Blúiríní: Dáileadh ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Dáileadh + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna + Fochlibeanna: Dáileadh Aircéifít Aolchloch Bagairt Eibhear Eindéimeach Galar Gnáthóg Nádúraithe Planda Lúsatánach Planda Téisclime Saothróg Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Dáileadh Eindéimeach An Fionncholl Gaelach Sorbus hibernica Tá an fionncholl gaelach ar cheann de dhá chrann nó sceach atá eindéimeach do hÉirinn — níl sé dúchasach in aon áit eile ar domhan. Is é Sorbus scannelliana, nach bhfásann ach ar oileán an Rois, in aice le Cill Airne, an ceann eile. Níl ach dornán beag de chrainn ón speiceas seo ar an domhan, agus tá gach ceann acu ar oileán an Rois. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Gnáthóg An Péine Albanach Pinus sylvestris Is níos compordaí in ithir aigéadach a bhíonn an péine Albanach. Fásann sé i gcréafóg ghaineamhach agus i gcréafóg chlochach, mhianrach, ach faightear freisin é i gcréafóg fhliuch an phortaigh. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An tSaileach Chorcra Salix purpurea Ceaptar go bhfuil an tsaileach chorcra dúchasach in Éirinn, ach tá sé deacair a bheith cinnte faoi seo, mar gur cuireadh an crann go forleathan le géaga a sholáthar do thionscadal na caoladóireachta, agus tá sé ag fás fiáin ó shin. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An Mhailp Acer campestre Ní cheaptar go bhfuil an mhailp dúchasach in Éirinn, cé go bhfuil sí ar an oileán le roinnt céadta de bhlianta, mar atá cineál de mhailp eile, an seiceamóir (Acer pseudoplatanus). Ach, murab ionann agus an seiceamóir, níl an mhailp an-fhairsing in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An Leamhán Mion Ulmus minor Cé go ndéantar tagairt go minic don leamhán coiteann/gallda (Ulmus procera) mar speiceas ann féin, níl sa gcrann sin ach cineál ar leith den leamhán mion. Go deimhin, is clón é a thug na Rómhánaigh go Sasana, agus d’eascair gach crann den chineál sin ó ghearrthóga, a tógadh sa deireadh thiar ón mbunchrann sin, 2,000 bliain ó shin. Cé go dtáirgeann an leamhán gallda pailin, ní bhíonn na síolta inmharthana agus ní féidir leis iomadú. Is mar gheall ar an éagsúlacht íseal ghéiniteach sna crainn seo a raibh an leamhán leochaileach don ghalar Dúitseach leamhán. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An Draighean Fearna Frangula alnus Tá an draighean fearna ar cheann de na crainn dhúchasacha is annaimhe in Éirinn, cé go bhfuil sé coitianta sna gnáthóga ina bhfásann sé. Is in oirthuaisceart na tíre, i lár na tíre, agus i gContae na Gaillimhe agus Contae an Chláir is mó a fheictear an crann ag fás. Tá laghdú tagtha ar an méid crann a fhásann in Éirinn mar gheall ar dhraenáil, ar bhaint mhóna, agus ar an-iomarca leasú talún a bheith in úsáid ag feirmeoirí. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair An Péine Albanach Pinus sylvestris Cé gur ceapadh gur díothaíodh an péine Albanach dúchasach ón tír, tá fianaise tagtha chun solais nach bhfuil sé sin amhlaidh nuair a déanadh anailís ar thaifead phailin ó miondhíseart de chrainn phéine i gContae an Chláir. Cé go raibh meath soiléir i bpailin an chrainn timpeall 1,550 bliain ó shin, chonaic luibheolaithe ardú i líon na pailine ina dhiaidh sin. Léirigh sé seo nár díothaíodh na crainn péine ón áit sin. Táthar anois ag bailiú síolta ó na crainn dhúchasacha seo agus ag scaipeadh stoc géiniteach dúchasach an phéine Albanaigh arís. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An Fionncholl Coiteann Sorbus aria Tá go leor speiceas d’fionncholl ag fás in Éirinn, cuid acu dúchasach agus cuid acu tugtha isteach, agus is minic nach mbíonn ach difríochtaí beaga eatarthu. Cé go n-aithnítear go bhfuil an an fionncholl gaelach (Sorbus hibernica) dúchasach tá éiginnteacht maidir le stádas an fhionnchoill choitinn mar chrann dúchasach in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An tIúr Taxus baccata Aimsíodh an t-aon dá chineál d'iúr uasfhásmhar ar a dtugtar an t-iúr Éireannach i bhFear Manach beagnach 300 bliain ó shin. Ach ní fios cárbh as a dtáinig na cineálacha uathúla seo d’iúr, ná cén fáth ar shocraigh siad fás ar shliabh uaigneach i bhFear Manach. Ó aimsíodh an dá chrann sin san 18ú haois, níor facthas ceann dá leithéid ag fás fiáin in aon áit, ar fud an domhain. Is ó cheann amháin den dá chrann sin, nó óna shliocht, a tháinig gach iúr Éireannach sa domhan inniu. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Dáileadh An tSaileach Liath Salix cinerea fosp. cinerea Fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin den chuid is mó. Breathnaíonn sí an-chosúil leis an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia), ceann de na saileacha is fairsinge in Éirinn. Tugtar an tsaileach liath uirthi mar gheall ar dhath liath na ribí gruaige a bhíonn ar thaobh íochtarach na nduilleog. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Nádúraithe An Fhiúise Fuchsia magellanica Is iad an tSile agus an Airgintín ceantar dúchais na fiúise agus tháinig sí isteach go hÉirinn go luath san 19ú haois ag am a raibh go leor plandaí ag teacht isteach ó chuile cheard den domhan. Feileann aeráid bhog, mheasartha na tíre don sceach agus tá sí nádúraithe in Éirinn. Tá sí an-choitianta ar chósta an iarthair agus an iardheiscirt ach go háirithe. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Tá an tsaileach Salix cinerea ar cheann de na saileacha is coitianta in Éirinn. Aithnítear go bhfuil dhá fhospeiceas ann: an tsaileach rua (S. cinerea oleifolia) agus an tsaileach liath (S. cinerea cinerea). Tá an tsaileach rua forleathan agus an-choitianta in Éirinn. Fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin den chuid is mó. Tá difríochtaí beaga idir an dá chineál le feiceáil sna duilleoga agus sna géaga, ach seachas sin tá an dá chineál crann an-chosúil lena chéile. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Aircéifít An Saighleánach Salix viminalis Ceaptar go raibh an oiread sin tóir ar an saighleánach mar acmhainn chaoladóireachta gur thug daoine go hiarthar na hEorpa é, óna cheantar dúchais sa Rúis, san aimsir réamhstairiúil. Is aircéifít é in Éirinn - tugadh isteach go hÉirinn é am éigin idir thús na haoise neoilitigh agus 1500 AD. Blúiríní an phlanda seo → Stair Dáileadh An Róslabhras Rhododendron ponticum Cé go mbreathnaítear air mar phlanda neamhdhúchasach, bhí an róslabhras dúchasach in Éirinn sa tréimhse idiroighreach Hocsnach, idir 424,000 agus 374,000 bliain ó shin. Is léiriú é seo ar stair chasta luibheolaíochta na hÉireann. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Planda Lúsatánach An Chaithne Arbutus unedo Tá an chaithne i measc flóra Lúsatánach na hÉireann. Is plandaí iad seo atá dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain, agus atá ag fás freisin ar Mhór-roinn na hEorpa, go háirithe ar Leithinis na Ibéire. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Éiceolaíocht Bagairt An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Tá an phoibleog dhubh Atlantaigh dúchasach sa Breatain, ach tá sé freisin ar an gcrann dúchasach is mó atá i mbaol sa mBreatain.eaptar nach bhfuil ach 6,000 crann fágtha anois sa mBreatain, agus is mionlach an-bheag dóibh siúd iad na crainn bhaineanna. Tá crainn fiáine chomh hannamh sin sa mBreatain, mar gheall ar dhraenáil na talún, go gceaptar nach féidir leis na cinn atá fágtha iad féin a phailniú níos mó. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Ní fios fós ar crann dúchasach í an phoibleog dhubh Atlantaigh in Éirinn. Glacadh leisle fada gur tugadh isteach an crann ón mBreatain. Ach tosaíodh ag ceistiú na teoirice seo nuair a aimsíodh os cionn 300 poibleog dhubh Atlantaigh i suirbhé ar bhruacha na Sionainne agus ar bhruacha na Life ag tús na 1990idí. Ó shin, fuarthas amach gur Populus x canadensis a bhí in aon trian díobh siúd. Anuas ar sin, is léir nach bhfuil mórán éagsúlachta sa gcomhdhéanamh géiniteach sna poibleoga dubha Atlantaigh atá ag fás go fiáin i lár na hÉireann. Tugann sé sin le fios go mb’fhéidir gur cuireadh iad i bhfad siar. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Tréithe Aois An tAiteann Gaelach Ulex gallii Tá an t-aiteann gaelach níos ísle ná an t-aiteann gallda (Ulex europaeus). Ní minic a fhásann sé níos airde ná 1.5 m, agus is iondúil go mbíonn sé sínte cuid mhaith níos ísle ná sin. Fásann sé i ndeisceart na tíre, agus in iarthar Chontae na Gaillimhe, le pócaí beaga eile ar shléibhte Chill Mhantáin agus sna Beanna Boirche i gContae an Dúin. Blúiríní an phlanda seo → Stair Galar Dáileadh An Leamhán Sléibhe Ulmus glabra Tháinig an leamhán sléibhe go hÉirinn 9,000 bliain ó shin, in éineacht leis an dair, an fhuinseog agus an fhearnóg. Is i lár na tíre is mó a d’fhás sé, in éineacht leis an dair. Nuair a dhéantar staidéar ar phátrún stairiúil pailine, feictear laghdú mór i bpailin an leamháin 5,000 bliain ó shin. Cé go raibh crainn leamháin á ngearradh ag daoine chun talamh a chur ar fáil d’fheirmeoireacht (mar go raibh siad ag fás ar thalamh maith), ceaptar gur galar ba chúis le meath an leamháin ag an am. Is leid é seo dúinn go mb’fhéidir go raibh an leamhán leochaileach do ghalair agus go raibh ionsaithe rialta á ndéanamh ar an gcrann ar feadh na mílte bliain. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An tAiteann Gallda Ulex europaeus Níltear cinnte cén fáth a bhfuil an t-aiteann gallda chomh fairsing in Éirinn. Ceaptar go raibh réimse fáis an aitinn sa mBreatain sách teoranta sular tosaíodh ag gearradh foraoisí na tíre sa Tréimhse Neoiliteach, agus b’fhéidir go raibh an rud céanna amhlaidh in Éirinn. Ceaptar freisin gur scaipeadh an t-aiteann gallda ar fud na tíre mar go raibh an oiread sin tóir air mar phlanda a d’fhéadfaí a shaothrú. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Bagairt An tIúr Taxus baccata Tá an t-iúr faoi bhagairt ar fud na hEorpa agus líon na n-iúr tite ansin níos mó ná aon chrann eile. Bhí cúiseanna stairiúla ann leis an iúr a bhaint—contúirt an chrainn d’ainmhithe agus úsáid an adhmaid go príomha—ach is dianfheirmeoireacht is mó is cúis le meath an iúir anois. Anuas air seo, bíonn sé deacair ag an iúr iomadú mar go ndéanann fianna agus ainmhithe eile damáiste do chrainn óga. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Saothróg Tréithe Uasfhásmhar An tIúr Taxus baccata I lár an 18ú haois d’aimsigh feirmeoir dhá iúr óg ag fás i gContae Fhear Manach. Bhí siad difriúil ó chrainn iúir eile—bhí cruth ceartingearach orthu, i gcomparáid leis an gcruth níos leithne a bhíonn ar an iúr coiteann. Cuireadh ceann de na crainn in eastát an tiarna talún áitiúil, áit ina bhfuil sé fós ag fás. Tosaíodh ag fás gearrthóga tógtha ón gcrann an iúr Éireannach (Taxus baccata ‘fastigiata’), mar a tugadh orthu. Níl na tréithe céanna ag crainn a fhásann ó shíolta an bhunchrainn—tá siad níos cosúla leis an iúr coiteann. Mar sin is ó ghearrthóga ón mbunchrann, nó dá shliocht, a tháinig chuile iúr Éireannach sa domhain, agus is crainn bhaineanna iad gach ceann. Blúiríní an phlanda seo → ornáideach Dáileadh Lus Buí Mhanannáin Hypericum calycinum Saothraítear lus buí Mhanannáin mar phlanda ornáideach, ach fásann sí sa bhfiántas freisin, ar bhruachanna faoi scáth, go hiondúil san oirdheisceart agus san oirthuaisceart. Blúiríní an phlanda seo → Stair Dáileadh An tIúr Taxus baccata Ba léir go raibh an t-iúr níos fairsinge fadó ná mar atá anois — dar leis an manach Breatnach, Giraldus Cambrensis (c.1146–c.1223), bhí an t-iúr níos coitianta in Éirinn ná in aon tír eile a thug sé cuairt air. Thug an manach suntas don mhéid crann ársa a bhí curtha i sean-reiligí agus in áiteanna beannaithe. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Galar An Leamhán Sléibhe Ulmus glabra Is é an leamhán sléibhe an t-aon leamhán atá dúchasach in Éirinn. Ní raibh tionchar chomh feiceálach ag an ngalar Dúitseach leamhán in Éirinn, i gcomparáid leis an mBreatain, mar nach raibh an leamhán chomh fairsing anseo agus a bhí ansin. Ach mar sin fhéin, buaileadh pobal leamháin na hÉireann go dona freisin. In ainneoin nach bhfuil an crann chomh líonmhar anois agus a bhí, tá an leamhán sléibhe fós le feiceáil ag fás in Éirinn. Tá sé réasúnta fairsing ar fud na tíre, cé is moite de chósta an iarthair. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An tAiteal Juniperus communis Deirtear go bhfuil an t-aiteal ar an gcrann leis an dáileadh is fairsinge ar domhan—síneann a réimse fáis ó Alasca, an Ghraonlainn agus an tSibéir, síos ó dheas go dtí an Mheánmhuir, an Meánoirthear, agus deisceart na hÁise. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Planda Téisclime Stair An Crann Creathach Populus tremula Is speiceas téisclime é an crann creathach agus bhí sé ar cheann de na chéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis na hoighearaoise. Ceaptar go raibh an crann anseo 13,000 bliain ó shin, agus bhí an crann creathach ag fás i gConamara timpeall 10,000 bliain ó shin, in éineacht le crainn téisclime eile, cosúil leis an mbeith, an fhearnóg, agus na saileacha. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair An Péine Albanach Pinus sylvestris Cé go raibh tír clúdaithe leis an bpéine Albanach ó dheireadh na hoighearaoise, bhí sé deacair ag an crann dul in iomaíocht le fearnóga agus crainn choill nuair a scaip siadsan. Anuas air seo, d'éirí an aeráid níos fliche, rud nár fheil don chrann. Ansin gearradh iad chun talamh a ghlanadh d’fheirmeoireacht agus le breosla a shaothrú. Bhí an péine Albanach níos goilliúnaí ná crainn eile mar nach nglacann sé le bunscoitheadh. Faoin mbliain 1550 AD ceapadh go raibh an péine Albanach díothaithe ón oileán. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Planda Lúsatánach An Chaithne Arbutus unedo Tá an chaithne ar cheann de bheagán crann ar an oileán seo atá aitheanta mar chrann dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair Tréithe Airde An tSaileach Bhán Salix alba Tá an tsaileach bhán ar an saileach (crann sa ngéineas Salix) is mó agus is airde—fásann sí chomh hard le 25m. Níl sí dúchasach in Éirinn. Ceaptar gur núíosach í—is é sin, gur tháinig an crann ar an oileán tar éis 1550 AD. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Dáileadh Aolchloch Eibhear An tAiteal Juniperus communis Mar a thugann ainmneacha eile an chrainn—iúr creige agus biora leacra—le fios, fásann sé ar chréafóg thirim, alcaileach ar phábháil aolchloiche—in Árainn, sa mBoireann, i gContae na Gaillimhe, i dTír Conaill, agus i gContae Chiarraí.Tá sé le fáil freisin in ithir aigéadach ar fhánaí sléibhte i dtuaisceart Chonamara, agus ar charraigeacha eibhir Cheantar na nOileán, i ndeisceart Chonamara. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An Paide Bréan Rhamnus cathartica Is i stráice trasna lár na tíre, ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, agus ar bhruach agus ar locha na Sionainne, a fhásann an paide bréan, den chuid is mó. Tá an crann fairsing sa mBoireann go háirithe, áit a chaitheann sé tréimhsí fada faoi uisce i dturlaigh an cheantair sin i rith an gheimhridh. Blúiríní an phlanda seo →