Blúiríní: Úsáid ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Úsáid + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna + Fochlibeanna: Úsáid Adhmadóireacht Ainmhithe Alúm Arm Bád Bádóireacht Barra Bioráin Bithmhais Bláthola Breosla Bróga Bunscoitheadh Camán Caoladóireacht Ceimiceáin Ceol Ceol Cogadh Coire Coirt Críostaíocht Cruit Cumhrán Dathú Dearcán Deatach Dúch Duilleog Ealaíon Éarthach Feithidí Easair Fainic Fearsaidí Feithidicíd Fidil Fíoghual Fítileasúchán Fodar Foraoiseacht Frith-Athlastacha Gaistí Garraíodóireacht Ginmhillteán Glanadh Gréasaíocht Innealra Lignin Mil Naigíní Nimh Ola Páipéar Pianmhúchán Pic Píopaí Poitín Potaí Púdar Roisín Sainaithint Scuab Sníomhadóireacht Spórt Sú Bheithe Súdaireacht Tabac Tarra Truailliú Tuirpintín Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Úsáid Truailliú Fítileasúchán An tSailchearnach Salix caprea Baintear úsáid as an tsailchearnach, agus saileacha eile, i bpróisis fhítileasúcháin. Is bealach é seo chun talamh atá truaillithe a ghlanadh. Cuirtear crainn saileacha le go ndéanfaidh siad miotail throma—go háirithe caidmiam (Cd) agus sinc (Zn)—agus ceimiceáin chontúirteacha eile a shú isteach sa gcrann. Blúiríní an phlanda seo → Stair Úsáid An Dair Ghaelach Quercus petraea Is as dair a dhéantaí formhór an fhioghuail a bhí ag teastáil chun iarann a bhruithniú sular tosaíodh ar ghual a dhó. Thosaigh daoine ag bruithniú iarainn os cionn 2,000 bliain ó shin agus bhí an cheird fairsing ar an oileán seo—tá 79 foirnéis bhruithnithe ón Iarannaois aimsithe ag seandálaithe in Éirinn go dtí seo. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Adhmadóireacht An Leamhán Sléibhe Ulmus glabra Tá adhmad na leamhán láidir, marthanach agus éasca le hoibriú. Is focal sean-Bhéarla é wych a chiallaíonn solúbtha agus súpláilte. Chuige sin, bhí luach ard ar an adhmad mar gheall ar na tréithe seo. Tá an t-adhmad uiscefhriotaíoch, agus d’úsáidtí é chun píopaí uisce agus báid a dhéanamh, chomh maith le geataí loic ar chanálacha. Chuirtí leamháin ar bhruacha na Canála Ríoga chun adhmad a sholáthar le freastal ar an éileamh seo. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht Bunscoitheadh An Coll Corylus avellana Ní gá go gcailltear crann má ghearrtar an stoc. Tá cineálacha crainn ann a fhásfaidh meatháin nua ón áit a ghearrtar iad. Is minic go mbíonn na meatháin seo caol, díreach, ar aon mhéid lena chéile agus an-úsáideach. Má ghearrtar na géaga seo gar don talamh, le himeacht aimsire fásfaidh meatháin nua ón stoc agus tosóidh an timthriall arís. Is bunscoitheadh a thugtar ar an gcleachtas seo. Is cleachtas ársa é seo atá linn ón tréimhse Neoiliteach.Is iomaí crann dúchasach in Éirinn a ghlacann le bunscoitheadh. Chomh maith leis an gcoll, dhéantaí é ar an tsaileach, an fhearnóg, an leamhán, an fhuinseog, an dair, an bheith agus an crann fia-úll. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Páipéar Lignin Bithmhais Fíoghual An Crann Creathach Populus tremula Déantar páipéar ar ardchaighdeán as an gcrann creathach mar nach bhfuil mórán lignine ann. Éiríonn páipéar briosc agus tagann dath buí air má bhíonn an iomarca lignine ann. Déantar cipíní solais, fioghual ar ardchaighdeán, agus bithmhais le dó (mar go bhfásann sé go tapa) as an gcrann creathach freisin. Blúiríní an phlanda seo → Stair Úsáid Nimh Cogadh An tIúr Taxus baccata Tá sé ráite gur foinse adhmaid do bhoghanna a bhí sna hiúir a cuireadh in aice le séipéil. Chuireadh na Ceiltigh nimh an iúir ar a gcuid saighdeanna agus bhí dlí sa Mheánaois in Albain go gcaithfeadh iúr a bheith ag fás i ngach reilig paróiste, le go mbeadh dóthain nimhe acu i gcás cogaidh. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fíoghual Súdaireacht An Chaithne Arbutus unedo Tá adhmad na caithne crua agus dlúthshnáitheach, ach briosc agus éasca le scoilteadh. Níl sé feiliúnach mar adhmad tógála, ach bhaintí úsáid as mar fhioghual, agus d’úsáidtí an choirt i gceird na súdaireachta. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dathú Coirt An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Dhéantaí dathú as an mbeith. Is iondúil gur dath donn a chuirtí ar an olann le coirt na beithe, ach d’fhéadfaí dath dearg a bhaint as sraitheanna den choirt atá níos faide istigh sa gcrann. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Adhmadóireacht Píopaí An Crann Silíní Fiáin Prunus avium Tá an crann silíní fiáin ar cheann de na crainn chrua-adhmaid is luachmhara, ó thaobh adhmaid an chrainn de, ar domhan. Úsáidtear an t-adhmad crua, dlúth i bpainéaladh, in veinírí, in urláir iontlaise, i ndéantúsaíocht caibinéad, agus chun uirlisí fuaime a dhéanamh. Is as crann silíní go minic a dhéantaí (agus a dhéantar) píopaí tobac. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis Is minic a dhéantar tagairt don tsaileach dhubh i dtaifid faoin gcaoladóireacht in Éirinn. Ní Salix myrsinifolia, speiceas annamh ar a dtugtar an tsaileach dhubh, atá i gceist anseo. Is tagairt í an tsaileach dhubh do na saileacha dúchasacha sin nach mbaintí úsáid rialta astu i gceird na caoladóireachta. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol Fidil An Mhailp Acer campestre Déantar uirlisí ceoil, cláirseacha agus veidhlíní ina measc (go háirithe cúil veidhlín), as adhmad na mailpe freisin. Ní fios go baileach cén speiceas de chrann a d’úsáid Antonio Stradivari chun a chuid veidhlíní clúiteacha, na stradivarii, a dhéanamh, ach is adhmad ó mhailp de chineál éigin a bhí ann—an mhailp nó an mhailp Lochlannach, ceaptar (chomh maith le hadhmad ó speicis eile crainn). Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Mil Nimh Leigheas Titimeas Craiceann An Róslabhras Rhododendron ponticum Tá nimh i neachtar an róslabhrais, ar a dtugtar grayanotoxin, atá in ann mil a thruailliú má bhailíonn meachain é. Tugtar mad honey ar an mhil, agus éiríonn daoine tinn (meadhrán, fís doiléir, vertigo, tinneas cinn, ag cur allais, lagú) má itheann siad é. Bhí a fhios ag daoine faoi sa gcianaimsir, agus bhí fios acu freisin gur chógas leighis a bhí ann do bhreoiteachtaí éagsúla—thitimeas agus breoiteachtaí craicne. Tá an mhil in ann meisce a chur ar dhaoine freisin agus tógtar sa Tuirc é mar dhruga áineasa, cé go bhfuil sí in ann a bheith marfach. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Adhmadóireacht An Péine Albanach Pinus sylvestris Tugtar déil dhearg ar adhmad an phéine Albanaigh. Is bogadhmad geal é—is dath buí a bhíonn ar an gcroí-adhmad agus bíonn an t-adhmad taobh amuigh de sin níos gile. Cé go bhfuil adhmad an phéine seo ar an mbogadhmad is cruaite, bíonn caighdeán an adhmaid ag brath ar cé chomh tapa a d’fhás an crann. Is minic go mbíonn ailt san adhmad agus bíonn sé roisíneach freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dearcán An Dair Ghallda Quercus robur I mbliain mhaith, d’fhéadfadh crann darach amháin dóthain dearcán a sholáthar le muc a bheathú ar feadh bliana. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Tarra Stair An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Is féidir tarra a dhéanamh as coirt na beithe ach é a thriomú i dteas ard agus gan mórán aeir a scaoileadh chuige, próiseas ar a dtugtar turdhriogadh. Aimsíodh tarra beithe ar uirlisí cloiche i dTuscáin na hIodáile a rinneadh sa tréimhse Pléisticéineach (185–135,000 bliain ó shin). Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Ainmhithe Ginmhillteán An tAiteal Juniperus communis Tá aigéad isocupressic san aiteal agus i mbuaircíneacha eile, amhail crainn phéine (Pinus spp.). Is cúis cailleadh lao é i mbeithígh, agus d'úsáideadh daoine caora an chrainn mar ghinmhillteán freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí Feithidicíd An Donnroisc Prunus padus Úsáidtear an donnroisc mar fhál sceach é mar nach n-itheann mórán ainmhithe na duilleoga agus mar chrios foscaidh agus crios fuaimdhíonach mar go bhfásann sé go tapa agus mar go ndéanann sé clampaí móra. D’úsáidtí coirt an chrainn mar lotnaidicíd san am atá caite, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol Adhmadóireacht An Cuileann Ilex aquifolium Tá adhmad an-gheal, trom, crua ag an gcuileann ach mar go bhfreangann sé nuair a thriomaíonn sé is minic nach n-úsáidtear é ach le rudaí beaga a dhéanamh. D’úsáidtí é le heochracha pianó a dhéanamh sular tosaíodh ag úsáid adhmaid éabainn, agus ansin plaisteach. Thugtaí rímhaide na coille air, agus dheirtí go scoiltfeadh ging den chuileann chuile chrann, ach nach scoiltfeadh ging de chrann ar bith é. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí Ceimiceáin An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Ceapadh i Sasana go gcuirfeadh na síolta a bhíonn ag an gcrann cnó capaill an ruaig ar fheithidí (leamhain agus damháin alla go háirithe). Freisin, d’úsáidtí na cnónna chun aicéatón a dhéanamh le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda. Dhéantaí coirdít, ábhar pléascach, as an aicéatón. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Sainaithint Stair An Draighean Prunus spinosa Is as adhmad an draighin a dhéantaí maidí siúil (an tsail éille, cé nárbh as an tsaileach (Salix spp.) a bhí siad déanta go minic). Dhéantaí bataí den draighean, agus d’úsáidtí iad le linn faicseanaíochta. Chlúdaítí le him iad agus chuirtí sa simléir iad le go dtiocfadh an dath dubh orthu. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis Is mar ábhar caoladóireachta is mó a bhaintí úsáid as an saighleánach, cé gur iomaí speiceas, hibrid, agus saothróg a d’úsáidtí, agus a úsáidtear fós, i gceird na caoladóireachta. Sampla de sin is ea an fine basket osier (Salix x forbyana), hibrid den tsaighleánach, an tsaileach rua agus an tsaileach chorcra. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Roisín Tuirpintín Feithidicíd An Péine Albanach Pinus sylvestris Is as an roisín a dhéantar tuirpintín freisin. Is iomaí táirge a dhéantar as tuirpintín—gliú, péint, tuaslagóirí, agus feithidicídí ina measc. Is as tuirpintín freisin a dhéantar an roisín (rosin) a úsáidtear chun bogha fidle a bhealú. Cé gur féidir tuirpintín a dhéanamh as roisín an phéine Albanaigh, tagann formhór de thuirpintín an domhain ó speiceas eile, Pinus palustris. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Foraoiseacht An Péine Albanach Pinus sylvestris Tugadh tús áite don Phéine Albanach nuair a bunaíodh seirbhís fhoraoiseachta in Éirinn in 1903, agus cuireadh lear mór den chrann idir sin agus 1950, nuair a laghdaíodh go mór an líon a bhí curtha sa tír. Tharla seo mar facthas go raibh an péine contórtach níos feilúnaí ar thalamh imeallach, agus go raibh an sprús Sitceach réidh le gearradh ag 35 bliain, seachas fanacht 50 bliain leis an bpéine Albanach. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Cé nach adhmad d’ardchaighdeán atá ag an tsaileach—tá sé bog, éadrom, agus solúbtha—bhí sé fairsing agus éasca le fás. Chuige sin, b’iomaí úsáid a bhaintí as adhmad ó chrann a bhí chomh flúirseach. D’úsáidtí é chun cruiteanna a dhéanamh in Éirinn go dtí an 19ú haois. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fodar An tAiteann Gallda Ulex europaeus Is mar fhodar do bheostoc—capaill agus beithígh—a d’úsáidtí go leor den aiteann a saothraíodh. Bhí an sceach shíorghlas seo in ann beathú a chur ar fáil i dtréimhse den bhliain nuair nach raibh mórán fáis eile ann. Cé go n-itheann ainmhithe na géaga óga glasa nuair a bhíonn siad bog, cruann na deilgní go tapa ar an bplanda agus seachnaíonn ainmhithe iad ina dhiaidh sin. Chun aiteann a úsáid mar fhodar, bhíodh sé le bualadh agus le brú chun na deilgní a mhaolú agus a bhriseadh. B’obair fhada, leadránach a bhí anseo — ba mhinic iad a bhrú i moirtéal cloiche ar feadh uaireanta fada an chloig. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Sú Bheithe An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Déantar síoróip nó fíon as sú na beithe. Tá mianraí éagsúla sa sú seo—copar atá in ann tionchar dearfach a imirt ar an gcóras imdhíonachta, an córas atáirgthe, agus ar an gcraiceann, an ghruaig, agus na hingne. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis D’úsáidtí géaga solúbtha na saileach in go leor ceirdeanna difriúla—caoladóireacht, déantúsaíocht troscáin, chun currachaí a dhéanamh, agus go leor eile. Dhéantaí rópaí as coirt na saileach freisin. Thugtaí gad ar an rópa a dhéantaí as an saileach. Ba iad an saighleánach, an tsaileach chorcra, an tsaileach bhriosc, saileach na dtrí bhall, agus an tsaileach bhán is mó a d’úsáidtí don obair seo.[Tá rian na dtraidisiún so fós le feiceáil sna cineálacha saileach seo atá fós ag fás ar thaobh an bhóthair, i ngarrantaí, agus ar bhruacha aibhneacha. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Arm Ainmneacha An tIúr Taxus baccata Toisc go bhfásann sé go mall, tá adhmad dorcha, donndhearg an iúir ar cheann de na bogadhmaid is dlúithe. Tá sé solúbtha freisin—is den tslat iúir a dhéantaí boghanna fada (ceaptar gur tháinig Taxus, in ainm eolaíoch an chrainn, ó taxon, focal Gréigis do bhogha), chomh maith le sleánna, feirce, agus claimhte. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dathú Ealaíon Páipéar An Paide Bréan Rhamnus cathartica Déantar ruaim bhuí do pháipéar as an gcoirt agus na torthaí réamhaibí a bhíonn ar an bpaide bréan, agus déantar ábhar datha glas, le húsáid ar phictiúir uiscedhatha, as na torthaí aibí. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Gaistí An Cuileann Ilex aquifolium Dhéantaí glae glas (birdlime) as coirt an chuilinn, measctha le hola cnónna. Is substaint ghreamaitheach é a d’úsáidtí mar ghaistí chun éin a ghabháil. Chuir an t-Acht chun Éanacha Fiadhaine do Chaomhaint, 1930, deireadh leis an gcleachtas cruálach seo. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Easair An tAiteann Gallda Ulex europaeus D'úsáidtí aiteann (chomh maith le tuí, luachair agus raithneach) mar easair—plandaí tirime a scaiptí ar urlár na gcróití, nó ar an talamh i gcúinne de gharraí, le compord a thabhairt d’ainmhithe agus iad ina luí. Bhaintí úsáid astu i gclósanna feirme freisin mar cuid den aoileach. Chaití ar thalamh an chlóis é, go háirithe in áiteanna a bhíodh fliuch nó cartaithe ag na hainmhithe, agus ligtí cead dó lobhadh. Dhéantaí carnáin de agus scaiptí sna garrantaí é (agus ar na fataí) de réir mar a bhí sé ag teastáil. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Pianmhúchán Frith-Athlastacha An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Ar feadh na mílte bliain, bhí an-tóir mar acmhainn leighis ar chrainn i ngéineas na saileach, agus tá údar maith leis sin. Cé gur san airgead luachra (Filipendula ulmaria) a aimsíodh an t-aigéad salaicileach, frítheadh an ceimiceán céanna i sú agus i gcoirt na saileach, agus is mar gheall air seo a tugadh salicin air. Is ón gceimiceán seo a dhéantar aspairín, pianmhúchán agus druga frith-athlastach neamhstéaróideach. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht Bunscoitheadh An Coll Corylus avellana Ba mhór an tábhacht a bhí le crainn choill in Éirinn, go háirithe i dtionscal na caoladóireachta. Is féidir an coll a bhunscoitheadh—na géaga a ghearradh in íochtar, gar don talamh, le go bhfásfaidh meatháin ar ais níos tréine an bhliain dár gcionn. Bíonn géaga an choill láidir, solúbtha, agus éasca le scoilteadh. Is as caolach coille—ina mbíonn na géaga fite go dlúth lena chéile—a dhéantaí sconsaí chun ainmhithe a choinneáil istigh, chomh maith le díonta agus ballaí tí. Dhéantaí ciseoga, ciseáin, agus potaí gliomaigh as géaga coille. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Duilleog Tabac Leigheas Peitil Duilleog Buinneach Ainéime An Draighean Prunus spinosa Dhéantaí tae, síoróip agus sú as na peitil agus thógtaí é mar chógas leighis do bhuinneach, ainéime, agus breoiteachtaí eile. Chaití duilleoga triomaithe an draighin in ionad tobac i gContae Cheatharlach. Thugtaí Irish Tea air. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Tarra Pic Bádóireacht An Péine Albanach Pinus sylvestris Faightear tarra péine nuair a dhéantar adhmad an phéine Albanaigh a dhriogadh—is é sin an t-adhmad a théamh (ach gan é a dhó) agus na gail a thagann as a chomhdhlúthú. Is as an tarra péine a dhéantar an substaint pic, a d’úsáidtí go forleathan i réimsí na bádóireachta agus na seoltóireachta chun adhmad agus seolta a chaomhnú. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Cosaint Nimh Úsáid Éarthach Feithidí Nimh An Trom Sambucus nigra Tá ciainíd hidrigine (HCN), nimh chumhachtach, i nduilleoga agus i ngas an troim. Seachnaíonn feithidí an sceach agus úsáidtear codanna an chrainn chun an ruaig a chur ar fheithidí. Chrochtaí timpeall ar dhéirithe é chun na míoltóga a choinneáil uathu. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Innealra An Bheith Chlúmhach Betula pubescens bhaintí úsáid as an mbeith chun páirteanna d’innealra a dhéanamh i dtionscadal déantúsaíochta an chadáis sa mBreatain. Blúiríní an phlanda seo → Inite Peiteal Bláth Úsáid Cumhrán An Fheirdhris Rosa canina Tá peitil rósanna inite. Is féidir iad a úsáid i sailéid, i gcácaí agus i milseoga. Úsáidtear rósuisce, déanta as peitil dhriogtha, mar bhlasóir i ndeochanna éagsúla. Déantar cumhráin as bláthanna an róis, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fodar Ainmneacha An tSailchearnach Salix caprea Bhaintí leas as an tsailchearnach mar fhodar do bheithígh. Is caprea, a chiallaíonn gabhar sa Laidin, atá in ainm eolaíoch an phlanda, mar go gceaptar go dtugtaí duilleoga mar fhodar do ghabhair fadó. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Gál Feithidí Úsáid Dúch An Dair Ghaelach Quercus petraea Tugadh an gálfhoiche Andricus kollari, a dhéanann gáil chrua sféaracha (tugtar gáil mharmaracha orthu), ón Meánoirthear go hÉirinn sna 1830idí le go bhféadfaí na gáil a úsáid le dathú agus i ndéantúsaíocht dúigh. Tá saolré casta ag na feithidí beaga seo agus bíonn speiceas eile den dair, an tsearbhdhair, ag teastáil uathu le gur féidir leo iomadú. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ola Tarra Bláthola Cumhrán Leigheas Tarra Soiriáis Eachma Rosacea An Péine Albanach Pinus sylvestris Dhéantaí ola lampaí as tarra péine freisin. D’úsáidtí tarra péine mar leighis a bhreoiteachtaí craicne, soiriáis, eachma, agus rosacea san áireamh. Déantar blátholaí, a úsáidtear i gcumhartheiripe, chomh maith le mar chomhábhair i gcumhráin agus gallúnacha, as adhmad na péine freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Leigheas Frithailse Frith-Athlastacha An Bheith Gheal Betula pendula Is í an chomhdhúil betulin a thugann an dath bán do choirt na beithe gile. Tá sé ar cheann de na chéad substaintí nádúrtha a eascraíodh ó phlandaí. Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithailse agus frith-athlastacha ag betulin, agus ceaptar go mbeadh sé éifeachtach chun cóir a chur ar shiada athlastacha. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Deatach Poitín Éiceolaíocht Bagairt An tAiteal Juniperus communis Dónn an adhmad an aitil go maith, agus bíonn deatach cumhraithe agus beagnach dofheicthe uaidh. Mar gheall air seo, dhóití an t-adhmad in stiléireacht aindleathacha in Albain—ceann de na cúiseanna go bhfuil an crann neamhchoitianta anois i nGarbhchríocha na tíre sin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Caoladóireacht An Saighleánach Salix viminalis Go stairiúil, dhéantaí cléibh, ciseoga, ciseáin, potaí gliomaigh, agus neart rudaí eile le géaga ó shaighleánaigh. Cé gur mó éilimh a bhí ar an saighleánach i gceird na caoladóireachta, bhaintí úsáid as an gcoll, as fraoch, nó fiú as driseacha mura mbeadh an dara rogha ag an gcaoladóir. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fainic An Briúlán Rosa spinosissima Níor mhór mogóirí rósanna a scagadh go cúramach chun na síolta clúmhacha a ghearradh amach. Déantar púdar tochais as na síolta céanna mar gheall ar chomh dian ar an gcraiceann a bhíonn ribí gruaige na síolta. Blúiríní an phlanda seo → Inite Deoch Poitín Úsáid Cumhrán Bláthola An tAiteal Juniperus communis Déantar bláthola as na torthaí chomh maith—deirtear go bhfuil tréithe frithmhiocróbacha agus frithocsaídeora acu—a úsáidtear i gcócaireacht, i gcumhráin, agus i gcumhartheiripe. D'úsáidtí na caora chun blas a chur ar an bpoitín i dTír Chonaill. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Súdaireacht An Dair Ghallda Quercus robur Bhí na daracha tábhachtach i dtionscadal na súdaireachta. Déanann an súdaire cóireáil ar chraiceann ainmhithe ag úsáid ábhair plandaí ar leith—coirt, duilleoga, nó torthaí—chun an craiceann a athrú go leathar, ábhar atá marthanach agus atá in ann teas agus taise a sheasamh. Tarlaíonn an t-athrú seo mar gheall ar imoibriú ceimiceach a tharlaíonn idir collaigin (próitéin a bhíonn sa gcraiceann) agus tainnin, a bhíonn i gcodanna an chrainn. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Spórt An Fhuinseog Fraxinus excelsior Is i ndéantúsaíocht camán is mó a bhaintear úsáid as an bhfuinseog in Éirinn, cé go n-úsáidtí adhmad an aitinn (Ulex europaeus) freisin, tráth den tsaol. Dúirt an scríbhneoir Seán Tóibin go fadbhreathnaitheach in 1967 gur “dóigh leis an lucht stiúrtha go rachaidh an iománaíocht ar ceal dá mbeadh gannchúis fuinseoige sa tír”. Le meath na fuinseoige déantar camáin anois as ábhar éagsúil amhail bambú, plaisteach, agus snáithín carbóin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí Cumhrán An Roithleog Myrica gale Dhóití adhmad na roithleoige—ba bhuntáiste breise ab ea an boladh cumhraithe ón deatach agus an t-adhmad á dhó. D’úsáidtí an roithleog chun boladh cumhra a chur ar línéadach, agus chun leamhain a choinneáil uathu. Chuirtí é i leapacha in iarthar Chorcaí le ruaig a chur ar dhreancaidí. Ceaptar go mb’fhéidir go raibh an roithleog á húsáid mar dhíbholaíoch ag na Lochlannaigh. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Gréasaíocht An Feoras Euonymus europaeus Tugtar pegwood ar adhmad an fheorais freisin mar gur as a dhéantaí pionnaí don ghréasaíocht. Ceaptar go raibh roschoillte d’fheorais bunscoite in Éirinn tráth den tsaol chun freastal ar an éileamh a bhí ann don adhmad.Dhéantaí briogúin/sáite as an adhmad freisin, agus bhíodh an-tóir ag búistéirí ar na briogúin seo mar nach gcuireann an t-adhmad blas ar bith ar an bhfeoil—thugtaí 'skewerwood' ar an bhfeoras sa mBreatain. Blúiríní an phlanda seo → Stair Úsáid Bád An Dair Ghaelach Quercus petraea Tugann fad na mbád scaobtha, soithigh a bhí fairsing ar lochanna na hÉireann na mílte bliain ó shin, leid dúinn faoi mhéid na gcrann a bhí ag fás in Éirinn ag an am. Is as clár amháin darach a dhéantaí na báid seo. Aimsíodh bád in aice le Eadargúil, Contae na Gaillimhe atá 15m fada agus beagnach 4,000 bliain d’aois. Níl dair fágtha sa tír anois a bheadh in ann cláir a sholáthar chun bád scaobtha chomh fada sin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Scuab An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Dhéantaí scuaba as an mbeith san am atá caite — cheanglaítí géaga ón mbeith agus ón bhfraoch le cois adhmaid agus d’úsáidtí seo le hurláir chréafóige na dtithe a scuabadh. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Éarthach Feithidí An Roithleog Myrica gale Bhíodh daoine sa gCríoch Lochlann ag úsáid na roithleoige go stairiúil chun an ruaig a chur ar fheithidí. Léiríonn staidéir le déanaí go gcuireann an ola seo pairilis ar mhíoltóga beaga an phortaigh agus go gcuireann sé an ruaig orthu. Tá sé chomh héifeachtach le DEET, an substaint atá comónta i dtáirgí tráchtála chun an ruaig a chur ar mhíoltóga beaga. Oibríonn sé in aghaidh seangán agus muiscítí freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Críostaíocht An Roithleog Myrica gale Bhí géaga na roithleoige in úsáid san Aifreann ar Dhomhnach an Iúir in áiteanna ar leith in Éirinn. Bhí an úsáid chéanna á baint as géaga de roinnt crann agus sceacha eile, ag brath go minic ar céard a bhí ar fáil agus ag fás sa gceantar áitiúil. Is ó adhmad na roithleoige a déanadh an luaith do Chéadaoin an Luaithrigh in Acaill. Arís, b’fhéidir gur bhain sé níos mó leis an nganntan crann ar an oileán ná le haon bhuntáiste ar leith a bhí ag luaith na roithleoige thar aon phlanda eile. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceimiceáin Pianmhúchán Frith-Athlastacha An tSaileach Bhán Salix alba Is í an tsaileach bhán is mó a sholáthar an ceimiceán salicin, pianmhúchan agus frith-athlastach, ach tá sé le fáil i ngach planda den ngéineas seo. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Ceimiceáin Úsáid Garraíodóireacht An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is furasta do shaileacha iomadú — ní gá ach géag shailí a shá sa talamh agus déanfaidh sí crann nua in achar gearr ama. Is é an ceimiceach aigéad indole-3-butyric (IBA) is cúis leis seo, agus tá go leor de i gcoirt na saileach. Is hormón é seo a dhíoltar in ionaid gharraíodóireachta mar shubstaint spreagtha fréamhacha. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Breosla An tAiteann Gallda Ulex europaeus D’úsáidtí adhmad aitinn mar bhreosla. Nuair a bhí an t-aiteann réidh le baint, loisctí an garraí chun an duilliúr agus na géaga beaga a dhó. Ní dhódh adhmad tiubh an aitinn le linn an loiscthe, agus bhaintí é ina dhiaidh le húsáid mar bhreosla. D’úsáideadh báicéirí, go háirithe, an breosla, ach dhóití i dtornóga aoil é agus bhaintí leas as mar bhreosla ginearálta, freisin. Is adhmad aitinn a dhóití chun brící a dhéanamh i Sasana. Tá saibhreas potaise i luaith aitinn, ábhar a úsáideadh i Sasana i ndéantúsaíocht gallúnaí, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Adhmadóireacht An Fhuinseog Fraxinus excelsior Is iomaí úsáid a bhaintear agus a bhaintí as adhmad na fuinseoige. Tá adhmad láidir, crua ach éadrom, solúbtha, agus turraingfhriotaíoch ag an gcrann. Go stairiúil, ní raibh ach adhmad darach níos daoire ná adhmad na fuinseoige. Sula raibh cruach agus cóimhiotail eile fairsing, is as an bhfuinseog a dhéantaí frámaí carranna, báid, agus eitleáin. D’úsáidtí é le sleánna agus sciatha a dhéanamh, chomh maith le maidí rámha, cosa casúir, oird, agus oirnéisí eile. Tá snáithe díreach ag an adhmad, agus dath geal air, tréithe luachmhara chun veinír agus cláir urláir a dhéanamh. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Súdaireacht Dathú An Roithleog Myrica gale Cuireann coirt agus fréamhacha na roithleoige dath buí ar olann, agus úsáidtear é i gcoinnle freisin. Baineadh úsáid as an roithleog i dtionscal na súdaireachta, agus san 18ú haois bhronnadh Cumann Bhaile Átha Cliath duais ar an té ab fhearr a leasódh leathar leis an bplanda. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Críostaíocht An tIúr Taxus baccata Tá ar a laghad 17 baile fearainn ina bhfuil “séipéal an iúir” san ainm. Ní fios cén fáth an nasc seo idir an chill agus an t-iúr. Ceaptar gur chuir manaigh na hiúir is sine i Sasana in aice lena gcuid ceall, seachas gur roghnaíodh suíomhanna ina raibh iúir ag fás cheana fhéin. B’fhéidir gur facthas go raibh spioradáltacht éigin ag baint leis an iúr. Is siombail neamhbhásmhaireachta an iúir—seans mar gur fadsaolaí iad. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fodar Coire An Crann Creathach Populus tremula Thugtaí duilliúr an chrainn chreathaigh do bheostoc, agus aimsíodh coire mhór atá déanta as adhmad an chrainn i gContae Mhuineacháin in 1933. Tá sé anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Ceaptar gur sa gCré-umhaois Luath a rinneadh é. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dathú Alúm Dúch An Feoras Euonymus europaeus D’úsáidtí codanna an chrainn chun dathú a chur ar éadach. Faightear dath dearg ó na torthaí agus dath buí nó glas (má chuirtear alúm—aluminium sulphate—leis) ó na síolta. Dhéantaí dúch do ghasúir scoile as caora oráiste an fheorais i gCo. Mhaigh Eo. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Scuab An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Ciallaíonn scoparius, san ainm eolaíoch atá ar an ghiolcach shléibhe, 'scuab' agus d’úsáidtí géaga na giolcaí sléibhe chun urláir a scuabadh. Is uaidh seo a fhaigheann sé an t-ainm Béarla, broom. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ginmhillteán An Roithleog Myrica gale D’úsáidtí duilleoga na roithleoige mar ghinmhillteán sa Fhrainc agus in áiteanna eile. Mar gheall air seo, moltar do mhná a bhíonn ag súil a bheith cúramach leis an bplanda agus le táirgí an phlanda. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Bróga An Fhearnóg Alnus glutinosa Ní lobhann adhmad na fearnóige go héasca nuair a bhíonn sé fliuch, agus mar sin d’úsáidtí é i mbáid, i loc-chomhlaí i gcanálacha, gradhanna cósta, agus mar phíopaí uisce. Is as adhmad fearnóige a dhéantaí sálaí na bpaitíní (bróga adhmaid) in Éirinn go deireadh an 19ú haois. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dathú An Trom Sambucus nigra Rinneadh dathú gorm leis an trom. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol Cruit Fidil An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Glacann adhmad an tseiceamóra go maith le gal-lúbadh, agus chuige sin is adhmad maith é chun veidhlíní a dhéanamh, i measc uirlisí ceoil eile. Cé gur iondúil go n-úsáidtí adhmad na saileach (Salix spp.) chun cruiteanna a dhéanamh, is as an seiceamóir atá cláirseach ársa a chas Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin déanta. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fíoghual Púdar An Draighean Fearna Frangula alnus Déanann adhmad ón draighean fearna fioghual ar ardchaighdeán. Is as an bhfioghual sin a dhéantar púdar dubh a dhónn go tapa agus atá fós in úsáid i dtinte ealaíona agus i bhfiúsanna pléascacha. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Barra Stair An tAiteann Gallda Ulex europaeus Shaothraítí an t-aiteann i gContae Chorcaí in 1810 — chuirtí é i rónna comhthreomhara, ag fágáil dóthain spáis idir na rónna le go bhféadfaí barraí eile a chur eatarthu. D’fhágtaí an t-aiteann ag fás ar feadh ceithre bliana nó go mbeadh sé 2m ar airde, agus ansin bhaintí é. Bhí móinéar aitinn — drochthalamh ina raibh aiteann curtha—ag beagnach chuile fheirmeoir. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Fíoghual Púdar An Feoras Euonymus europaeus Déantar fioghual ar ardchaighdeán —le húsáid ag ealaíontóirí — as adhmad an fheorais. Is ionann an t-ainm Fraincise don fheoras—‘fusain’—agus an t-ainm Fraincise d’fhiogual. Dar leis an luibheolaí aitheanta, Carl Linnaeus, is as adhmad an fheorais a dhéantar an fioghual d’ealaíontóirí is fearr. Dhéantaí púdar gunna as an bhfioghual freisin. Blúiríní an phlanda seo → Stair Bretha Comaithchesa Úsáid Fodar An Cuileann Ilex aquifolium Thugtaí duilleoga cuilinn do bheostoc mar fhodar geimhridh, i Sasana agus in Éirinn. Bhíodh garrán cuilinn ar fheirmeacha le freastal ar an éileamh seo, agus lean an cleachtas ar aghaidh go dtí an 18ú haois. Maítear go mb’fhéidir gur mar gheall air seo a áiríodh an cuileann mar cheann de huaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol Fidil An Mhailp Lochlannach Acer platanoides Cosúil leis an mhailp (Acer campestre), úsáidtear adhmad na mailpe Lochlannaí chun uirlisí ceoil a dhéanamh. Ceaptar gur as adhmad na mailpe Lochlannaí nó as adhmad na mailpe (Acer campestre) a rinne Antonio Stradivari na hIodáile na veidhlíní cáiliúla sa 17ú agus 18ú haois (d’úsáid sé sprús freisin). Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Críostaíocht Éiceolaíocht Bagairt An tAiteal Juniperus communis Cheal ábhar eile, d’úsáidtí craobhacha aitil le linn searmanais Dhomhnach na Pailme (Domhnach an Iúir) in Árainn in ionad an iúir, nach raibh ag fás ar an oileán, agus d’fhulaing na crainn go mór dá thoradh. Ní raibh dé ar an bplanda in Inis Oírr in 1893 nuair a thug Nathaniel Colgan cuairt ar an oileán. Tá sé fós ag fás ar an dá oileán eile. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Bioráin Fearsaidí Sníomhadóireacht An Feoras Euonymus europaeus Is adhmad bán, an-chrua agus dlúth atá ag an bhfeoras agus is féidir bior an-ghéar a chur air. Bhaintí leas as na tréithe seo chun uirlisí a dhéanamh, amhail bioráin cniotála, bioranna fiacla agus fearsaidí le olann a chasadh i dtionscal na sníomhadóireachta. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Naigíní An Feoras Euonymus europaeus Dhéantaí naigíní as an bhfeoras i gContae Luimnigh. Is soithí ar nós bairillí beaga iad seo, na cláir adhmaid coinnithe le chéile le bandaí iarainn, le clár amháin fágtha níos faide le húsáid mar láimh. D’úsáidtí iad le bláthach nó le bainne a ól. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Dathú An Fhearnóg Alnus glutinosa Bhídís ag úsáid fearnóga le héadach a dhathú in Éirinn, agus is iomaí dath a chuireann codanna an chrainn seo ar fáil. Cuireann an choirt dath dearg nó dubh ar éadach, faightear dath glas ó na caitíní, agus dath buí ó na géaga óga. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Truailliú Fítileasúchán An Fhearnóg Liath Alnus incana Tá an fhearnóg liath agus an fhearnóg choiteann in ann fás i gcréafóg atá truaillithe ag miotail éagsúla. Tógann an crann na truailleáin isteach sna rútaí, agus ar an gcaoi seo ní éalaíonn siad isteach sa maoschlár. Baintear leas as an tréith seo chun talamh a bhí curtha ó mhaith ar chúiseanna éagsúla a mhíntíriú - tugtar fítileasúchán air. Mar shampla, cuirtear fearnóga ar thalamh a bhí in úsáid mar láithreán dramhaíola dó guail, nó ar thalamh a bhí loiscthe ag tinte foraoise. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Súdaireacht Fíoghual Spórt Leigheas Pianmhúchán An tSaileach Bhán Salix alba D’úsáidtí an tsaileach bhán ar fud na hEorpa chun pian a mhaolú mar gheall ar an salicin atá ann. Bhaintí úsáid as coirt an chrainn i gceird na súdaireachta freisin, agus dhéantaí fioghual as an adhmad an chrainn. Is as an gcineál saileach Salix alba var. caerulea a dhéantar an slacán cruicéid, chomh maith le huirlisí cistine agus canúnna. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Spórt Camán Glanadh Potaí Bádóireacht An tAiteann Gallda Ulex europaeus Ghlantaí simléir agus toibreacha le craobhacha aitinn. Dhéantaí camáin as adhmad aitinn freisin — thugtaí 'spaic' nó 'spaic aitinn' ar an gcamán. Is iondúil gur píosa den bhfréamh le cor ann a d’úsáidtí. D’ úsáidtí adhmad aitinn in íochtar potaí gliomaigh freisin. Is as an saighleánach a dhéantaí an chuid eile den phota. D’úsáidtí adhmad aitinn le crogaí na gcurrachaí a dhéanamh freisin (leagtar an maide rámha anuas ar na crogaí agus is orthu a chasann siad). Blúiríní an phlanda seo →