Blúiríní: Tréithe ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Tréithe + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna + Fochlibeanna: Tréithe Airde Aois Apaimiscis Aral Atáirgeadh Bachlóga Bagairt Bláth Boladh Bratóga Buaircín BVOC Caitíní Ceimiceáin Clórafil Coirt Cuma Dearcán Deilgní Duilleog éin Fosú Nítrigine Fréamhacha Hibrid Iomadu Iomadú Ionrach Loscadh Meas Meatháin Nimh Pailniú Panacail Ráta Fáis Riosóim Scaipeadh Síolta Síolta Síorghlas Stoc Stoirm Toradh Tréithe Uasfhásmhar Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Tréithe Riosóim Aois An Crann Creathach Populus tremula Scaipeann an crann creathach go tréan lena chuid meathán. Is iad sin na crainn óga a fhásann aníos ó riosóim (nó fréamhacha faoi thalamh) an bhunchrainn. Ní mhaireann na crainn aonaracha i bhfad (idir 50-100 bliain), ach d’fhéadfadh go mbeadh aois mhór—na mílte bliain—ag clampaí crainn chreathacha. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Duilleog Deilgní An Cuileann Ilex aquifolium Tá an cuileann in ann duilleoga difriúla a fhás ag brath ar chúinsí seachtracha éagsúla. Má thosaíonn ainmhithe ag ithe na nduilleog in íochtar, fásann an planda duilleoga deilgneacha mar straitéis chosanta. Ní gá don chrann é seo a dhéanamh leis na duilleoga in uachtar agus bíonn imill mhín ar na duilleoga sin. Tugtar heterophylly ar an gcumas seo atá ag planda duilleoga éagsúla a fhás. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Hibrid An Crann Sníofa Salix aurita Is hibrid é Salix x multinervis idir an tsaileach rua (Salix cinerea agus an crann sníofa. Bíonn sé níos mó ná an crann sníofa, ach bíonn dromchla na nduilleog rocach, mar a bhíonn ar an gcrann sníofa, agus bíonn na stípeoga móra cluasacha ar an ngas freisin. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Caitíní Éiceolaíocht Beacha Leamhain An tSailchearnach Salix caprea Ceaptar go bhfuil boladh na gcaitíní tábhachtach do shaileacha mar nach bhfuil dathanna suntasacha acu chun pailneoirí a mhealladh. Ceaptar, freisin, go n-athraíonn an tsailchearnach boladh cumhra na mbláthanna idir lá agus oíche, le leamhain a mhealldh san oíche agus meachain sa lá. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Sainaithint Coirt An Péine Albanach Pinus sylvestris Bíonn an choirt uachtarach ar crainn phéine Albanacha a bhíonn níos sine, tanaí, gainneach agus le dath deargdhonn nó fiú oráiste air. Is tréith uathúil í seo atá ag an bpéine Albanach, nach bhfuil ag crainn phéine eile. Bíonn an choirt dhonn atá níos gaire don talamh tiubh agus scoilte ina bplátaí móra garbha. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Duilleog Ainmneacha An Meas Torc Allta Hypericum androsaemum Bíonn boladh láidir uaidh duilleoga ón meas torc allta nuair a bhrúitear iad. Deirtear gur boladh muice é agus gur uaidh seo a tháinig ainm Gaeilge an phlanda. Deirtear freisin go bhfuil boladh na nduilleog cosúil le ambergris (substaint luachmhar a thagann ón gcaisealóid, speiceas de mhíol mór). Mar gheall air seo, uaireanta glaoitear sweet-amber ar an bplanda. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Éiceolaíocht éin An Fhiúise Fuchsia magellanica Cé go gceaptar go bhfuil an cineál fiúise is coitianta atá in Éirinn aimrid, scaipeann sé go héasca trí mheatháin a chur aníos ó rútaí faoi thalamh. Mar go n-iomadaíonn an fhiúise go fásúil mar seo, fásann clampaí móra den sceach ar thaobh an bhóthair. Tugann sé seo deis d’éin cosúil le dreoilíní agus spideoga a gcuid neadracha a dhéanamh i dtearmann sábháilte. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois An Fheá Fagus sylvatica Is minic go mbreathnaíonn an fheá níos sine ná mar atá sí i ndáiríre. Ní crann fadsaolach í, in ainneoin go bhfuil sí sa bhfine chéanna leis an dair, crann atá in ann 1,000 d'aois bliain a bhaint amach. Is iondúil nach maireann an fheá níos faide ná 150-300 bliain, agus go hiondúil timpeall 200 bliain in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Fosú Nítrigine An Roithleog Myrica gale Fosaíonn an roithleog nítrigin ón aer ina cuid fréamhacha, a bhuíochas don bhaictéar Frankia spp., an baictéar céanna a chuidíonn le fearnóga nítrigin a fhosú. Saibhríonn duilleoga an phlanda, chomh maith leis an planda féin nuair a lobhann sé, an chréafóg bhocht ina bhfásann sé le táirgí nítrigine, a chuireann ar chumas na roithleoige scaipeadh. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Duilleog Ainmneacha An Crann Creathach Populus tremula Is mar go mbíonn na duilleoga ag creathadh agus ag siosarnach, fiú nuair nach bhfuil san aer ach puth gaoithe, a thugtar an crann creathach air. Bíonn gais na duilleoige fada, leacaithe, agus solúbtha in aice leis an lann duille. Is í seo an chúis mheicniúil go gcreathann na duilleoga chomh héasca sa ngaoth. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Síorghlas An Cuileann Ilex aquifolium Tá an cuileann freisin ar an t-aon chrann síorghlas dúchasach in Éirinn nach buaircíneach é. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Síolta Toradh Meatháin Ionrach An Róslabhras Rhododendron ponticum Iomadaíonn an róslabhras trí shíolta a scaipeadh nó le meatháin, a thagann aníos ó rútaí faoi thalamh. Tá róslabhras amháin in ann os cionn 1,000,000 síol a ghiniúint in aghaidh na bliana. Tá na síolta ar na cinn is lú agus is éadroime atá ag aon phlanda, agus scaipeadh sa ngaoth iad. Is iondúil go scaiptear go 100 m iad ón bplanda, ach is féidir leo scaipeadh 1 km ón bplanda i gcoinníollacha fabhracha. Scaiptear na síolta in uisce freisin, agus is féidir leo greamú go héasca ar fhionnadh ainmhithe agus ar éadaí dhaoine. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois Stair An Dair Ghallda Quercus robur Is crainn fhadsaolacha iad na daracha — bíonn dair ársa nuair a bhíonn sí os cionn 400 bliain d’aois, agus tá daracha ann atá os cionn 1,000 bliain d’aois. Deirtear gurb é Brian Bóramha, a cailleadh sa bhliain 1014, a chuir an dair ghallda ársa i dTuaim Gréine, Contae an Chláir. Tá sí beagnach 8 m timpeall an stoic. Tá dair ghallda eile, an King Oak, i gCaisleán an Rátha, Contae Chorcaí, ar a laghad 400 bliain d’aois, agus meastar go bhféadfadh sí a bheith 800 bliain d’aois. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Fréamhacha An Dair Ghaelach Quercus petraea Bíonn socfhréamh ag an dair a dhaingníonn an crann sa talamh le cosaint a thabhairt ón ngaoth agus le gur féidir leo tarraingt ar uisce atá níos doimhne nuair a bhuaileann triomach í. Leathann na craobhacha amach i gcrainn dharacha lánfhásta agus bíonn ceannbhrat leathan acu freisin. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú An tIúr Taxus baccata Tá an t-iúr dé-éiciach — fásann bláthanna (tugtar cóin orthu) fireanna agus baineanna ar chrainn dhifriúla. Tá fianaise ann go bhfuil crainn iúir in ann gnéas a athrú. Tá craobhacha d'iúr Fortingall, crann fireann go dtí le deireanaí, anois ag fás bláthanna baineanna agus torthaí. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadu Scaipeadh Síolta Éiceolaíocht Feithidí éin An tAiteann Gallda Ulex europaeus Is iomaí bealach atá ag an aiteann le síolta a scaipeadh — tógann feithidí iad, itheann éin iad, imíonn siad leis an ngaoth, agus snámhann siad in uisce. Fanann na síolta suanach mura mbíonn coinníollacha feiliúnach dóibh le péacadh, ach is iondúil go bpéacann an planda go héasca ón síol. Iomadaíonn an t-aiteann gallda go fásúil freisin, trí meathán a chur aníos ó rútaí faoi thalamh, chomh maith le trí atáirgeadh gnéasach. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Deilgní Clórafil An tAiteann Gallda Ulex europaeus Mar go bhfuil duilleoga a aitinn chomh beag sin, níl mórán clóraifille iontu, an substaint a chuireann ar chumas an phlanda, trí phróiseas fótaisintéise, fuinneamh a ghiniúint as carbón an aeir. Mar chúiteamh ar seo, déanann na deilgní cúram den chuid is mó den fhótaisintéis a dhéanann an t-aiteann. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Tréithe Aois An tAiteann Gaelach Ulex gallii Tá an t-aiteann gaelach níos ísle ná an t-aiteann gallda (Ulex europaeus). Ní minic a fhásann sé níos airde ná 1.5 m, agus is iondúil go mbíonn sé sínte cuid mhaith níos ísle ná sin. Fásann sé i ndeisceart na tíre, agus in iarthar Chontae na Gaillimhe, le pócaí beaga eile ar shléibhte Chill Mhantáin agus sna Beanna Boirche i gContae an Dúin. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth Panacail Éiceolaíocht Toradh éin An Pribhéad Calafoirniach Ligustrum ovalifolium Is iad na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla, an chuid is suntasaí den phribhéad Calafoirniach. Bíonn boladh láidir uathu nuair a thagann siad amach sa samhradh. Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar. Tá siad nimhneach do dhaoine, cé go n-itheann éin iad. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Toradh Bláth An Chaithne Arbutus unedo Tagann na bláthanna amach idir Meán Fómhair agus an Nollaig agus, mar go dtógann sé bliain iomlán ar an toradh theacht chun aibíochta, bíonn torthaí na bliana anuraidh ar an gcrann in éineacht le bláthanna na bliana reatha. Is tréith í seo atá uathúil i gcrainn in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Uasfhásmhar An tIúr Taxus baccata Is mar gheall ar chruth uathúil an iúir a bhí (agus atá fós) an-éileamh ar an iúr Éireannach ar fud an domhain—i ngairdíní, i reiligí, agus i gcealla séipéil. Tá sé níos éasca an crann a choinneáil néata, agus glacann sé go maith le tordhearadh. Spéisiúil go leor, is cosúil go bhfuil an t-iúr Éireannach ag filleadh ar chruth an iúir choitinn anois. Is crainn óga fós iad gach iúr Éireannach, mar nach bhfuil an ceann is sine ach timpeall 300 bliain d’aois. Seans go bhfilleann an t-iúr Éireannach ar chruth an iúir choitinn tar éis roinnt céadta bliain fáis. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Tréithe Airde Tréithe Airde An Crann Sníofa Salix aurita In ainneoin ainm an phlanda seo, is sceach bheag, ghéagach, íseal í an crann sníofa. Is iondúil gur idir 60-200 cm ar airde a bhíonn sí. Is níos ísle fós, agus feosaí, a bhíonn sí in áiteanna feannta. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Cuma An tAiteal Juniperus communis Tá cuma dhifriúil ar an aiteal ag brath ar na coinníollacha ina mbíonn sé ag fás. Is féidir leis crann 8m ar airde a dhéanamh, nó, níos minicí sna háiteanna feannta ina bhfásann sé in Éirinn, crann íseal sínte ar an talamh. Is mar seo a fhásann an t-aiteal in Árainn agus i gConamara. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth An Fhuinseog Fraxinus excelsior Thar aon chrann eile in Éirinn, tá gnéasacht na fuinseoige casta. Is iondúil go mbíonn sí dé-éiciach—sé sin bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar chrainn dhifriúla. Ach uaireanta bíonn fuinseoga moinéiciach—bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar chraobhanna difriúla den chrann céanna. Agus uaireanta bíonn bláthanna heirmeafraidíteacha ar fhuinseoga freisin—bíonn codanna baineanna agus fireanna ar an mbláth céanna. Is ar an údar seo go dtugtar crann polagamach nó tré-éiciach uirthi. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Buaircín Toradh Aral An tIúr Taxus baccata Is crann buaircíneach é an t-iúr ach ní ionann toradh an iúir agus na buaircíní a bhíonn ag buaircíneacha eile cosúil leis na crainn phéine. Tugtar aral ar thoradh an iúir agus is toradh feolmhar dearg é, ar nós caor bheag, le síol amháin ina lár. Aibíonn an toradh sa bhfómhar. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois An Leamhán Mion Ulmus minor Is crainn arda, dhuillsilteacha iad na leamháin atá in ann idir 30-40 m in airde a bhaint amach i gcoinníollacha fabhracha. Is crainn fhadsaolacha iad freisin. Deirtear gurbh iad na leamháin (ceaptar gur leamháin mhiona a bhí iontu) i gCaisleán Bhinn Éadair, a cuireadh sna 1590idí, na crainn neamhdhúchasacha ba shine in Éirinn, go dtí gur gearradh iad am éigin go luath sa 20ú haois. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois Meatháin An Draighean Prunus spinosa Maireann an draighean ar feadh thart ar 100 bliain, ach cuireann sé meatháin aníos go minic as a bhfásann plandaí nua. Mar sin, is minic go mbíonn clampaí móra den draighean ag fás le chéile. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Boladh Duilleog Caitíní An Roithleog Myrica gale Bíonn boladh álainn ón bplanda mar gheall ar ola shoghalaithe a thagann ó fhaireoga sna duilleoga agus sna caitíní. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ceimiceáin An tIúr Taxus baccata Tá tréith spéisiúil ag an gcrann iúir le nach mbeidh air dul in iomaíocht le plandaí eile. Is crann ailléileapatach é —scaoileann sé ceimiceáin amach a stopann plandaí ag fás thart timpeall ar an gcrann. Tugtar alcalóidigh ar na ceimicéain. Bíonn siad sna duilleoga a thiteann ón gcrann, agus úscann na fréamhacha iad isteach san ithir freisin. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Ceimiceáin Úsáid Garraíodóireacht An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is furasta do shaileacha iomadú — ní gá ach géag shailí a shá sa talamh agus déanfaidh sí crann nua in achar gearr ama. Is é an ceimiceach aigéad indole-3-butyric (IBA) is cúis leis seo, agus tá go leor de i gcoirt na saileach. Is hormón é seo a dhíoltar in ionaid gharraíodóireachta mar shubstaint spreagtha fréamhacha. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois An Fhuinseog Fraxinus excelsior Is sean-chrann í aon chrann fuinseoige atá idir 100-200 bliain d’aois agus is crann ársa í fuinseog atá os cionn 225 bliain d’aois.Tá crainn i bhforais ársa Bialowieza na Polainne atá 250-400 bliain d’aois. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Saothróg Tréithe Uasfhásmhar An tIúr Taxus baccata I lár an 18ú haois d’aimsigh feirmeoir dhá iúr óg ag fás i gContae Fhear Manach. Bhí siad difriúil ó chrainn iúir eile—bhí cruth ceartingearach orthu, i gcomparáid leis an gcruth níos leithne a bhíonn ar an iúr coiteann. Cuireadh ceann de na crainn in eastát an tiarna talún áitiúil, áit ina bhfuil sé fós ag fás. Tosaíodh ag fás gearrthóga tógtha ón gcrann an iúr Éireannach (Taxus baccata ‘fastigiata’), mar a tugadh orthu. Níl na tréithe céanna ag crainn a fhásann ó shíolta an bhunchrainn—tá siad níos cosúla leis an iúr coiteann. Mar sin is ó ghearrthóga ón mbunchrann, nó dá shliocht, a tháinig chuile iúr Éireannach sa domhain, agus is crainn bhaineanna iad gach ceann. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Tréithe Bachlóga Duilleog Bratóga An Dair Ghaelach Quercus petraea Is furasta an dair a aithint sa ngeimhreadh mar go mbíonn triopaill de bhachlóga duilleoige ar bharr na ngéag. Mar go mbíonn siad leochaileach do shioc crua, ní thagann duilleoga ar an dair go dtí deireadh Aibreáin nó tús Bealtaine. D’fhéadfadh borrfhás eile duilleog a bheith ann níos deireanaí sa samhradh. Ceaptar gur eascair an tréith seo mar chosaint ón dídhuilliú a dhéanann bratógaí níos luaithe sa samhradh. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth An Chaor Chon Viburnum opulus Is furasta an chaor chon a aithint ó na bláthanna. Is braislí de bhláthanna bána a bhíonn ar an mbláthra. Bíonn bláthanna beaga torthúla ar an taobh istigh den bhláthcheann, agus bíonn siadsan timpeallaithe ag fáinne de bhláthanna móra neamhthorthúla. Pailníonn feithidí, go háirithe míoltóga, na bláthanna. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Hibrid An Leamhán Mion Ulmus minor Ceaptar go bhfuil idir 20 agus 40 speiceas in Ulmus, géineas na leamhán, ach tá sé deacair theacht ar fhigiúr cruinn. Ní bhíonn sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir speicis éagsúla mar go bhfuil difríochtaí moirfeolaíochta idir crainn sa speiceas céanna mar gheall ar chúinsí tíreolaíochta agus timpeallachta. Le rudaí a dhéanamh níos casta, hibridíonn speicis dhifriúla de leamháin lena chéile go héasca. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth An Draighean Prunus spinosa Tagann na bláthanna bána amach ar an draighean luath san earrach, sula n-osclaíonn na duilleoga - tagann bláthanna bánbhuí ar an sceach gheal, planda a bhreathnaíonn cosúil leis an draighean, tar éis do na duilleoga oscailt. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Caitíní An Dair Ghaelach Quercus petraea Mar phlanda moinéiciach, bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann darach céanna. Is mar chaitíní glasa (5 cm ar fhad) a fhásann na bláthanna fireanna agus osclaíonn siad san earrach, sula dtagann na duilleoga amach. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Apaimiscis Atáirgeadh Hibrid An Fionncholl Coiteann Sorbus aria Tá speicis Sorbus éagsúla in ann atáirgeadh trí phróiseas ar a dtugtar apaimiscis. Ar an gcaoi seo, fásann crann síolta inmharthana gan toirchiú (pailniú) a bheith déanta ar na bláthanna roimh ré. Dá thoradh sin, is clóin den mháthairchrann iad na crainn a fhásann ó na síolta seo. Hibridíonn crainn Sorbus freisin, agus nuair a ghintear hibrid nua, is féidir leis iomadú trí apaimiscis agus pobal de chrainn nua a chruthú sa gceantar beag inar fhás an chéad hibrid. Maítear gur chóir micrispeicis, seachas speicis astu féin, a thabhairt orthu seo mar gheall nach bhfuil comhdhéanamh leathan géiniteach acu. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois An Fhearnóg Alnus glutinosa Aithnítear fearnóg atá os cionn 150 bliain mar chrann ársa (ní bhíonn an dair ársa go dtí go mbíonn sí 400 bliain d’aois). Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Toradh An Chaithne Arbutus unedo In ainneoin gur strawberry-tree atá ar an gcaithne i mBéarla, ní sútha talún a bhíonn ar an gcrann mar thorthaí, ach caora beaga. Is dath glas agus buí a bhíonn orthu ar dtús, sula dtagann dath dearg-oráiste orthu nuair a bhíonn siad aibí. Bíonn dromchla an toraidh garbh le cnaipí beaga, a bhreathnaíonn cosúil le faithní. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Fréamhacha Stoirm An Fheá Fagus sylvatica Tá an fheá leochaileach do thriomach agus do ghálaí mar nach mbíonn fréamhacha domhain ag an gcrann. Bhí sí ar cheann de na líon beag speiceas de chrainn dhuillsilteacha a d’fhulaing le linn stoirm Éowyn in Eanáir 2025. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ceimiceáin BVOC An Crann Creathach Populus tremula Astaíonn an crann creathach leibhéal suntasach de isipréin, comhdhúil orgánach so-ghalaithe (BVOC) a cheaptar go n-imríonn tionchar ar an atmaisféar. Níl tuiscint iomlán ag eolaithe ar an idirchaidreamh idir na ceimicí seo agus an aeráid, ná na himpleachtaí atá acu ar an athrú aeráide de dhéantús an duine, cé go moltar gan crainn a astaíonn leibhéil ard isipréin a chur i gceantair uirbeacha. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair Tréithe Airde An tSaileach Bhán Salix alba Tá an tsaileach bhán ar an saileach (crann sa ngéineas Salix) is mó agus is airde—fásann sí chomh hard le 25m. Níl sí dúchasach in Éirinn. Ceaptar gur núíosach í—is é sin, gur tháinig an crann ar an oileán tar éis 1550 AD. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois An tIúr Taxus baccata Tá an t-iúr ar cheann de na crainn is fadsaolaí in Éirinn. Meastar go bhfuil iúr i Loch Garman idir 800 agus 1,200 bliain d’aois agus ceaptar go bhfuil iúr Fortingall, i bPerthshire na hAlban, idir 3,000 agus 4,000 bliain d’aois. Bíonn sé deacair aois chruinn a chur ar iúir mar go loghann a gcroí-adhmad—a úsáidtear le haois crainn a mheas—nuair a éiríonn siad an-sean. Leathann craobhacha an iúr amach ón stoc agus, nuair a bhuaileann siad an talamh, fásann na géaga fréamhacha nua. Nuair a tharlaíonn sé seo, fágtar fáinne de chrainn iúir i bhfad tar éis don bhunchrann sa lár loghadh. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ráta Fáis Airde An Dair Ghaelach Quercus petraea Bíonn ráta fáis tapa ag daracha don chéad 100 nó 200 bliain, ach laghdaíonn an ráta fáis ina dhiaidh sin. Tá an dá chineál darach in ann 40m in airde a bhaint amach, ach sroicheann formhór na ndarach móra 30m in airde. Faightear daracha gaelacha beaga, íseal agus sínte, in áiteanna feannta, go háirithe ar phortaigh an iarthair, ar thalamh bhocht, agus ar chnoic. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ionrach An Róslabhras Rhododendron ponticum Ní mórán sceacha in Éirinn, seachas b’fhéidir an ghlúineach bhiorach, a dhéanann an oiread sin damáiste agus a dhéanann an róslabhras. Éiríonn go maith leis ar thalamh aigéadach in aeráid fhliuch, agus tá paistí móra den tír seo idéalach dá leithéid de phlanda. Fásann sé go tréan agus go tapa ar chréafóg aigéadach na tíre, agus tá sé anois tar éis ionradh a dhéanamh ar phortaigh agus ar mhóinteach. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois An Castán Castanea sativa Is crainn fhadsaolacha iad na castáin. Is féidir leo maireachtáil ar feadh 700 bliain, agus tá aois cuid acu ársa. Tá castán ar shliabh Etna na Sicile atá idir 2,000 agus 4,000 bliain d’aois, agus tá imlíne an stoic beagnach 59m. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth Ainmneacha An Fhiúise Fuchsia magellanica Bláthaíonn an fhiúise ar feadh tréimhse fhada—ó thús an tsamhraidh go tús an gheimhridh—agus bíonn go leor bláthanna ar an bplanda ag aon am amháin. Tugtar milíní ar na bláthanna (ach uaireanta is tagairt í seo don phlanda iomlán). Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Toradh Nimh éin An tIúr Taxus baccata Tá an-tóir ag éin—go háirithe smólaigh—ar thorthaí an iúir. Tá an chuid is mó de chodanna an iúir—adhmad, coirt, duilleoga, agus síolta—nimhneach do dhaoine agus d’ainmhithe éagsúla. Níl an t-aral dearg a thimpeallaíonn an síol nimhneach, cé go bhfuil an síol féin. Mar nach bhfuil éin in ann an síol a dhíleá, ní chuireann an nimh isteach ná amach orthu. Is ar an gcaoi seo a scaiptear na síolta. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Toradh Meas Dearcán An Dair Ghaelach Quercus petraea Is iondúil go mbíonn crann darach ar a laghad 20-40 bliain sula dtairgeann sí barr mór dearcáin, agus bíonn bliain mheasa - bliain ar leith i saolré an chrainn ina dtáirgeann sí go leor dearcán - ag an dair gach 3-7 bliain. I mblianta nach blianta measa iad, d’fhéadfaí nach mbeadh dearcán ar bith ar an dair. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe An Fionncholl Coiteann Sorbus aria Tá os cionn 200 speiceas aitheanta sa ngéineas Sorbus. Tá an oiread sin ann toisc go bhfuil na plandaí sa ngéineas in ann hibridiú go héasca lena chéile, agus mar go bhfuil cineálacha dioplóideacha (le dhá shraith crómasóm sna cealla, ceann ón dá thuismitheoir) agus polaplóideacha (le níos mó ná dhá shraith crómasóm sna cealla) sa ngéineas. Ciallaíonn sé seo go bhfuil speictream leathan de chineálacha Sorbus ag fás ar fud an domhain, le difríochtaí beaga agus móra eatarthu, agus a bhíonn aitheanta mar speicis dhifriúla ag luibheolaithe éagsúla. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Dearcán Toradh An Dair Ghaelach Quercus petraea Ní mhaireann dearcáin ach roinnt seachtainí tar éis titim mura bhfréamhaíonn siad, rud a tharlaíonn de ghnáth díreach tar éis dóibh titim. Maraíonn sioc nó triomach iad go héasca, ach bíonn tréimhse fhuar ag teastáil le linn an gheimhridh sular féidir leis na dearcáin péacadh os cionn talún san earrach ina dhiaidh. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Hibrid An Dair Ghaelach Quercus petraea Is hibrid é Quercus x rosacea idir an dair ghallda agus an dair ghaelach. Níor ceapadh go raibh sí coitianta mar go dtagann bláth ar an dair ghallda coicís sula mbláthaíonn an dair ghaelach, agus bíonn trasphailniú níos deacra dá thoradh seo. Anuas ar sin, níl cuntas maith againn ar líon na hibridí seo in Éirinn mar go bhfuil sé deacair an speiceas a aithint de bharr go bhfuil tréithe athraitheacha ag an dá thuismitheoir. Ach deir luibheolaithe anois go mb’fhéidir go bhfuil Q. x rosacea, níos coitianta ná mar a ceapadh roimhe seo. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Fosú Nítrigine An tAiteann Gallda Ulex europaeus Is planda é an t-aiteann gallda atá in oiriúint do choinníollacha nach bhfuil feiliúnach do go leor plandaí eile. Tá go leor tréithe ag an sceach a chuidíonn leis scaipeadh - tá sé in ann fás in ithir bhocht mhianrach mar go bhfaigheann sé a chuid nítrigin ón aer, fásann sé i raon leathan créafóige, tairgeann sé go leor síolta a mhaireann ar feadh tréimhse fhada sa talamh, agus athfhásann sé go tapa ó shíolta nó óna chuid rútaí tar éis é a bhaint nó tar éis loiscthe. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Deilgní Loscadh An tAiteann Gallda Ulex europaeus Fásann craobh nua ar an aiteann ón ascaill idir na duilleoga agus na deilgní. Fásann an chraobh ar feadh bliana nó mar sin, agus bíonn sé idir 30 cm agus 40 cm ar fhad, ag brath ar an speiceas aitinn. Ansin cailltear an duilleog agus an dealg a bhíonn ag bun na craoibhe, cé go bhfanann siad ar an sceach ar feadh roinnt blianta. Is mar gheall air sin a bhíonn an t-aiteann chomh tirim agus feoite taobh istigh den sceach, agus ní bhíonn ag fás ach an chuid ghlas ar an taobh amuigh den sceach. Is mar gheall air sin, freisin, a bhíonn sé chomh héasca ar an aiteann loscadh in aimsir thirim. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Airde An Fhuinseog Fraxinus excelsior Nuair a fhásann sí léi féin, déanann an fhuinseog crann mór, ard, galánta. Fásann sí go sciobtha agus tá sí in ann airde shuntasach a bhaint amach i gcoinníollacha fabhracha — ciallaíonn excelsior san ainm eolaíoch ‘ard’—agus is í go minic an crann is airde sa gceantar. Tá fuinseog i gCluain Meala, Contae Thiobraid Árann, atá 40 m ar airde agus ceaptar gurb í an crann fiáin is airde in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Ionrach Bagairt An Róslabhras Rhododendron ponticum Is obair dhaor, fhada í an ruaig a chur ar an róslabhras ón gceantar ina bhfuil sé imithe as smacht. Is furasta crainn óga a tharraingt as an talamh de láimh, ach déantar crainn níos sine a tharraingt ag úsáid innealra. Fásann sé ar ais arís má ghearrtar é, agus caithfear teacht ar ais chuig an suíomh go minic ina dhiaidh sin chun na crainn óga a phéacann ó shíolta a bhaint. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Toradh An tSaileach Reatha Salix repens Cosúil leis na saileacha go léir, is crann dé-éiciach í an tsaileach reatha. Bíonn caitíní baineanna ar sceacha baineanna, agus caitíní fireanna ar sceacha fireanna. Bíonn toradh an chrainn, a fhásann ar na crainn bhaineanna, clúdaithe le ribí gruaige bána. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Riosóim Ainmneacha An tSaileach Reatha Salix repens Scaipeann an tsaileach reatha ag úsáid riosóm, fréamhacha faoi thalamh as a bhfásann planda nua. Bíonn sé seo amhlaidh le go leor plandaí le 'reatha' san ainm Gaeilge, nó repens san ainm eolaíoch. Mar gheall ar an tréith seo, feictear an tsaileach reatha ag fás i dtomacha móra de go leor plandaí ag fás in éineacht le chéile. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Ionrach An Róslabhras Rhododendron ponticum Tá an róslabhras in ann fás faoi sholas na gréine agus faoi scáth chrainn eile, seachas crainn mhóra bhuaircíneacha. Is go mall a fhásann plandaí óga ar dtús, ar stoc amháin. Tar éis 10 mbliana éiríonn an planda ilstocach agus, má bhíonn go leor plandaí ag fás in aice le chéile, leathnaíonn siad amach go dtí go bhfuil an áit clúdaithe leo agus plúchann siad plandaí dúchasacha. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Coirt Ainmneacha An Draighean Prunus spinosa Bíonn dath liath dorcha, beagnach dubh, ar choirt an draighin, agus is as an cuma dhorcha sin sa ngeimhreadh a d’eascair an t-ainm an draighneán donn, an draighnéan dubh agus, i mBéarla, blackthorn. Bíonn an choirt tanaí freisin, agus bíonn dath oráiste le feiceáil ar an gcoirt istigh nuair a scamhann sé. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Bláth Pailniú An tAiteann Gallda Ulex europaeus Is minic go mbláthaíonn sceacha den aiteann gallda faoi dhó sa mbliain. San Earrach, bíonn go leor bláthanna oscailte ar feadh tréimhse ghearr. Is bláthú níos faide a bhíonn i gceist leis an dara tréimhse bhláthaithe sa ngeimhreadh, ach bíonn níos lú bláthanna oscailte ar an sceach. Mar go mbláthaíonn plandaí difriúla ag amanna difriúla sa dara tréimhse seo, bíonn an chosúlacht air go mbíonn bláth ar an aiteann beagnach i gcaitheamh na bliana. Ceaptar gur straitéis iomadaithe é seo. Fanann na bláthanna oscailte ar feadh tréimhse níos faide sa ngeimhreadh chun deis a thabhairt don líon beag pailneoirí a bhíonn thart na bláthanna a phailniú. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Hibrid An tSailchearnach Salix caprea Hibridíonn an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) leis an tsailchearnach go héasca, agus is minic go mbíonn tréithe atá idir eatarthu ag na hibridí seo. Is sceach nó crann beag é Salix x reichardtii (S. cinerea x S. caprea), a fhásann ar imill choillte, ar bhruacha aibhneacha agus locha, agus in áiteanna tréigthe, fad agus go mbíonn beirt de na tuismitheoirí ag fás in aice le chéile. Blúiríní an phlanda seo → Seanchas Tréithe Stoc An Fhuinseog Fraxinus excelsior Ba léir go raibh fuinseoga móra agus ársa níos fairsinge ná mar atá anois, ach chuile sheans nach raibh ceann ar bith acu chomh mór leis an bhfuinseog a bhí, luath san 19ú haois, 13 m timpeall an stoic agus a raibh scoil bheag istigh ann. De réir taifid i gClár na gCrann, bhí an crann imithe i 1910. Blúiríní an phlanda seo →