An Dair Ghallda
Quercus robur
Is crainn fhadsaolacha iad na daracha — bíonn dair ársa nuair a bhíonn sí os cionn 400 bliain d’aois, agus tá daracha ann atá os cionn 1,000 bliain d’aois. Deirtear gurb é Brian Bóramha, a cailleadh sa bhliain 1014, a chuir an dair ghallda ársa i dTuaim Gréine, Contae an Chláir. Tá sí beagnach 8 m timpeall an stoic. Tá dair ghallda eile, an King Oak, i gCaisleán an Rátha, Contae Chorcaí, ar a laghad 400 bliain d’aois, agus meastar go bhféadfadh sí a bheith 800 bliain d’aois.