Blúiríní: ornáideach ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Sainaithint Duilleog ornáideach An Pribhéad Calafoirniach Ligustrum ovalifolium Tá an pribhéad Calafoirniach curtha go fairsing i ngairdíní ar fud na tíre, agus faightear ag fás go fiáin é mar éalaitheach gairdín freisin. Is i gcruth na nduilleog is mó a fheictear an difríocht idir an pribhéad Calafoirniach (le duilleoga lonracha ubhacha) agus an pribhéad dhúchasach (le duilleoga neamhlonracha lansacha). Blúiríní an phlanda seo → ornáideach Stair An Fheá Fagus sylvatica Is saothróg den fheá í an fheá rua (Fagus sylvatica purpurea), ar a bhfásann duilleoga corcra nó deargdonn. Tá sé thar a bheith neamhghnáthach ceann a fheiceáil ag fás go fiáin, agus is ó ghearrthóga de thrí chrann-ceann ó 1680 san Eilvéis, ó 1722 sa nGearmáin, agus ó 1840 san Iodáil-a thagann formhór na bhfeánna rua atá ag fás sa domhain inniu. Cé go bhfuil sceacha le duilleoga corcra coitianta in Éirinn, tá an fheá rua ar an bplanda is mó a bhfuil duilliúr corcra aici. Blúiríní an phlanda seo → ornáideach An Pribhéad Ligustrum vulgare Ní chuirtear an pribhéad dúchasach an oiread sin mar phlanda gairdín. Is mó den phribhéad Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium) agus an pribhéad Seapánach (Ligustrum japonicum) a fheictear, mar go gcoinníonn siad a gcuid duilleog sa ngeimhreadh. Blúiríní an phlanda seo → ornáideach Dáileadh Lus Buí Mhanannáin Hypericum calycinum Saothraítear lus buí Mhanannáin mar phlanda ornáideach, ach fásann sí sa bhfiántas freisin, ar bhruachanna faoi scáth, go hiondúil san oirdheisceart agus san oirthuaisceart. Blúiríní an phlanda seo → ornáideach An Fionncholl Coiteann Sorbus aria Cuirtear an fionncholl go minic mar chrann ornáideach mar nach bhfásann sé an-mhór agus mar go bhfuil tréithe mealltacha—idir dhuilleoga, bhláthanna agus chaora—ag an gcrann. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Fungas ornáideach An Péine Albanach Pinus sylvestris Is iomaí caidreamh míciríosach le fungais san ithir a bhíonn ag an bpéine Albanach a phéacann go nádúrtha i ngnáthóg fheiliúnach. Cabhraíonn an cónascadh seo leis na crainn flúirsiú má shocraítear na caidrimh sin luath i saolré an chrainn. Ní amhlaidh a bhíonn sé seo le crainn a cheannaítear i bplandlann, agus is minic nach mbíonn rath orthu dá bharr. Blúiríní an phlanda seo → Stair ornáideach An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Tugadh an crann cnó capaill go dtí an Bhreatain ón Tuirc sa 16ú haois, agus uaidh sin tháinig sé go hÉirinn sa 17ú haois. Cé nach bhfuil aon luach eacnamaíoch ag adhmad bog an chrainn—loghann sé go tapa agus ní dhónn sé go maith—cuireadh go forleathan anseo é mar chrann ornáide, agus is i bpáirceanna agus in eastáit mhóra na tíre, chomh maith le gairdíní príobháideacha, is mó a fheictear an crann cnó capaill inniu. Blúiríní an phlanda seo → ornáideach An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Cuireadh an phoibleog Lombardach (P. nigra var. italica) go forleathan mar chrann ascaill—línte fada den chrann ar an dá thaobh de bhóithre. Bhí faisean ann ag an am crainn cholúnacha a chur sna heastáit mhóra—is ag lorg na haeistéitice céanna a bhíodar nuair a chuirtí an chufróg Iodálach (Cupressus sempervirens). Blúiríní an phlanda seo → ornáideach An Fhearnóg Iodálach Alnus cordata Cuirtear an fhearnóg Iodálach go minic i ngairdíní, áit a bhfuil níos mó tóir air mar chrann ornáideach ná mar atá ar an bhfearnóg dhúchasach. Blúiríní an phlanda seo →