Blúiríní: Duilleog ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Sainaithint + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna: Duilleog + Fochlibeanna: Sainaithint Aral Bachlóga Bláth Buaircín Capsúl Coirt Deilgní Duilleog Géaga Samár Saothróg Stípeoga Toradh Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Sainaithint Duilleog An Fhearnóg Liath Alnus incana Bíonn duilleoga ubhchruthacha le bior ar bharr na nduilleog ar an bhfearnóg liath, murab ionann agus an fhearnóg dhúchasach, a mbíonn duilleoga piorracha uirthi, le heang ar a mbarr. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog Bláth An Sceach Gheal Crataegus monogyna Tagann bláth ar an sceach gheal tar éis d'oscailt na nduilleog, tagann bláth ar an draighean (Prunus spinosa) sula n-osclaíonn na duilleoga. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An tSaileach Liath Salix cinerea fosp. cinerea Is plandaí den speiceas céanna iad an tsaileach liath agus an tsaileach rua (Salix cinerea oleifolia). Is beag difríocht atá eatarthu, seachas go dtagann ribí gruaige rua ar thaobh íochtarach na nduilleog ar an tsaileach rua. Bíonn siad feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Ní bhíonn na ribí seo ar dhuilleoga na sailí léithe. Bíonn scáil liath ar dhuilleoga an dá fhospeiceas, agus is uaidh sin a thagann cinerea, a chiallaíonn luaith, san ainm eolaíoch. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Duilleog Ainmneacha An Crann Creathach Populus tremula Is mar go mbíonn na duilleoga ag creathadh agus ag siosarnach, fiú nuair nach bhfuil san aer ach puth gaoithe, a thugtar an crann creathach air. Bíonn gais na duilleoige fada, leacaithe, agus solúbtha in aice leis an lann duille. Is í seo an chúis mheicniúil go gcreathann na duilleoga chomh héasca sa ngaoth. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An tSaileach Chorcra Salix purpurea Fásann na duilleoga a bhíonn ar an tsaileach chorcra ar aghaidh a chéile ar an ngas (go hurchomhaireach), murab ionann agus na saileacha eile in Éirinn, a mbíonn duilleoga ailtéarnacha acu. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Fhearnóg Iodálach Alnus cordata Is sna duilleoga is mó gur féidir na difríochtaí a fheiceáil idir an fhearnóg choiteann agus an fhearnóg Iodálach. Bíonn dromchla uachtarach dhuilleoga na fearnóige Iodálaí lonrach agus bíonn dath glas geal orthu — i gcodarsnacht le dath neamhlonrach, níos dorcha na fearnóige coitinne. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog Bláth An Pribhéad Ligustrum vulgare Is planda sceachach é an pribhéad atá an-chosúil leis an bpribhéad Calafoirniaich, éalaitheach ghairdín neamhdhúchasach. Bíonn na géaga óga agus an bláthra clúmhach ar an bpribhéad (ní bhíonn siad clúmhach sa bpribhéad Calafoirniach). Is cruth lansach a bhíonn ar na duilleoga (bíonn cruth ubhach ar dhuilleoga an phribhéid Calafoirniach, agus bíonn scáil lonrach orthu). Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Paide Bréan Rhamnus cathartica Tá cosúlachtaí idir an paide bréan agus an draighean fearna ach is féidir na duilleoga a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Fásann na duilleoga ar aghaidh a chéile ar an ngéag (is go hailtéarnach a fhásann na duilleoga a bhíonn ar an draighean fearna). Bíonn 2-3 péirí de féitheacha cuartha ar dhromchla na duilleoige. Tagann na féitheacha go léir le chéile ag bior na duilleoige ar an bpaide bréan, ach ritheann na féitheacha ó lár na duilleoige go dtí an imeall ar an draighean fearna. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is dath glas neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog ar an tsaileach rua. Bíonn an taobh íochtarach gormghlas. Tagann ribí gruaige rua ar an taobh íochtarach freisin, ribí a bhíonn feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Blúiríní an phlanda seo → Inite Bia Toradh Bláth Duilleog An Sceach Gheal Crataegus monogyna Tá go leor codanna den sceach gheal inite. Dhéantaí glóthach, subhanna, stobhach torthaí le cur i gcácaí, agus fíon as na torthaí agus na bláthanna. Déantar na bláthanna a chur ar bogadh i mbranda chun licéar a dhéanamh. Dhéantaí plúr as na torthaí triomaithe agus chuirtí leis an ngnáthphlúr é chun arán a dhéanamh. Is féidir sailéid a dhéanamh de na duilleoga agus de na bláthanna, agus tae de na duilleoga. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Crann Silíní Fiáin Prunus avium Is duilleoga éilipseacha a bhíonn ar an gcrann silíní fiáin, le himill fhiaclacha orthu. Bíonn dhá fhaireog dhearg ar an dá thaobh de ghas na duilleoige. Ceaptar go mealann na faireoga seo feithidí a itheann feithidí a dhéanann damáiste don chrann. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Duilleog Deilgní An Cuileann Ilex aquifolium Tá an cuileann in ann duilleoga difriúla a fhás ag brath ar chúinsí seachtracha éagsúla. Má thosaíonn ainmhithe ag ithe na nduilleog in íochtar, fásann an planda duilleoga deilgneacha mar straitéis chosanta. Ní gá don chrann é seo a dhéanamh leis na duilleoga in uachtar agus bíonn imill mhín ar na duilleoga sin. Tugtar heterophylly ar an gcumas seo atá ag planda duilleoga éagsúla a fhás. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Tréithe Bachlóga Duilleog Bratóga An Dair Ghaelach Quercus petraea Is furasta an dair a aithint sa ngeimhreadh mar go mbíonn triopaill de bhachlóga duilleoige ar bharr na ngéag. Mar go mbíonn siad leochaileach do shioc crua, ní thagann duilleoga ar an dair go dtí deireadh Aibreáin nó tús Bealtaine. D’fhéadfadh borrfhás eile duilleog a bheith ann níos deireanaí sa samhradh. Ceaptar gur eascair an tréith seo mar chosaint ón dídhuilliú a dhéanann bratógaí níos luaithe sa samhradh. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Boladh Duilleog Caitíní An Roithleog Myrica gale Bíonn boladh álainn ón bplanda mar gheall ar ola shoghalaithe a thagann ó fhaireoga sna duilleoga agus sna caitíní. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Duilleog Tabac Leigheas Peitil Duilleog Buinneach Ainéime An Draighean Prunus spinosa Dhéantaí tae, síoróip agus sú as na peitil agus thógtaí é mar chógas leighis do bhuinneach, ainéime, agus breoiteachtaí eile. Chaití duilleoga triomaithe an draighin in ionad tobac i gContae Cheatharlach. Thugtaí Irish Tea air. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog Stípeoga An Crann Sníofa Salix aurita Aithnítear an crann sníofa mar gheall ar na stípeoga móra, a bhreathnaíonn cosúil le cluasa, a bhíonn ag bun na nduilleog. Bíonn na duilleoga rocach freisin, tréith nach bhfuil ag mórán saileacha eile. Blúiríní an phlanda seo → Leigheas Duilleog Fiabhras Creathach An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Úsáideadh duilleoga an chrainn cnó capaill chun fiabhras creathach a leigheas in Éirinn, ach seachas sin ní léir go raibh mórán úsáid eile ag muintir an oileáin seo don chrann mar chógas leighis. Blúiríní an phlanda seo → Duilleog An tSaileach Bhán Salix alba Bíonn dath liathghlas ar na duilleoga lansacha a bhíonn ar an tsaileach bhán. Bíonn siad clúdaithe le ribí gruaige bána, go háirithe ar an taobh íochtarach den dhuilleog. Tugann na ribí gruaige seo cuma gheal nó bhán do na duilleoga agus don chrann, agus is mar gheall air seo a ghlaoitear an tsaileach bhán uirthi. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Duilleog An Crann Sníofa Salix aurita Bíonn stípeoga móra duán-chruthacha, le himill fhiaclacha orthu, ag íochtar ghas na duilleoige. Is cosúil le duilleoga beaga a bhíonn na stípeoga seo. Bíonn cuma chluasa orthu, agus is uathu a fhaigheann an planda an t-ainm Béarla, eared willow. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An Dair Ghaelach Quercus petraea Is ar éigean go mbíonn gas duilleoige (peitín a thugtar air) ar bith ag an dair ghallda, ach bíonn ceann réasúnta fada (os cionn 1 cm) ar dhuilleoga na darach gaelaí. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Péine Albanach Pinus sylvestris Is le chéile i bpéirí a fhásann na duilleoga spíonlacha, righin, a bhíonn ar an bpéine Albanach. Is dath glas dorcha a bhíonn orthu ach tugann na línte stómaí (na poill bheaga a éascaíonn malartú gáis) ar na duilleoga scáil ghorm nó liathghorm don duilliúr. Is tréith uathúil í seo a bhíonn ag an bpéine Albanach. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Saothróg Duilleog An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Is dath glas dorcha a bhíonn ar an taobh uachtarach ar dhuilleog an tseiceamóra. Is iondúil go mbíonn siad níos gile ar thaobh íochtarach na duilleoige, ach tá saothróga ann (var. purpureum) a bhfuil dath corcra ar thaobh íochtarach na nduilleog. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog ornáideach An Pribhéad Calafoirniach Ligustrum ovalifolium Tá an pribhéad Calafoirniach curtha go fairsing i ngairdíní ar fud na tíre, agus faightear ag fás go fiáin é mar éalaitheach gairdín freisin. Is i gcruth na nduilleog is mó a fheictear an difríocht idir an pribhéad Calafoirniach (le duilleoga lonracha ubhacha) agus an pribhéad dhúchasach (le duilleoga neamhlonracha lansacha). Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Leamhán Sléibhe Ulmus glabra Is furasta an leamhán sléibhe a aithint óna chuid duilleog. Bíonn na himill fiaclach agus bíonn an dromchla garbh, cosúil le greanpháipéar.Bíonn barr na duilleoige biorach, ach is ag bun na duilleoige, in aice leis an ngas, a fheictear an tréith is uathúla a bhíonn ag na leamháin. Bíonn an duilleog neamhshiméadrach—bíonn leath amháin den duilleog níos faide ná an leath eile. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Fhuinseog Fraxinus excelsior Is furasta an fhuinseog a aithint óna cuid duilleog. Bíonn siad cleiteacha—cosúil leis an gcaorthann (Sorbus aucuparia), crann a dtugtar mountain ash air i mBéarla, cé nach bhfuil gaol gar eatarthu. Tá idir 3 agus 6 phéirí duillíní ag gach duilleog, le duillín amháin ag fás amach ó dheireadh na duilleoige. Níl na duilleoga in ann ag oícheanta seaca—tagann dath dubh orthu agus maraítear iad. Is é seo ceann de na fáthanna go dtagann siad amach chomh deireanach sin sa mbliain. Ní thagann athrú suntasach ar dhathanna na fuinseoige sa bhfómhar agus is minic go mbíonn siad fós glas nuair a thiteann siad. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Dair Ghaelach Quercus petraea Bíonn duilleoga maothánacha ag an dair ghaelach agus an dair ghallda. Bíonn duilleoga na darach gaelaí níos faide ná mar a bhíonn siad leathan, agus is os cionn lár na duilleoige a bhíonn an leithead is mó. Bíonn dhá mhaothán ar an dá thaobh den ghas ag bun na duilleoige ag an dair ghallda—tréith nach mbíonn ag an dair ghaelach. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Thugtaí torthaí an chrainn cnó capaill do chapaill, agus deirtear gur as sin a tháinig ainm an chrainn. Ach má bhreathnaítear go géar ar an lorg duille ar na craobhacha, feicfear go bhfágann an duilleog, a thiteann ón ngéag sa bhfómhar, lorg crú capaill ar an gcraobh, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Duilleog Ainmneacha An Meas Torc Allta Hypericum androsaemum Bíonn boladh láidir uaidh duilleoga ón meas torc allta nuair a bhrúitear iad. Deirtear gur boladh muice é agus gur uaidh seo a tháinig ainm Gaeilge an phlanda. Deirtear freisin go bhfuil boladh na nduilleog cosúil le ambergris (substaint luachmhar a thagann ón gcaisealóid, speiceas de mhíol mór). Mar gheall air seo, uaireanta glaoitear sweet-amber ar an bplanda. Blúiríní an phlanda seo →