Blúiríní: Éiceolaíocht ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Éiceolaíocht + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna + Fochlibeanna: Éiceolaíocht Aifidí Ainmhithe Artach-alpach Bagairt Ball Tarra Beacha Bithéagsúlacht Bláth Caitíní Ceimiceáin Cnó Coill Collchoill Cosaint Dearcán éin Féileacáin Feithidí Flóra Foraois Bháistí Atlantaigh Fosú Nítrigine Frith-Dhóiteáin Fungas Gál Galar Gnáthóg Ionrach Leamhain Leamhan Lonnaíocht Marcescence Nimh Pailniú Planda Téisclime Raicéim Robáil Samár Scaipeadh Síolta Scuab Caillí Síolta Toradh Truailliú Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Tréithe Iomadu Scaipeadh Síolta Éiceolaíocht Feithidí éin An tAiteann Gallda Ulex europaeus Is iomaí bealach atá ag an aiteann le síolta a scaipeadh — tógann feithidí iad, itheann éin iad, imíonn siad leis an ngaoth, agus snámhann siad in uisce. Fanann na síolta suanach mura mbíonn coinníollacha feiliúnach dóibh le péacadh, ach is iondúil go bpéacann an planda go héasca ón síol. Iomadaíonn an t-aiteann gallda go fásúil freisin, trí meathán a chur aníos ó rútaí faoi thalamh, chomh maith le trí atáirgeadh gnéasach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht An Fhuinseog Fraxinus excelsior Tugtar deis do phlandaí a bhíonn solas uathu fás faoin bhfuinseog, mar nach dtagann duilleoga ar an bhfuinseog go dtí tús an tsamhraidh, agus mar nach mbíonn duilliúr dlúth ag an gcrann fiú nuair a bhíonn na duilleoga amuigh. Go deimhin, tá tábhacht ar leith ag an bhfuinseog do bhithéagsúlacht na tíre. Sa mBreatain, aimsíodh 1058 speiceas atá ag brath ar an bhfuinseog nó ar choillte ina bhfuil fuinseoga ag fás iontu. Ina measc, bhí 12 speiceas d'éan, 55 mamach, 78 planda, 68 fungas, 58 caonach agus aelus, 558 léicean, agus 239 speiceas d'inveirteabrach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Caitíní Bláth An Coll Corylus avellana Bíonn an caitín baineann an choill an-bheag agus suite ar an ngéag os cionn na mbláthanna fireanna, le nach ndéantar féin-phailniú. Breathnaíonn na caitíní seo cosúil le bachlóga beaga glasa. Bíonn roinnt bláthanna baineanna istigh i ngach caitín, le stíleanna gearra dearga ag teacht amach as gach ceann acu. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is é an baictéar Pseudomonas syringae pv aesculi is cúis leis an gcancar sceite atá ag déanamh scrios ar chrainn cnó capaill ar fud na hEorpa, agus Éireann san áireamh. Tagann leacht dorcha amach as stoc na gcrann a bhíonn ag fulaingt leis an ngalar marfach seo. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí éin Beacha Féileacáin Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tá droch-cháil ar an seiceamóir in Éirinn mar gur crann neamhdhúchasach é ach cuireann an crann bia ar fáil do raon leathan feithidí agus éan. Itheann bratóga na duilleoga, éin na síolta, feithidí an choirt, agus meachain agus pailneoirí eile neachtar na mbláthanna. Déanann éin neadracha sna craobhacha, agus déanann bóíní Dé, féileacáin agus ciaróga baile dóibh féin sa gcrann, freisin. Fásann fungais dhifriúla in adhmad lofa an tseiceamóra, chomh maith. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gál Feithidí An Dair Ghaelach Quercus petraea Is í an gálfhoiche Neuroterus quercusbaccarum (an common spangle gall wasp i mBéarla) is cúis leis na gáil a bhíonn i bhfoirm dioscaí donnbhuí in íochtar duilleoga daracha. Titeann na gáil go talamh sa bhfómhar agus tagann gálfhoichí baineanna amach as na huibheacha a bhíonn istigh sna gáil. Is iad na gálfhoichí baineanna seo is cúis leis na gáil sféaracha glasa nó dearga a bhíonn ar chaitíní fireanna na darach. Breathnaíonn siad cosúil le cuiríní—tugtar currant galls orthu i mBéarla. Is iad na foichí a thagann as na gáil seo a thosaíonn an timthriall arís. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh éin An Trom Sambucus nigra Mar go n-aibíonn torthaí an troim roimh chrainn eile, itheann níos mó éan—smólaigh agus druideanna san áireamh—torthaí an phlanda seo ná aon chrann eile. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt Galar An Fhuinseog Fraxinus excelsior Tá bagairt eiseach roimh an bhfuinseog in Éirinn. Tá an crann liostáilte mar speiceas faoi bhagairt ar liosta dearg atá ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN), go príomha mar gheall ar an bhfungas Hymenoscyphus fraxineus, ar cúis leis an ngalar ar a dtugtar críonadh siar na fuinseoige. Fásann an fungas istigh sa gcrann agus cuireann sé as do chóras uisce agus cothaithigh an chrainn. Éiríonn crainn atá thíos leis an ngalar feoite. Maraítear crainn óga laistigh de bhliain; maireann crainn níos sine ar feadh roinnt blianta eile. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ceimiceáin Cosaint Feithidí An Coll Corylus avellana Bíonn scáil dhearg ar luath-dhuilleoga an choill, sula dtagann dath glas orthu níos deireanaí sa séasúr. Ceaptar gur ceimiceáin ar leith, anthocyanins, is cúis leis seo. Tugann siad cosaint do na duilleoga óga leochaileacha ón damáiste a dhéanann an iomarca de sholas na gréine. Cosnaíonn na ceimiceáin seo an duilleog ó fheithidí a bhíonn ag iarraidh iad a ithe, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Fosú Nítrigine An Fhearnóg Alnus glutinosa Saibhríonn fearnóga an talamh ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéar Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige. Súnn an baictéar seo nítrigin ón aer agus stóráiltear sna nóidíní é—acmhainn thábhachtach ar féidir leis an gcrann leas a bhaint as agus é ag fás. Is mar gheall ar an tréith seo gur crainn téisclime iad na fearnóga—tá siad in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaithigh. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéir mar chúiteamh ar an obair seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidreamh siombóiseach seo idir an dá orgánach. Blúiríní an phlanda seo → Spraoi Éiceolaíocht Toradh Samár Scaipeadh Síolta An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Titeann na síolta go talamh sa bhfómhar, ag síorchasadh sa ngaoth agus iad ag titim. Má bheireann an ghaoth orthu i gceart, is féidir leo titim i bhfad ón gcrann. Go hiondúil, is i bhfoisceacht de 200 m den chrann a bhuailfidh siad an talamh, ach i gcásanna áirithe, is féidir leo taisteal go 4 km ón gcrann. Bíonn an-spraoi ag gasúir leis na síolta sciathánacha seo. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Planda Téisclime An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Mar phlandaí téisclime, tá tréithe ag beitheanna a chuidíonn leo greim a fháil ar thalamh lom—fásann siad go tapa, tá crann amháin in ann na mílte síol a scaipeadh, agus péacann siad go héasca. Anuas ar sin, tá crainn atá 10 mbliana d’aois in ann crainn nua a shíolrú. Is minic, mar sin, go nglacann beitheanna seilbh ar thalamh briste agus tréigthe, chomh maith le ciumhaiseanna iarnróid. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Marcescence An Fheá Fagus sylvatica Coinníonn an fheá a cuid duilleog feoite ar an ngéag sa ngeimhreadh. Tugtar marcescence ar an tréith seo agus tá sé ag na daracha dúchasacha freisin. Is í seo an chúis a chuirtear an fheá go minic mar fhál. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg Lonnaíocht Seanchas Mallacht An Trom Sambucus nigra Fásann an trom go maith in áiteanna ina bhfuil an chréafóg saibhrithe le nítrigin, go minic ó fhuíoll daoine nó ainmhithe. Mar sin, is timpeall ar fhothracha go minic a fheictear an sceach ag fás. Is amhlaidh a bhíonn sé le neantóga, planda eile a thaitníonn nítrigin leo. Deirtear faoi áiteanna mar seo, de réir údar ón 9ú haois, “Trí comartha ldthraig mallachtan: tromm, tragna, nenaid”, (trí chomhartha d’áit mallaithe: trom, traonach, neantóg). Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Bithéagsúlacht Ainmhithe éin An tAiteal Juniperus communis Itheann fianna, coiníní, agus giorriacha aitil óga, agus is iad is cúis le meath an aitil in áiteanna éagsúla. Is foinse bia iad na torthaí d’éin amhail smólaigh, sacáin, agus deargáin sneachta. Mar nach ndíleánn siad na síolta, tá ról tábhachtach acu ag scaipeadh an aitil. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht éin Ainmhithe Dearcán An Dair Ghaelach Quercus petraea Scaipeann mamaigh agus éin, go háirithe an scréachóg choille, na dearcáin. Bailíonn scréachóga dearcáin agus cuireann siad i dtaisce iad—tá éan amháin in ann na mílte dearcán a chur sa talamh gach fómhar. Dár ndóigh, mar nach n-itheann siad gach dearcán, tá ról tábhachtach ag na héin seo—agus ag ioraí rua, a dhéanann amhlaidh—lena chinntiú go bhfásfaidh crainn dharacha nua i gcoillte na hÉireann. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Caitíní Bláth An Fhearnóg Alnus glutinosa Is planda moinéiciach í an fhearnóg—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna fada agus titeann siad anuas ón ngéag. Bíonn dath buí orthu san Earrach. Bíonn na caitíní baineanna glas nuair a bhíonn siad óg, agus dubh nuair a thagann siad chun aibíochta. Tagann bláthanna ar na caitíní idir Feabhra agus Aibreán (cé go mbíonn siad forbartha ó fhómhar na bliana roimhe sin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Mion Cotoneaster microphyllus Is planda ionrach é an cainchín mion mar go scaipeann sé go héasca agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Tá sé ag scaipeadh sa mBoireann agus in áiteanna eile tar éis don phlanda éalú ó ghairdíní. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Caitíní Éiceolaíocht Beacha Leamhain An tSailchearnach Salix caprea Ceaptar go bhfuil boladh na gcaitíní tábhachtach do shaileacha mar nach bhfuil dathanna suntasacha acu chun pailneoirí a mhealladh. Ceaptar, freisin, go n-athraíonn an tsailchearnach boladh cumhra na mbláthanna idir lá agus oíche, le leamhain a mhealldh san oíche agus meachain sa lá. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Fungas ornáideach An Péine Albanach Pinus sylvestris Is iomaí caidreamh míciríosach le fungais san ithir a bhíonn ag an bpéine Albanach a phéacann go nádúrtha i ngnáthóg fheiliúnach. Cabhraíonn an cónascadh seo leis na crainn flúirsiú má shocraítear na caidrimh sin luath i saolré an chrainn. Ní amhlaidh a bhíonn sé seo le crainn a cheannaítear i bplandlann, agus is minic nach mbíonn rath orthu dá bharr. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Fungas Gál An Donnroisc Prunus padus Is é an fungas Taphrina padi is cúis leis an ionfhabhtú a athraíonn cruth toradh an donnroisc ó chaor sféarach go gál fada. Scriosann siad an toradh. Tá gaol ag an bhfungas seo le T. alni a bhuaileann torthaí na fearnóige. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt Galar Fungas An Leamhán Mion Ulmus minor Is é an fungas Ophiostroma ulmi is cúis leis an nGalar Dúitseach Leamhán. Mharaigh sé 30% de leamháin na Breataine idir 1920 agus 1940 nuair a tháinig sé isteach ar adhmad a iompórtáladh chuig an oileán. Faoin am sin, bhí scrios déanta cheana fhéin ar leamháin na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Faoi na 1970idí, rinne an fungas éabhlóidiú go Ophiostoma novo-ulmi. Maraíodh os cionn 90% de leamháin ghallda na Breataine nuair a tháinig an fungas sin isteach sa tír. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Éiceolaíocht éin An Fhiúise Fuchsia magellanica Cé go gceaptar go bhfuil an cineál fiúise is coitianta atá in Éirinn aimrid, scaipeann sé go héasca trí mheatháin a chur aníos ó rútaí faoi thalamh. Mar go n-iomadaíonn an fhiúise go fásúil mar seo, fásann clampaí móra den sceach ar thaobh an bhóthair. Tugann sé seo deis d’éin cosúil le dreoilíní agus spideoga a gcuid neadracha a dhéanamh i dtearmann sábháilte. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Scuab Caillí An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Tugtar scuab caillí ar an meall géaga a bhreathnaíonn cosúil le nead éin agus a bhíonn le feiceáil ar chrainn éagsúla. Tá siad coitianta ar bheitheanna, agus is iondúil gurb é an fungas, Taphrina betulina, is cúis leo. De thoradh an fhungais, cailleann an ghéag an cumas chun fás rialta, struchtúrtha a dhéanamh, agus cruthaítear caithreáil géaga a fhásann i ngach treo. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg An Draighean Fearna Frangula alnus Is iondúil gur crann beag (go 5-6 m), duillsilteach é an draighean fearna, cé go bhfásann sé mar sceach shínte in áiteanna in Éirinn, go háirithe ar bhruacha locha in oirthear na Boirne. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Beacha Robáil An Fhiúise Fuchsia magellanica Is dordéain a phailníonn na fiúise ina ceantar dúchais, ach is meachain agus feithidí eile a bhíonn sa tóir ar neachtar an phlanda in Éirinn. Uaireanta robálann bumbóga an neachtar—déanann siad poll sa mbláth agus diúlann siad an neachtar gan teagmháil ar bith a dhéanamh leis an bpailin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh éin Ainmhithe An Chaor Chon Viburnum opulus Is drúp dearg, atá cosúil le caor, é an toradh a bhíonn ar an gcaor chon. Ní léir go dtaitníonn na torthaí le héin an oiread sin, mar gur minic dóibh a bheith fós ar an gcraobh i lár an gheimhridh. Ach, nuair a thagann an crua ar an tairne agus gan mórán eile ar fáil, itheann síodeiteacha, smólaigh, spideoga, agus corcráin coille iad. Itheann sionnaigh agus lucha iad freisin, agus scaiptear an planda dá thoradh seo. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Cainchín Balla Contoneaster horizontalis Breathnaítear ar an gcainchín balla mar phlanda ionrach mar go scaipeann sé go héasca (bíonn an-tóir ag éin sna torthaí dearga) agus plúchann sé plandaí dúchasacha. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht éin Feithidí An tSailchearnach Salix caprea Tá lear mór leamhan ag brath ar an sailchearnach, ina measc an conach poibleoige (Laothoe populi). Cuireann an tsailchearnach pailin agus neachtar ar fáil do mheachain, feithidí eile, agus éin amhail meantáin ghorma ag am nuair nach bhfuil mórán beatha eile ar fáil. Ina iomlán, tá 360 inveirteabrach luaite leis an tsailchearnach, agus ní fhaightear 129 de na speicis seo ach ar an tsailchearnach. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Galar Bagairt Fungas Feithidí An Leamhán Sléibhe Ulmus glabra Níor bhuail an galar Dúisteach leamhán an leamhán sléibhe chomh dona le leamháin eile. Is iad ciaróga beaga a scaipeann an fungas. Cé go bhfuil an leamhán sléibhe níos leochailí don ghalar fhéin, is fearr leis na ciaróga coirt an leamháin ghallda. Tá buntáiste eile ag an leamhán sléibhe. Is fearr leis na ciaróga coirt a bhíonn idir 5-8 mm tiubh. Faoin am a bhíonn an tiús seo bainte amach ag coirt an leamháin shléibhe, bíonn sé in ann iomadú. Dá bhrí sin, is féidir leis na leamháin scaipeadh, fiú má mharaíonn an t-ionfhabhtú iad tar éis dóibh iomadú. Anuas ar sin, níl an chiaróg sin chomh coitianta sin ar thalamh ard, agus is ann anois a fhaightear formhór na leamhán sléibhe in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Lonnaíocht Ainmhithe An Trom Sambucus nigra Tá síológa troim i measc líon beag plandaí nach n-itheann coiníní, agus is minic go bhfásann sceacha troim timpeall ar choinicéir coiníní freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Deatach Poitín Éiceolaíocht Bagairt An tAiteal Juniperus communis Dónn an adhmad an aitil go maith, agus bíonn deatach cumhraithe agus beagnach dofheicthe uaidh. Mar gheall air seo, dhóití an t-adhmad in stiléireacht aindleathacha in Albain—ceann de na cúiseanna go bhfuil an crann neamhchoitianta anois i nGarbhchríocha na tíre sin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Fásfaidh an seiceamóir i ngach cineál créafóige. Tá sé ar cheann de na crainnte neamhdhúchasacha is cruaite, agus ní chuireann mórán galar as dó ach an oiread. Tá sé in ann gaoth láidir agus sáile a sheasamh, agus tá sé ar cheann de bheagán crann a fhásann go maith ar chósta feannta an iarthair. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Scaipeadh Síolta An Coll Corylus avellana Is cnónna coill (nó collchnó) iad na torthaí agus fásann idir ceann agus ceithre cinn le chéile ar an ngéag. Clúdaíonn crotal glas duilleogach (ar a dtugtar tiomchla) trí cheathrú cuid de gach cnó. Tagann dath donn ar na cnónna sa bhfómhar nuair a bhíonn siad aibí agus titeann siad den chraobh. Itheann éin, luchain, agus ioraí rua na cnónna. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Féileacáin An Draighean Fearna Frangula alnus Is ar an draighean fearna agus ar an paide bréan (Rhamnus cathartica) a bhíonn an buíóg ruibheach (Gonepteryx rhamni) ag brath. Beireann an féileacán seo uibheacha ar na duilleoga agus itheann na bratógaí iad nuair a bheirtear iad. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Galar Fungas An Fhearnóg Alnus glutinosa Galar eile a bhuaileann fearnóga is ea ‘teanga fhearnóige’, ionfhabhtú an fhungais Taphrina alni. Mar thoradh air seo, fásann gál (fásóg neamhghnáthach a bhíonn ar phlandaí) a bhreathnaíonn cosúil le teanga as torthaí glasa na fearnóige. Ní léir go ndéanann sé dochar don chrann fhéin, ach is aisteach an radharc iad na teangacha ag gobadh amach ó thoradh an chrainn. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Cosaint Nimh Úsáid Éarthach Feithidí Nimh An Trom Sambucus nigra Tá ciainíd hidrigine (HCN), nimh chumhachtach, i nduilleoga agus i ngas an troim. Seachnaíonn feithidí an sceach agus úsáidtear codanna an chrainn chun an ruaig a chur ar fheithidí. Chrochtaí timpeall ar dhéirithe é chun na míoltóga a choinneáil uathu. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ball Tarra Truailliú Fungas An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Is minic go bhfeictear spotaí dubha ar dhuilleoga an tseiceamóra in Éirinn. Tugtar an tar spot fungus ar an bhfungas is cúis leo, Rhytisma acerinum. Ní dhéanann an t-ionfhabhtú seo dochar don chrann. Tá an fungas seo leochaileach do dhé-ocsaíd sulfair (SO₂), truailleán aeir a bhíonn coitianta i gceantair uirbeacha. Chuige sin, is níos minice a fheictear na spotaí dubh ar dhuilleoga an tseiceamóra i gceantair le haer glan. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Scaipeadh Síolta éin Feithidí An Caorthann Sorbus aucuparia Itheann bratóga leamhan duilleoga an chaorthainn agus is iomaí cineál éan (lonta dubha agus smólaigh, ach go háirithe) a itheann caora an chaorthainn, agus ag scaipeadh an chrainn dá thoradh sin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht Flóra Feithidí An Dair Ghaelach Quercus petraea Déanann crainn dharacha lánfhásta ceannbhrat oscailte a scaoileann solas síos go sraith talún na coille, a théann chun sochair bláthanna coille an earraigh—coinnle corra, sailchuachanna, creabhanna, agus neadacha coille, ina measc. Is foinse bheatha freisin iad na feithidí a mhaireann ar an gcrann d’éin agus do chreachadóirí eile. Amhail crainn eile, saibhríonn duilleoga lofa an chrainn an ithir. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Frith-Dhóiteáin An Chaithne Arbutus unedo Ceaptar go bhfuil tréithe dófhriotaíocha ag an gcaithne, agus gur buntáiste don chrann é an loscadh sléibhe, a choinníonn crainn níos airde, a bhíonn in iomaíocht leis an gcaithne, faoi smacht. Maítear gur fhulaing coillte caithne nuair a stopadh tinte sléibhe sa gceantar ina bhfásann sí. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gál Feithidí Úsáid Dúch An Dair Ghaelach Quercus petraea Tugadh an gálfhoiche Andricus kollari, a dhéanann gáil chrua sféaracha (tugtar gáil mharmaracha orthu), ón Meánoirthear go hÉirinn sna 1830idí le go bhféadfaí na gáil a úsáid le dathú agus i ndéantúsaíocht dúigh. Tá saolré casta ag na feithidí beaga seo agus bíonn speiceas eile den dair, an tsearbhdhair, ag teastáil uathu le gur féidir leo iomadú. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht éin Síolta Toradh Nimh An Feoras Euonymus europaeus Itheann lonta dubha agus spideoga na torthaí. Bíonn dúil acu i bhfeoil an arail agus scaiptear an síol dá bharr. Ach ní itheann glasáin iad, mar gur síolta a bhíonn uathusan agus aithníonn siad go bhfuil síolta an fheorais nimhneach. Tá na torthaí marfach do chaoirigh freisin, agus ní itheann ainmhithe (seachas gabhair) na duilleoga ach an oiread. Itheann lucha an t-aral, ach fágann siad an síol ina ndiaidh. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth Panacail Éiceolaíocht Toradh éin An Pribhéad Calafoirniach Ligustrum ovalifolium Is iad na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla, an chuid is suntasaí den phribhéad Calafoirniach. Bíonn boladh láidir uathu nuair a thagann siad amach sa samhradh. Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar. Tá siad nimhneach do dhaoine, cé go n-itheann éin iad. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht éin Ainmhithe An Cuileann Ilex aquifolium Mar gur crann síorghlas é an cuileann, tugann na duilleoga deilgneacha agus géaga dlútha an tearmann d’éin agus d’ainmhithe i gcaitheamh an gheimhridh. Tógann sé roinnt blianta ar na duilleoga a thiteann lobhadh, agus úsáideann ainmhithe amhail an ghráinneog iad chun neadracha a dhéanamh. Is foinse bheatha thábhachtach iad na caora freisin d’éin cosúil leis an deargán sneachta agus an sacán. Is gealbhán cuilinn ainm eile ar an gcorcrán coille, éan eile a bhíonn sa tóir ar chaora an chuilinn sa ngeimhreadh. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Toradh Cnó An Fheá Fagus sylvatica Is i bpéirí a fhásann bláthanna baineanna na feá, agus iad timpeallaithe ag tiomchla. Éiríonn an tiomchla adhmadach tar éis don ghaoth na bláthanna a phailniú, agus clúdaítear na síolta i gcupúl—crotal spíonlach. Bíonn ceann nó péire de chnónna feá—síolta uilleannacha—istigh sna crotail spíonlacha. Tagann na cnónna chun aibíochta idir Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair, agus titeann siad i mí na Samhna. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí éin An Fhearnóg Alnus glutinosa Is iomaí ainmhí agus feithid a bhíonn ag brath ar an bhfearnóg le maireachtáil. Meallann neachtar na gcaitíní meachain (cé nach bhfuil a gcúnamh ag teastáil ón bhfearnóg le pailin a scaipeadh) agus is minic a fheictear bratóg an leamhain fearnóige (Acronicta alni) ag ithe duilleoga na fearnóige. Itheann éin, go háirithe lasracha coille (Carduelis carduelis) agus meantáin, síolta na fearnóige díreach ón mbuaircín. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Críostaíocht Éiceolaíocht Bagairt An tAiteal Juniperus communis Cheal ábhar eile, d’úsáidtí craobhacha aitil le linn searmanais Dhomhnach na Pailme (Domhnach an Iúir) in Árainn in ionad an iúir, nach raibh ag fás ar an oileán, agus d’fhulaing na crainn go mór dá thoradh. Ní raibh dé ar an bplanda in Inis Oírr in 1893 nuair a thug Nathaniel Colgan cuairt ar an oileán. Tá sé fós ag fás ar an dá oileán eile. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Is sna 1980idí agus 1990idí a thosaigh tor an fhéileacáin ag scaipeadh in Éirinn. I 1996 ní raibh tor an fhéileacáin an-coitianta ach i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach tá sé le feiceáil ag fás ar fud na tíre anois. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bláth Raicéim Samár An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tagann raicéimí de bhláthanna buíghlasa, a chrochann anuas ón ngéag, ar an seiceamóir i mí Aibreán. Pailníonn feithidí iad—bíonn iliomad meachain faoin gcrann ag tús an tsamhraidh. Is samáir (síolta beaga sciathánacha) iad na torthaí agus bíonn go leor ar gach crann - d’fhéadfadh gach go mbeadh 30 toradh ar gach raicéim, agus os cionn 800 raicéim ar gach crann. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bithéagsúlacht éin Feithidí An Draighean Prunus spinosa Is cuid lárnach d’éiceachóras na hÉireann é an draighean. Cuireann na bláthanna pailin agus neachtar ar fáil luath sa mbliain, nuair nach mbíonn mórán plandaí eile ag bláthú. Itheann bratóga leamhain na duilleoga. Itheann éin na hairní, agus déanann siad neadacha i measc na ngéag dhlútha. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Pailniú Beacha An tAiteann Gallda Ulex europaeus Is beacha, den chuid is mó, a phailníonn bláthanna an aitinn. Téann na siad isteach sna bláthanna ag cuartú neachtair (cé nach bhfuil neachtar iontu). Brúitear na cílí ar leataobh agus clúdaíonn an mheach an stíl (an chuid bhaineann den phlanda) le pailin ón staimín. Nuair a tharlaíonn sé seo, breathnaíonn an bláth míshlachtmhar agus seachnaíonn na beacha eile é. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bagairt An Péine Albanach Pinus sylvestris Táthar ag maíomh go mbeidh drochthionchar ag an athrú aeráide ar an bpéine Albanach. Ceapfar go mbeidh fás laghdaithe, agus ráta marthanais níos ísle, ag crainn phéine atá ó dheas den líne dhomhanleithid 62N, fiú má bhíonn ardú measartha i dteocht na haeráide. Beidh tionchar thar na bearta aige seo ar an timpeallacht agus ar an gcine daonna, i bhfianaise an méid crann den speiceas seo atá ag fás ar fud an Leathsféir Thuaidh. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gnáthóg Foraois Bháistí Atlantaigh Collchoill An Coll Corylus avellana Is gnáthóg uathúil í an choill choill (nó collchoill) Atlantaigh, clampaí nó coillearnach de chrainn choill atá suite i dtírdhreach clochach, gar don fharraige, i réigiúin le haeráid mheasartha, fhliuch. Tá siad le fáil in oirthear Chontae na Gaillimhe agus sa mBoirinn. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Éiceolaíocht Bagairt An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Tá an phoibleog dhubh Atlantaigh dúchasach sa Breatain, ach tá sé freisin ar an gcrann dúchasach is mó atá i mbaol sa mBreatain.eaptar nach bhfuil ach 6,000 crann fágtha anois sa mBreatain, agus is mionlach an-bheag dóibh siúd iad na crainn bhaineanna. Tá crainn fiáine chomh hannamh sin sa mBreatain, mar gheall ar dhraenáil na talún, go gceaptar nach féidir leis na cinn atá fágtha iad féin a phailniú níos mó. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Ionrach An Gabhrán Clematis vitalba Ní planda dúchasach é an gabhrán, ach éalaitheach gairdín. Cé gur in oirthear agus i ndeisceart na tíre is mó a fhásann sé faoi láthair, tá an planda seo ag scaipeadh in Éirinn. Tá tréithe ionracha ag an bhféith seo, agus glacann sé seilbh iomlán ar na gnáthóga seo má scaoiltear leis. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Artach-alpach Lus na Stalóg Arctostaphylos uva-ursi Is planda Artach-Alpach é lus na stalóg. Fásann sé i réigiún impholach an Leathsféir Thuaidh agus ar shuíomhanna arda níos faide ó dheas. Tá sé in ann fuacht, triomach, agus gaoth a sheasamh. Is planda annamh in Éirinn é nach bhfásann ach san iarthar agus san iarthuaisceart. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Feithidí Féileacáin Tor an Fhéileacáin Buddleja davidii Bíonn boladh láidir ó bhláthanna thor an fhéileacáin a mheallann feithidí, go háirithe féileacáin, chun iad a phailniú. Is mar gheall air seo a thugtar tor an fhéileacáin air. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Bláth Pailniú Feithidí An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Is bláthra pirimidiúla (panacail) a fhásann go ceartingearach ar chraobhacha an chrainn cnó capaill. Bíonn dath bán orthu, seachas gur dath buí a bhíonn ar bhun na bpeiteal. Nuair a phailníonn feithidí iad athraíonn an píosa seo ón dath buí go dath dearg. Is comhartha é seo go bhfuil an bláth pailnithe, agus mar sin bogann na feithidí ar aghaidh go dtí an chéad bhláth eile. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Planda Téisclime Stair Oighearaois An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Bhí na beitheanna i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis an oighrithe dheiridh. Léiríonn taifid pailine ón am sin gur scaip siad go tapa ar fud an oileáin luath sa tréimhse Holaicéineach, timpeall 10,000 bliain ó shin. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Lonnaíocht Coill An Fheá Fagus sylvatica Bíonn an talamh i gcoillte feá faoi scáth ag ceannbhrat dlúth na nduilleog agus clúdaithe freisin ag cairpéad de dhuilleoga agus crotail fheoite na síolta. Ní mhaireann sna coinníollacha sin ach plandaí scáthfhulangacha. Le rudaí níos deacra a dhéanamh do phlandaí eile, súnn fréamhacha éadomhain na feá an t-uisce atá timpeall ar an gcrann. Mar nach bhfuil mórán plandaí eile in ann scáth na feá a sheasamh, ná dul in iomaíocht le fréamhacha éadomhain an chrainn chun uisce talún a fháil, is minic gurb í an fheá an t-aon speiceas de chrann a fhásann sa gcoillearnach. Blúiríní an phlanda seo → Stair Leamhan Éiceolaíocht Leamhan An Dair Ghaelach Quercus petraea Mar aon le speiceas ar bith eile, tá an dair leochaileach d’ionfhabhtú ó bhaictéir agus fungais, agus d’ionradh ó fheithidí. Thug nóta gan dáta, scríofa ar phíosa veillim agus sáite isteach i Leabhar Buí Leacáin (ón 14ú nó 15ú haois) le fios nár fhág ionfhabhtú ón leamhan, Tortrix viridana, duilleog amháin féin ar na daracha i gcríocha Uí Fhlaithearta in iarthar Chonnacht. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Aifidí An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Maireann an aifid bheag ghlas, Drepanosiphum platanoidis ar dhuilleoga an tseiceamóra. Is iad is cúis leis an drúichtín meala greamaitheach a bhíonn ar na duilleoga. Cé gur feithidí beaga iad, d’fheadfadh dhá mhilliún de na míolta beaga a bheith ag maireachtáil ar aon chrann amháin. Blúiríní an phlanda seo →