Blúiríní: Ainmneacha ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Ainmneacha + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna + Fochlibeanna: Ainmneacha Airde Gnáthóg Toradh Tréithe Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Ainmneacha An Bheith Gheal Betula pendula Faigheann an bheith gheal an t-ainm pendula (san ainm eolaíoch) toisc go mbíonn cuma shilte ar an gcrann. Tugtar an bheith gheal uirthi mar gheall ar ghileacht na coirte. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Duilleog Ainmneacha An Meas Torc Allta Hypericum androsaemum Bíonn boladh láidir uaidh duilleoga ón meas torc allta nuair a bhrúitear iad. Deirtear gur boladh muice é agus gur uaidh seo a tháinig ainm Gaeilge an phlanda. Deirtear freisin go bhfuil boladh na nduilleog cosúil le ambergris (substaint luachmhar a thagann ón gcaisealóid, speiceas de mhíol mór). Mar gheall air seo, uaireanta glaoitear sweet-amber ar an bplanda. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fodar Ainmneacha An tSailchearnach Salix caprea Bhaintí leas as an tsailchearnach mar fhodar do bheithígh. Is caprea, a chiallaíonn gabhar sa Laidin, atá in ainm eolaíoch an phlanda, mar go gceaptar go dtugtaí duilleoga mar fhodar do ghabhair fadó. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Géaga An tSaileach Bhriosc Salix x fragilis Murab ionann agus saileacha eile, is furasta na géaga a bhriseadh den tsaileach bhriosc — ceaptar gur ón tréith seo a fuair an crann an t-ainm Gaeilge, an t-ainm Béarla, agus an t-ainm eolaíoch (fragilis). Thugtaí sail na mbaintreach ar an tsaileach bhriosc i Sasana, mar go raibh sé de nós ag géaga an chrainn titim anuas ar fhir chéile gan aon fhógra. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Riosóim Ainmneacha An tSaileach Reatha Salix repens Scaipeann an tsaileach reatha ag úsáid riosóm, fréamhacha faoi thalamh as a bhfásann planda nua. Bíonn sé seo amhlaidh le go leor plandaí le 'reatha' san ainm Gaeilge, nó repens san ainm eolaíoch. Mar gheall ar an tréith seo, feictear an tsaileach reatha ag fás i dtomacha móra de go leor plandaí ag fás in éineacht le chéile. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is dath glas neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog ar an tsaileach rua. Bíonn an taobh íochtarach gormghlas. Tagann ribí gruaige rua ar an taobh íochtarach freisin, ribí a bhíonn feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth Ainmneacha An Fhiúise Fuchsia magellanica Bláthaíonn an fhiúise ar feadh tréimhse fhada—ó thús an tsamhraidh go tús an gheimhridh—agus bíonn go leor bláthanna ar an bplanda ag aon am amháin. Tugtar milíní ar na bláthanna (ach uaireanta is tagairt í seo don phlanda iomlán). Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Duilleog Ainmneacha An Crann Creathach Populus tremula Is mar go mbíonn na duilleoga ag creathadh agus ag siosarnach, fiú nuair nach bhfuil san aer ach puth gaoithe, a thugtar an crann creathach air. Bíonn gais na duilleoige fada, leacaithe, agus solúbtha in aice leis an lann duille. Is í seo an chúis mheicniúil go gcreathann na duilleoga chomh héasca sa ngaoth. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Thugtaí torthaí an chrainn cnó capaill do chapaill, agus deirtear gur as sin a tháinig ainm an chrainn. Ach má bhreathnaítear go géar ar an lorg duille ar na craobhacha, feicfear go bhfágann an duilleog, a thiteann ón ngéag sa bhfómhar, lorg crú capaill ar an gcraobh, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An tSaileach Liath Salix cinerea fosp. cinerea Is plandaí den speiceas céanna iad an tsaileach liath agus an tsaileach rua (Salix cinerea oleifolia). Is beag difríocht atá eatarthu, seachas go dtagann ribí gruaige rua ar thaobh íochtarach na nduilleog ar an tsaileach rua. Bíonn siad feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Ní bhíonn na ribí seo ar dhuilleoga na sailí léithe. Bíonn scáil liath ar dhuilleoga an dá fhospeiceas, agus is uaidh sin a thagann cinerea, a chiallaíonn luaith, san ainm eolaíoch. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha An Meas Torc Allta Hypericum androsaemum Cé gur ceann de luibheanna Eoin Baiste (Hypericum spp.) é an meas torc allta, is le Colm Cille nó leis an Mhaighdean Mhuire is mó a luaitear an planda. Ciallaíonn androsaemum “fuil an fhir”, agus is tagairt é de dhath sú an phlanda, sin nó do spotaí dearga na mbláthanna. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Coirt Ainmneacha An Draighean Prunus spinosa Bíonn dath liath dorcha, beagnach dubh, ar choirt an draighin, agus is as an cuma dhorcha sin sa ngeimhreadh a d’eascair an t-ainm an draighneán donn, an draighnéan dubh agus, i mBéarla, blackthorn. Bíonn an choirt tanaí freisin, agus bíonn dath oráiste le feiceáil ar an gcoirt istigh nuair a scamhann sé. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Leigheas An Meas Torc Allta Hypericum androsaemum Is iomaí úsáid a bhaintí as an meas torc allta mar luibh leighis. Is ón bhFraincis (tout-saine, a chiallaíonn leigheas ar gach rud) a thagann ainm Béarla an phlanda, tutsan, léiriú ar úsáid an phlanda mar chógas leighis. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Logainmneacha An Roithleog Myrica gale Is ó fhocal Gréigise a chiallaíonn ‘cumhra’ a thagann an t-ainm Myrica in ainm eolaíoch na roithleoige. Cé nach bhfuil mórán plandaí eile in Éirinn leis an oiread sin ainmneacha éagsúla orthu, ní léir gur thug an sceach mórán de na hainmneacha seo do logainmneacha na hÉireann. Tá Ciob Roideoige (Cíb na Raideog) i gContae Mhuineacháin agus deir Williams gur Crois na Roideog an seanainm a bhí ar Chrois Chúil Aodha, Contae Chorcaí.Seachas sin, ní fheictear go bhfuil mórán áiteanna eile ainmnithe in ómós an phlanda suntasach seo. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Dáileadh Aolchloch Eibhear An tAiteal Juniperus communis Mar a thugann ainmneacha eile an chrainn—iúr creige agus biora leacra—le fios, fásann sé ar chréafóg thirim, alcaileach ar phábháil aolchloiche—in Árainn, sa mBoireann, i gContae na Gaillimhe, i dTír Conaill, agus i gContae Chiarraí.Tá sé le fáil freisin in ithir aigéadach ar fhánaí sléibhte i dtuaisceart Chonamara, agus ar charraigeacha eibhir Cheantar na nOileán, i ndeisceart Chonamara. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha An tAiteal Juniperus communis Tá roinnt ainmneacha eile luaite leis an aiteal, rud atá spéisiúil do chrann nach bhfuil chomh fairsing sin. Tá aiteann, aitiol, bearnán Brighde, biora leacra, iubhar Craige , iubhar talmhan, agus iubhar beinne ar fad ag foclóir Lane don chrann. Tá aitin, aiteil, aitiol, agus bior leacain ag Cameron. Tá iubhar-talamh ag Cameron freisin, don chrann sínte. Dar leis, tháinig bior leacain as ‘Arran’. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Dáileadh An tSaileach Liath Salix cinerea fosp. cinerea Fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin den chuid is mó. Breathnaíonn sí an-chosúil leis an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia), ceann de na saileacha is fairsinge in Éirinn. Tugtar an tsaileach liath uirthi mar gheall ar dhath liath na ribí gruaige a bhíonn ar thaobh íochtarach na nduilleog. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha An tAiteal Juniperus communis Seachas gur dhá sceach shíorghlas, dheilgneach iad an t-aiteal agus an t-aiteann (Ulex spp.), ní bhreathnaíonn an dá phlanda cosúil lena chéile. Ach luaitear an t-ainm 'aiteann' agus focail chomhchosúla leis an aiteal. Tugtar 'aiteanach' (nó 'aiteannach') ar an aiteann agus ar an aiteal, glaoitear 'caora aiteanaigh' (agus 'caor aitinn') ar bhuaircíní an aitil, i nDún na nGall. Tá 'aitinn', 'aitiunn' agus 'aiteil' ar an aiteal i nGaeilge na hAlban freisin. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Logainmneacha An Péine Albanach Pinus sylvestris Tugtar giúis ar an bpéine Albanach freisin, cé gurb í giúis an t-ainm caighdeánach atá ar na crainn sa ngéineas Abies (fir i mBéarla). Is giúis nó giúsach phortaigh an focal atá ar an adhmad sin a fhaightear sna portaigh in Éirinn. Is iarsmaí iad seo de na crainn a d’fhás sna gnáthóga sin fadó. Cé gur crainn phéine a bhí i gcuid acu, bhí daracha ina measc freisin. Níl giúis mórán le feiceáil i logainmneacha na tíre, cé go bhfuil Mín an Ghiúis i gContae Dhún na nGall. Tá na focail giubhas, giuthas, nó giús níos coitianta i logainmneacha na hAlban, áit a raibh an crann i bhfad níos fairsinge. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Leigheas An Fhiúise Fuchsia magellanica Is ainmnithe don dochtúir Gearmánach agus saineolaí ar úsáid plandaí sa leigheas, Leonhart Fuchs (1501-1566), atá an fhiúise (cé nach bhfaca sé fhéin an planda riamh). Is tagairt do Chaolas Magellan, atá in aice le ceantar dúchais an phlanda, é magellanica. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Maítear go dtagann an focal ‘beith’ ón bhfocal Gaillise don chrann, 'betu', agus go bhfuil gaol aige leis an bhfocal 'bitumen'. Dhéantaí tarra as coirt an chrainn atá cosúil le biotúman. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Tréithe Airde Tréithe Airde An Crann Sníofa Salix aurita In ainneoin ainm an phlanda seo, is sceach bheag, ghéagach, íseal í an crann sníofa. Is iondúil gur idir 60-200 cm ar airde a bhíonn sí. Is níos ísle fós, agus feosaí, a bhíonn sí in áiteanna feannta. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Duilleog An Crann Sníofa Salix aurita Bíonn stípeoga móra duán-chruthacha, le himill fhiaclacha orthu, ag íochtar ghas na duilleoige. Is cosúil le duilleoga beaga a bhíonn na stípeoga seo. Bíonn cuma chluasa orthu, agus is uathu a fhaigheann an planda an t-ainm Béarla, eared willow. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis Is minic a dhéantar tagairt don tsaileach dhubh i dtaifid faoin gcaoladóireacht in Éirinn. Ní Salix myrsinifolia, speiceas annamh ar a dtugtar an tsaileach dhubh, atá i gceist anseo. Is tagairt í an tsaileach dhubh do na saileacha dúchasacha sin nach mbaintí úsáid rialta astu i gceird na caoladóireachta. Blúiríní an phlanda seo → Stair Ainmneacha An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Thugtaí an t-ainm Laidine planta genista ar an ngiolcach shléibhe ar Mhór-roinn na hEorpa, agus is é a bhí mar shuaitheantas araltais ag clann ríoga in Anjou na Fraince sna Meánaoiseanna. Is mar gheall ar sin a shocraigh siad Plantagenet a thabhairt orthu féin, agus bhí siad i gceannas ar Shasana, agus cuid den oileán seo, ó 1154 go 1485. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Toradh An Chaithne Arbutus unedo Cé go bhfuil torthaí na caithní searbh, tá siad inite. B’fhéidir gurbh é sin an chúis leis an ainm eolaíoch, unedo, a chiallaíonn “ith ceann amháin”, rud nár stop na bochtáin iad a ithe san iardheisceart. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha An Cuileann Ilex aquifolium Tugtar 'cuileann na gcaortha' ar an gcuileann nuair a bhíonn torthaí air, agus 'cuileann Muire' ar na gearrthóga cuilinn feoite a bhíonn fágtha thart tar éis na Nollag. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Arm Ainmneacha An tIúr Taxus baccata Toisc go bhfásann sé go mall, tá adhmad dorcha, donndhearg an iúir ar cheann de na bogadhmaid is dlúithe. Tá sé solúbtha freisin—is den tslat iúir a dhéantaí boghanna fada (ceaptar gur tháinig Taxus, in ainm eolaíoch an chrainn, ó taxon, focal Gréigis do bhogha), chomh maith le sleánna, feirce, agus claimhte. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Tugtar Acer pseudoplatanus ar an seiceamóir san ainm eolaíoch mar go bhfuil cosúlachtaí idir dhuilleoga an tseiceamóra agus na duilleoga a bhíonn ar chrainn phlána atá sa ngéineas Platanus, cosúil le plána Londan (Platanus hispanica), crann atá fairsing in Éirinn. Tugann Meiricánaigh ’sycamore’ ar an gcrann, Platanus occidentalis, a fhásann i Meiriceá Thuaidh. Is 'sycamore’, freisin, a thugtar ar an Ficus sycomorus, crann figí a fhásann san Áis agus san Afraic. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An Dair Ghaelach Quercus petraea Is ar éigean go mbíonn gas duilleoige (peitín a thugtar air) ar bith ag an dair ghallda, ach bíonn ceann réasúnta fada (os cionn 1 cm) ar dhuilleoga na darach gaelaí. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Gnáthóg An Dair Ghaelach Quercus petraea Tá an dair ghaelach compordach i gcréafóg atá aigéadach agus draenáilte go maith. Níl doimhneacht mhór chréafóige ag teastáil uaithi (ciallaíonn petraea 'clochach', tagairt den ghnáthóg choitianta ina bhfásann sí), agus tá sí níos scáthfhulangaí ná mar atá an dair ghallda. Blúiríní an phlanda seo →