain, ach tá sé freisin ar an gcrann dúchasach is mó atá i mbaol sa mBreatain.eaptar nach bhfuil ach 6,000 crann fágtha anois sa mBreatain, agus is mionlach an-bheag dóibh siúd iad na crainn bhaineanna. Tá crainn fiáine chomh hannamh sin sa mBreatain, mar gheall ar dhraenáil na talún, go gceaptar nach féidir leis na cinn atá fágtha iad féin a phailniú níos mó. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Críostaíocht Éiceolaíocht Bagairt An tAiteal Juniperus communis Cheal ábhar eile, d’úsáidtí craobhacha aitil le linn searmanais Dhomhnach na Pailme (Domhnach an Iúir) in Árainn in ionad an iúir, nach raibh ag fás ar an oileán, agus d’fhulaing na crainn go mór dá thoradh. Ní raibh dé ar an bplanda in Inis Oírr in 1893 nuair a thug Nathaniel Colgan cuairt ar an oileán. Tá sé fós ag fás ar an dá oileán eile. Blúiríní an phlanda seo → Leigheas Bagairt Ceimiteiripe Frithailse Ceimiceáin An tIúr Taxus baccata Is alcalóidígh taicsín—ceimiceáin atá i ngach cuid den chrann seachas in aral an toraidh—iad na comhdhúile is cúis le nimh an iúir. Cé go bhfuil an nimh seo marfach, fritheadh amach go bhfuil na ceimicí seo in ann dochar a dhéanamh do chealla ailse. D’éirigh le heolaithe substaint ar a dtugtar paclitaxel a shintéisiú as an nimh a bhíonn san iúr Ciúin-Aigéanach (Taxus brevifolia) atá anois in úsáid i gceimiteiripe le cóir leighis a chur ar dhaoine atá ag fulaingt le hailse brollaigh, ailse ubhagáin, agus ailse scamhóg. Rinneadh sléacht ar chrainn iúir an domhain, an t-iúr coiteann san áireamh, chun an acmhainn seo a fháil sular éirigh le heolaithe na drugaí seo a shintéisiú. Blúiríní an phlanda seo → Stair Bagairt An Dair Ghaelach Quercus petraea hosaigh gortghlanadh na ndarach in Éirinn leis na pobail neoiliteacha a shroich an t-oileán timpeall 6,000 bliain ó shin. Faoin mbliain 1600 AD bhí níos lú ná 20% den oileán clúdaithe le crainn. Threisigh an próiseas seo le fás daonra na tíre, agus nuair a tosaíodh ar an tír a phlandáil mar b’acmhainn fíor-thábhachtach a bhí sa dair. Ní raibh na foraoisí in ann ag an éileamh ó thionscadail na súdaireachta, na cúipéireachta, agus úsáidí eile a bhí ag an bpobal don dair. Faoi dheireadh an 19ú haois, ní raibh ach 1% den tír clúdaithe ag crainn. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Galar Bagairt Fungas Feithidí An Leamhán Sléibhe Ulmus glabra Níor bhuail an galar Dúisteach leamhán an leamhán sléibhe chomh dona le leamháin eile. Is iad ciaróga beaga a scaipeann an fungas. Cé go bhfuil an leamhán sléibhe níos leochailí don ghalar fhéin, is fearr leis na ciaróga coirt an leamháin ghallda. Tá buntáiste eile ag an leamhán sléibhe. Is fearr leis na ciaróga coirt a bhíonn idir 5-8 mm tiubh. Faoin am a bhíonn an tiús seo bainte amach ag coirt an leamháin shléibhe, bíonn sé in ann iomadú. Dá bhrí sin, is féidir leis na leamháin scaipeadh, fiú má mharaíonn an t-ionfhabhtú iad tar éis dóibh iomadú. Anuas ar sin, níl an chiaróg sin chomh coitianta sin ar thalamh ard, agus is ann anois a fhaightear formhór na leamhán sléibhe in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ionrach Bagairt An Róslabhras Rhododendron ponticum Is obair dhaor, fhada í an ruaig a chur ar an róslabhras ón gceantar ina bhfuil sé imithe as smacht. Is furasta crainn óga a tharraingt as an talamh de láimh, ach déantar crainn níos sine a tharraingt ag úsáid innealra. Fásann sé ar ais arís má ghearrtar é, agus caithfear teacht ar ais chuig an suíomh go minic ina dhiaidh sin chun na crainn óga a phéacann ó shíolta a bhaint. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt Galar An Fhuinseog Fraxinus excelsior Tá bagairt eiseach roimh an bhfuinseog in Éirinn. Tá an crann liostáilte mar speiceas faoi bhagairt ar liosta dearg atá ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN), go príomha mar gheall ar an bhfungas Hymenoscyphus fraxineus, ar cúis leis an ngalar ar a dtugtar críonadh siar na fuinseoige. Fásann an fungas istigh sa gcrann agus cuireann sé as do chóras uisce agus cothaithigh an chrainn. Éiríonn crainn atá thíos leis an ngalar feoite. Maraítear crainn óga laistigh de bhliain; maireann crainn níos sine ar feadh roinnt blianta eile. Blúiríní an phlanda seo →